Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart - ‘‘Cúram Duinelárnach ar Ardchaighdeán’/ ‘Eispéireas othar agus úsáideoirí seirbhíse a fheabhsú”
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Reáchtáil Sláintecare an seachtú Seimineár Gréasáin - Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart - ‘‘Cúram Duinelárnach ar Ardchaighdeán/Eispéireas othar agus úsáideoirí seirbhíse a fheabhsú” ar an 4 Feabhra, 2021.
I rith an tseimineáir ghréasáin seo labhair an Dr Philip Crowley, Stiúrthóir um Fheabhas Cáilíochta, FSS, faoi Fheabhas Cáilíochta agus an tábhacht a bhaineann le tacú le seirbhísí túslíne cúram a fheabhsú.
I rith an tseimineáir ghréasáin seo pléadh scéalta a bhaineann le tionscadail atá á maoiniú ag Sláintecare a bhfuil béim á leagan acu ar fheabhas cáilíochta agus ar eispéireas an úsáideora seirbhíse a fheabhsú.
Pas Sláinte FSS do Dhaoine faoi Mhíchumas Intleachta rochtain a fháil ar Shuíomhanna Cúraim Sláinte in Éirinn (ID an Tionscadail 184) - Tá sé mar aidhm leis an tionscadal seo pas sláinte náisiúnta caighdeánaithe a bhunú do dhaoine ag a bhfuil míchumas intleachta a úsáideann seirbhísí cúraim sláinte. Díreoidh an tionscadal seo ar fhorbairt agus ar mhéadú de réir scála Phas Sláinte FSS do dhaoine i réigiún Dhún na nGall agus Shligigh/Liatroma atá faoi Mhíchumas Intleachta. Is ‘uirlis cumarsáide sábháilteachta othar’ a bheidh sa Phas Sláinte do dhaoine atá faoi Mhíchumas Intleachta ionas go mbeidh a nglór le cloisteáil agus cuirfidh sé ar chumas gairmithe cúraim sláinte athruithe réasúnacha a dhéanamh ar mhaithe lena sábháilteacht, cúram sláinte agus folláine. Is é cuspóir níos leithne an tionscnaimh seo go mbeidh úsáid á baint ag FSS as Pas Sláinte FSS mar uirlis cumarsáide sábháilteachta othar le haghaidh na riachtanas sláinte agus cúraim shóisialta ar fad - Niamh Walsh, Taighdeoir PhD, NMPDU an Iarthuaiscirt
Comhordaitheoir Téarnaimh Mheabhairshláinte um Maireachtáil sa Phobal (ID an Tionscadail 23) - Mar chuid den tionscadal seo forbrófar Clár Piarmheantóireachta a thairgeann oiliúint do thionóntaí agus do chliaint i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath a bhfuil fadhbanna tromchúiseacha agus seasmhacha meabhairshláinte acu. Spreagfaidh sé téarnamh suntasach agus leanúnach i dteach an chliaint (agus is é HAIL an tiarna talún i gcásanna áirithe), agus glactar le freagracht phearsanta as pleanáil don todhchaí agus bainistíocht tinnis agus baintear úsáid as Idirghabhálacha Piarmheantóireachta sonraithe. - Naoise Cunningham, Comhordaitheoir Téarnaimh Mheabhairshláinte um Maireachtáil sa Phobal, An Cumann Tithíochta le haghaidh Maireachtáil Chomhtháite
Cúram Príomhúil Sláinte Ionchuimsithe: Obair sholúbtha ar mhaithe le torthaí sláinte níos fearr (ID an Tionscadail 322) - Tá sé mar aidhm leis an tionscadal seo cúram príomhúil cohórt sonrach úsáideoirí seirbhísí cóiríochta do dhaoine gan dídean a fheabhsú trí chur chuige bunaithe ar chomhoibriú agus clinicí for-rochtana atá á gcur ar fáil ag dochtúir teaghlaigh atá ag obair i gCleachtas Ginearálta príomhshrutha ag a bhfuil tacaíocht altranais bhreise ó sholáthraí na cóiríochta do dhaoine gan dídean. - An Dr Tadg Lehane, Dochtúir Teaghlaigh, Ionad Cúraim Phríomhúil Chúirt San Tomás
Is fearr cosc ná leigheas – Tionscadail Pobail na Máithreacha (Project ID 338) - Tá sé mar aidhm leis an tionscadal seo samhail chaighdeánaithe a fhorbairt do sholáthar agus tacar sonraí coiteann a chruthú a sholáthróidh eolas don athbhreithniú inmheánach leanúnach do Chlár Pobail na Máithreacha. Is clár cuartaíochta baile é seo atá á chur ar fáil i ndeich bpobal, ag soláthar tacaíochta do thuismitheoirí atá ag súil le leanbh agus cúram luathóige chun aire a thabhairt dá naíonáin agus dá leanaí óga agus ag an am céanna cabhrú leo aire a thabhairt dá sláinte agus dá bhfolláine féin -
Susan Brocklesby, Comhordaitheoir an Tionscadail, Clár Pobail an Máithreacha
Ba é seo an seachtú seimineár gréasáin i sraith seimineár gréasáin atá á reáchtáil ag Sláintecare i gcomhpháirt le FSS agus IFIC Éireann.