Foghlaim scileanna nua nó téigh faoi athoiliúint
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é sraith clár oiliúna agus uasoiliúna saor in aisce Skills Connect lena bhféadfadh socrúcháin oibre in earnáil na tionsclaíochta a bheith san áireamh chun tacú le daoine a bhfuil a bpoist caillte acu. Is féidir leat scileanna nua nó breise a fhoghlaim a chuideoidh leat ról nua san earnáil a raibh tú inti a fháil nó ról nua in earnáil nua a aimsiú.
Le Breisoideachas agus Oiliúint (FET), cuirtear éagsúlacht leathan de chúrsaí foghlama ar feadh an tsaoil ar fáil agus roghanna foghlama lánaimseartha, páirtaimseartha, ar líne agus foghlama cumaisc i gceist leo. Áirítear printíseachtaí, cúrsaí oiliúna, cúrsaí iar-Ardteistiméireachta (PLC), oideachas pobail agus oideachas d’aosaigh mar aon le príomhsheirbhísí litearthachta agus uimhearthachta le FET. Cuirtear cúrsaí agus cláir FET ar fáil trí líonra na mBord Oideachais agus Oiliúna ar fud na tíre agus trí sholáthraithe áitiúla eile freisin agus eCollege ar líne SOLAS san áireamh. Cuirtear cúrsaí FET ar fáil ar leibhéal a haon go leibhéal a sé ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ).
Le FET cuirtear roinnt clár ar fáil dóibh siúd ar mian leo dul faoi athoiliúint nó scileanna nua a fhoghlaim lena n-áirítear:
Mar aon le roinnt clár eile ar feadh raon de réimsí scileanna.
Le Scileanna chun Dul in Iomaíocht cuirtear deiseanna athoiliúna agus chun scileanna nua a fhoghlaim ar fáil saor in aisce do dhaoine a bhfuil a bpoist caillte acu nó do dhaoine ar mian leo scileanna nua a fhoghlaim. Dírítear na cúrsaí sin ar infhostaitheacht agus ar chumas an duine a fheabhsú chun dul in iomaíocht le haghaidh deiseanna fostaíochta.
Le Scileanna chun Dul Chun Cinn soláthraítear deiseanna uasoiliúna agus chun scileanna nua a fhoghlaim d’fhostaithe i bpoist atá ag athrú agus dóibh siúd atá fostaithe faoi láthair in earnálacha leochaileacha. Tá sé mar aidhm aige fostaithe na scileanna a thabhairt d’fhostaithe chun dul chun cinn ina bpoist reatha, nó chun buntáiste a bhaint as deiseanna nua fostaíochta.
Is clár náisiúnta Scileanna le haghaidh Oibre chun cuidiú le fostaithe déileáil le héilimh scileanna san áit oibre. Maireann na cláir 35 uair an chloig agus iad deartha ar shlí sholúbtha chun freastal ar do riachtanais féin agus ar riachtanais an fhostóra.
Le tionscnamh uasoiliúna Springboard+ san ardoideachas cuirtear cúrsaí saor in aisce agus cúrsaí fóirdheonaithe ar fáil ar leibhéal deimhnithe, céime, agus máistreachta agus cáilíochtaí ina dtoradh orthu lena mbaineann deiseanna fostaíochta sa gheilleagar.
Tá níos mó ná 10,000 áit ar fáil le haghaidh 2021 ar leibhéal deimhnithe, céime agus iarchéime.
Is cúrsaí páirtaimseartha iad mórchuid na gcúrsaí a mhaireann 12 mhí mar uastréimhse agus tá siad ar oscailt d’iarratasóirí uile; Daoine Fostaithe, Daoine Dífhostaithe agus Daoine ag Filleadh chun na hOibre a chomhlíonann na critéir cháilitheachta nuair a thosaíonn an cúrsa.
Is féidir leat níos mó a fháil amach ag springboardcourses.ie .
Tríd an Tionscnamh um Chaipiteal Daonna (HCI) san ardoideachas cuirtear cúrsaí tiontaithe iarchéime fóirdheonaithe agus saor in aisce ar fáil ar Leibhéal 8 agus ar Leibhéal 9 i gcláir atá dírithe ar scileanna atá deartha chun riachtanais scileanna tosaíochta a chomhlíonadh.
Tá níos mó ná 1,100 áit ar fáil ar leibhéal tiontaithe 8 agus ar leibhéal tiontaithe 9 in 2021.
Is cúrsaí lánaimseartha iad na cúrsaí sin a mhaireann 18 mhí mar uastréimhse agus tá siad ar oscailt d’iarratasóirí uile; Daoine Fostaithe, Daoine Dífhostaithe, céimithe nua agus Daoine ag Filleadh chun na hOibre a chomhlíonann na critéir cháilitheachta nuair a thosaíonn an cúrsa.
Is féidir leat níos mó a fháil amach ag springboardcourses.ie .
Chomh maith leis na cláir atá sonraithe thuas, tá cláir ar fáil i mBreisoideachas agus Oiliúint i ngach pobal in Éirinn, agus cuirtear conair ar fáil leo do gach duine aonair, is cuma faoina leibhéal oideachais roimh ré, chun iad a thabhairt ar aghaidh chuig an leibhéal a theastaíonn uathu. Cuirtear deiseanna sármhaithe ar fáil leo freisin chun daoine a ligean dul isteach i ngairmeacha beatha agus i ngairmeacha iontacha agus spéisiúla, nó ardán d’fhonn na scileanna a fhorbairt lena ligtear do dhuine déanamh go maith má théann siad ar aghaidh chun staidéar a dhéanamh san ardoideachas.
Agus é ag freastal ar thart ar 200,000 foghlaimeoir gach bliain, soláthraíonn FET deiseanna foghlama ó Leibhéal 1 go Leibhéal 6 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ).
Is cuma más fágálaí scoile tú atá ag smaoineamh ar na chéad chéimeanna eile ar Chúrsa iar-Ardteistiméireachta nó ar Chúrsa Oiliúna, nó más duine tú atá ag iarraidh scileanna nua a fháil trí chúrsa ar líne nó cúrsa tráthnóna, nó má tá tú ag smaoineamh ar fhilleadh chun an oideachais, tá raon roghanna ag FET atá oiriúnach duit. Tá na cúrsaí sin maoinithe ag an Rialtas agus tá siad saor in aisce.
Léigh níos mó faoi Bhreisoideachas agus Oiliúint agus cuardaigh cúrsaí i do cheantar féin ag thisisfet.ie .
Tá rud beag níos lú ná 30,000 áit ar chúrsaí iar-Ardteistiméireachta (PLC) ar fáil gach bliain, chomh maith le raon de phrintíseachtaí agus de chúrsaí oiliúna, ar fud gach contae sa Stát.
Deartar cúrsaí PLC chun staidéar praiticiúil agus acadúil a chuimsiú le taithí oibre. D’fhéadfadh fostaíocht a bheith ina toradh ar an gcáilíocht ach is féidir í a úsáid freisin mar thús maith maidir le breisoideachas agus oiliúint. De ghnáth tosaíonn cúrsaí i mí Mheán Fómhair gach bliain.
Cuirtear cúrsaí ar fáil i raon leathan ábhar amhail:
Is cúrsa difriúil bheidh i ngach cúrsa PLC. D’fhéadfadh riachtanais leibhéil oideachais, próisis agallaimh nó taithí roimh ré a bheith i gceist le roinnt acu, mar shampla.
Tá na riachtanais maidir le gach cúrsa ar leith leagtha amach sa liosta cúrsaí ar fetchcourses.ie nó tá siad ar fáil ón gcoláiste ábhartha.
Is féidir leat cúrsaí a chuardach agus iarratas a chur isteach orthu trí fetchcourses.ie nó tabhair cuairt ar shuíomh gréasán an Choláiste Breisoideachais agus Oiliúna ina bhfuil an cúrsa ar siúl.
Cuireann an Tionscnamh um Fhilleadh ar Oideachas (TFO) cláir oideachais pháirtaimseartha ar fáil do dhaoine óga agus d’aosaigh. Tá sé mar aidhm aige deis a thabhairt do rannpháirtithe filleadh ar an oideachas chomh maith le freagrachtaí teaghlaigh, oibre agus eile a ghlacadh ag an am céanna.