Gníomhú ar son na hAeráide: An méid atá á dhéanamh ag an Rialtas
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugtar achoimre ar na gníomhartha atá á ndéanamh ag Éirinn chun dul i ngleic leis an athrú aeráide ar an leathanach seo.
Caithfidh Éire a gealltanais ó thaobh dul i ngleic le suaitheadh aeráide a ghéarú go suntasach. D’fhonn ár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus ár spriocanna a bhaint amach, tá gealltanais éagsúla tugtha ag Éirinn ar feadh na n-earnálacha agus na Ranna uile. Tá mionsonraí faoi na gealltanais sin leagtha amach sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2019.
Mar shampla: An úsáid a mbainimid as breoslaí iontaise atá díobhálach don chomhshaol a laghdú, an líon feithiclí leictreacha ar bhóithre na hÉireann a ardú, agus ár bhfoirgneamh a dhéanamh níos tíosaí ar fhuinneamh.
Déantar tiomantas an Rialtais i leith na spriocanna arna leagan amach sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide a athdhearbhú i gClár an Rialtais 2020. Leagtar amach ann an tslí a bhféadfaí an sprioc uaillmhianach de laghdú 7% ar astaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa a bhaint amach faoin mbliain 2030, agus geilleagar ina bhfuil glan-astaíochtaí nialais a bhaint amach faoin mbliain 2050.
Tá dréacht-théacs an Bhille nua um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) foilsithe. Ba ghealltanas é sin i gClár an Rialtais. Leagtar amach ann ár spriocanna i leith na haeráide sa Bhille agus cur chuige nua maidir le gníomhú ar son na haeráide. Socraítear buiséid charbóin agus neartaítear An Grúpa Comhairleach maidir leis an Troid i gCoinne an Athraithe Aeráide.
Is é an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2019 d’Éirinn an treochlár atá againn maidir lenár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide. Déanfar é a nuashonrú gach bliain. Ach an Plean a chur i bhfeidhm, cabhrófar linn ár ngealltanais aeráide foriomlána don bhliain 2030 a bhaint amach agus cuirfear ar an mbealach ceart sinn chun glan-astaíochtaí nialais a bhaint amach faoin mbliain 2050. Déanfar é a nuashonrú gach bliain agus tugtar tuairisc ina leith gach ráithe , chun sinn a choimeád ar an mbóthar ceart chun ár n-aidhmeanna agus ár spriocanna a bhaint amach.
Tá achoimre ar 183 Ghníomh sa Phlean, thar na hearnálacha uile, agus tugtar freagrachtaí agus amlínte soiléire maidir leis na gníomhartha a thabhairt chun críche. Tá na gníomhartha briste síos ina 618 gcéim nó beart chun na Gníomhartha a bhaint amach.
Mar shampla: Tá sprioc leagtha síos ag an Rialtas maidir le 500,000 áras cónaithe atá ann cheana féin a iarfheistiú go mbainfidh siad ar a laghad Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (RFF) B2 amach faoin mbliain 2030. D’fhonn an sprioc sin a bhaint amach áfach, ní mór dúinn a chinntiú ar dtús go bhfuil na scileanna cearta chun sin a dhéanamh ar fáil in Éirinn. Dá bharr sin, is sprioc níos gearrthéarmaí é oibriú le saoráidí oideachais agus oiliúna chun scileanna breise a thabhairt d’oibrithe foirgníochta.
Tá faisnéis faoin dul chun cinn foriomlán atá déanta ag Éirinn go dtí seo ar an Deais um ghníomhú ar son na haeráide agus sna tuarascálacha ar an dul chun cinn.
Foilsíodh Tuarascálacha ar an Dul Chun Cinn do R4 2019, R1 2020 agus R2 2020 agus tá monatóireacht ráithiúil ar an dul chun cinn fós á déanamh. Léirítear sna Tuarascálacha ar an Dul Chun Cinn go bhfuil 77% de na gníomhartha a bhí le déanamh faoi R2 2020 tugtha chun críche.
Cliceáil ar na naisc thíos lena fháil amach céard atá á dhéanamh ag Éirinn sna réimsí Iompar, Dramhaíl, Fuinneamh agus Leictreachas, Éifeachtúlacht Fuinnimh, agus go leor eile.
Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhleathanach maidir le gníomhú ar son na haeráide.