Ráiteas ón Aire Martin i ndiaidh an chruinnithe Rialtais ar an 4 Iúil 2023
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhí na céad focail a dúradh ar Theilifís Éireann seasca trí bliain ó shin faoin chumas a bhí ag an tseirbhís nua an mhaith agus an fhírinne a chur chun tosaí, agus brí agus féinmhuinín a chothú i muintir na hÉireann. Ón am sin ar aghaidh, tá an cumas sin léirithe ag craoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn i mbarr a maitheasa.
Tá spás poiblí cruthaithe ag RTÉ inar féidir le muintir na hÉireann labhairt faoina chéile agus lena chéile – inar féidir leo labhairt faoin mhaith inár sochaí agus faoin fhírinne, fiú nuair a bhí sé sin míchompordach agus dúshlánach. I dtréimhsí toghchán, in aimsir na paindéime, sna hamanna nuair a bhí na hathruithe agus na dúshláin is tábhachtaí ag tarlú in Éirinn, tá fóram poiblí curtha ar fáil ag an tseirbhís seo ina bhfuil guthanna éagsúla ábalta labhairt agus a bheith le cloisteáil.
Tá spás curtha ar fáil ag RTÉ a bhfuil an mhuinín atá cruthaithe ag foirne na gcraoltóirí seirbhíse poiblí ó ghlúin go glúin mar bhunchloch aige, agus ní muinín í atá idir chraoltóir agus a lucht féachana amháin, ach idir institiúid náisiúnta agus muintir na tíre seo. Ní féidir an mhuinín seo a chothú ach amháin má bhíonn leas an phobail in uachtar ar leas an duine aonair, agus má léiríonn craoltóirí seirbhíse poiblí go bhfuil siad ‘de ghné seirbhíse poiblí’ i ndáiríre, mar a leagtar amach agus mar atá de dhualgas orthu faoinár reachtaíocht Chraolacháin.
Sin an fáth a bhfuil an méid a tháinig amach le beagnach coicís anuas chomh coscrach sin – masla atá ann do gach rud atá craoltóireacht seirbhíse poiblí in ainm a bheith ag seasamh ar a son. Nuair nár chloí siad leis na caighdeáin atá riachtanach do chraoltóir seirbhíse poiblí, chaill RTÉ muinín na ndaoine agus muinín a bhfoirne féin. Is orainne mar Rialtais atá sé an mhuinín sin a fhorbairt arís.
Tá an chraoltóireacht seirbhíse poiblí i bhfad róthábhachtach dár ndaonlathas, dár gcultúr agus dár sochaí, agus mar sin tá RTÉ róthábhachtach le go gclisfeadh air. Caithfear an mhuinín a thabhairt ar ais. Caithfidh RTÉ na luachanna agus na hidéil ar a bunaíodh é a thabhairt ar ais. Ní féidir é seo a bhaint amach ach trí iniúchadh fairsing cuimsitheach ar na bunchúiseanna a bhí leis na teipeanna in RTÉ, iniúchadh a leagann amach bealach chun cinnte a dhéanamh nach dtarlaíonn siad arís.
Mar sin, tar éis an chomhaontú a tháinig mé féin agus mo chomhghleacaithe Rialtais air maidin inniu, tá mé ag foilsiú na dtéarmaí tagartha d’iniúchadh neamhspléach ar RTÉ, agus ceapachán dhá Choiste Chomhairleacha Saineolaithe, comhdhéanta de saineolaithe ar a réimse, chun maoirseacht a dhéanamh ar an dá ghné den iniúchadh seo. Tacófar leis an iniúchadh le comhlachtaí seirbhísí proifisiúnta a bheidh á bhfostú ag mo Roinn.
Braitheann rath eagraíochta seirbhíse poiblí ar bith ar chreat rialachais chorparáidigh láidir agus cultúr oscailte, trédhearcach agus freagrach. Tá sé feicthe againn cad a tharlaíonn gan iad. Déanfaidh an chéad athbhreithniú iniúchadh agus moltaí ar na bearta ar gá leo chun struchtúir rialachais níos láidre a chur ar bun agus chun an cultúr eagraíochtúil in RTÉ a athchóiriú. Déanfaidh an tOllamh Niamh Brennan, an Dr Margaret Cullen, agus tríú duine a bheidh ceaptha sna laethanta romhainn, maoirseacht ar an athbhreithniú seo.
Déanfaidh an dara athbhreithniú iniúchadh ar an bhealach a fhostaítear conraitheoirí RTÉ seachtracha, na táillí a íoctar leo, agus roinnt ceisteanna AD tábhachtacha, le béim ar leith ar chomhionannas inscne, éagsúlacht agus ionchuimsiú, agus ceisteanna a luaigh comhlachtaí ionadaíochta fhoireann RTÉ liomsa san áireamh. Déanfaidh Brendan McGinty, Patricia King, agus tríú duine a bheidh ceaptha sna laethanta romhainn, maoirseacht ar an athbhreithniú seo.
Tá mé ag súil go bhfaighidh mé an tuairisc dheiridh taobh istigh de sé mhí ó thús an iniúchta, agus cuirfear tuairiscí eatramhacha faoi mo bhráid mar is gá.
Ba cheart dom a rá fosta, mar go bhfuil Coistí Oireachtais i mbun a mbreithnithe féin, go ndéanfaidh mé, más gá, leathnú ar théarmaí tagartha an iniúchta chun nochtaí ar bith eile ó na Coistí sin nó ó thuairiscí de chuid Grant Thornton a thabhairt san áireamh.
Agróidh mé mo chumhachtaí faoi alt 109(7)(a) an Achta Chraolacháin chun cuntasóir fóiréinseach a
cheapadh chun iniúchadh a dhéanamh ar na leabhair nó taifid eile cuntais de chuid RTÉ maidir le haon bhliain airgeadais nó tréimhse de chineál eile. Díreoidh sé seo ar dtús ar an chuntas bhabhtála agus tabharfaidh sé aghaidh ar aon chuntas eile nach raibh le feiceáil ar chláir chomhardaithe.
Ar an Aoine, tá sé i gceist agam buaileadh leis an Ard-Stiúrthóir nuacheaptha agus le Cathaoirleach Bhord RTÉ chun plé a dhéanamh ar conas a chomhoibreoidh RTÉ le hullmhúcháin athbhreithnithe agus na céad chéimeanna a bheidh á nglacadh acu ina dtaobhsan.
Nuair a chailltear muinín ar an bhealach seo, tá gníomh cinntitheach ag teastáil. Tá RTÉ róthábhachtach dár náisiún chun seasamh i leataobh. Cuirfidh na bearta atá fógartha agam inniu tús leis an phróiseas chun muinín in RTÉ a fhorbairt arís agus chun cinnte a dhéanamh, arís ar ais, go bhfuil sé ‘de ghné seirbhíse poiblí’. Tá mé cinnte go mbeidh rath air má thaispeánann gach duine a bhfuil baint acu leis an dúthracht i leith na fírinne atá le fáil i gcraoltóireacht seirbhíse poiblí i mbarr a maitheasa.