Foilsíonn an tAire Donnelly Tuarascáil Bhliantúil 2020 de chuid an Bhinse um CervicalCheck
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, Tuarascáil Bhliantúil 2020 de chuid an Bhinse um CervicalCheck.
Bunaíodh an Binse um CervicalCheck an 27 Deireadh Fómhair 2020 faoin Acht fán mBinse um CervicalCheck 2019. Cuireadh bunú an bhinse i gcrích nuair a ceapadh na comhaltaí ainmnithe chuig an mBinse le héifeacht ón 1 Nollaig 2020.
Cuireann Alt 35 den Acht fán mBinse um CervicalCheck 2019 ceanglas ar an mBinse um CervicalCheck tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Aire Sláinte tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh gach bliain airgeadais. Foráiltear leis an Acht freisin go gcuirfidh an Binse sonraí faoina chuntais san áireamh ina thuarasáil bhliantúil, agus go bhféadfaidh an tAire an tuarascáil a fhoilsiú de réir mar is cuí leis nó léi.
Fágann an tuarascáil mar a foilsíodh í dhá chuid ar lár a chuir an Binse isteach; sonraí na gcuntas soláthartha ag an mBinse mar Aguisín, agus an t-athbhreithniú ar éilimh i gCuid 6.
Rinne an Roinn achoimre ar shonraí na gcuntas soláthartha ag an mBinse sa nóta faoi iamh a chuimsíonn freisin an seasamh maidir le héilimh a fuarthas amhail Deireadh Fómhair 2021.