Ardteistiméireacht 2020: Freagraí ar do chuid Ceisteanna - Deireadh Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Uasdátú deireanach ar an 3 Deireadh Fómhair 2020
Agus í ag scaoileadh an ráiteas seo ghabh an tAire leithscéal arís leis na scoláirí as ucht na n-earráidí a rinneadh i bpróiseas na nGrád Ríofa.
Tá preas ráiteas na Roinne maidir le ráiteas an Aire níos luaithe ar an 30 Meán Fómhair ar fáil le léamh anseo
Fuair 6,100 scoláirí Ardteistiméireachta a fuair gráid ríofa níos airde téacstheachtaireacht agus ríomhphost ag deimhniú seo agus ag moladh dóibh logáil isteach ar Thairseach na nGrád Ríofa do Scoláirí ón 6.pm. ar an 3 Deireadh Fómhair chun a gcuid torthaí nua a fheiceáil.
Is féidir rochtain a fháil ar Thairseach na nGrád Ríofa do Scoláirí anseo.
Is féidir le scoláirí a raibh tionchar aige seo orthu cóip nua dá dtorthaí sealadacha a phríontáil amach in áit an ceann a fuair siad ar an 7 Meán Fómhair.
Gheobhaidh scoláirí nach raibh aon athrú ar a ngrád téacstheachtaireacht á chur seo in iúl dóibh. Fanfaidh a gcuid grád gan athrú. Ní gheobhaidh aon scoláire grád níos ísle mar thoradh ar an bpróiseas seo.
Ar an 30 Meán Fómhair, fuair an Roinn Oideachais agus Scileanna dhá earráid sa chódúchán ar baineadh úsáid as i bpróiseas na nGrád Ríofa Ardteistiméireachta 2020. Chiallaigh sé seo gur eisíodh gráid mhíchearta do roinnt scoláirí nuair a fuaireadar a gcuid torthaí ar an 7 Meán Fómhair.
Nuair a fuarathas na hearráidí seo, rinne an Roinn teagmháil le tríú pháirtí neamhspleách, Seirbhís Tástála Oideachais (ETS) lonnaithe sa Stáit Aontaithe, chun saintuairim neamhspleách a thabhairt ar an gcódúchán. Fuarathas an tuairisc seo ar an 3 Deireadh Fómhair. D’aithin an tuairisc dhá fhadhb, bhain an chéad cheann le hearráid a bhain leis an tslí inar lámhseáil cásanna áit nach ndearna scoláirí gach ceann den trí chroí ábhar (Gaeilge, Béarla agus Mata) ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh. Bhain an dara fhadhb leis an algartam ar baineadh úsáid as sa phróiseas caighdeánaithe agus an tslí inar phléigh siad le marcanna scoláirí ag an dá fhoirceann de scála na marcanna. Dhearbhaigh ETS áfach, nach raibh morán tionchair dáiríre ag an dara cheist ar thorthaí.
Tá an dá earráid a aithníodh réitithe anois agus rinneadh athrith ar tharchar iomlán de shonraí scoláirí sa tsamhail cheartaithe.
Is é toradh an cheartúcháin seo ná go bhfuil roinnt scoláirí ag fáil Gráid Ríofa níos airde in ábhar amháin nó níos mó ná na torthaí a fuair siad ar an 7 Meán Fómhair.
Mar thoradh air seo:
Anuas ar na scoláirí a fuair gráid níos ísle ná mar ba cheart in Ardteistiméireacht na bliana seo, fuair roinnt scoláirí grád níos airde.
Ní bheidh athrú i gceist dóibh siúd ar aon bhealach. Seasann a ngrádanna.
Tabharfar an grád ceart dóibh siúd a raibh íslú déanta ar ghrád dá gcuid.
Cuirfear téacstheachtaireacht agus ríomhphost chuig na scoláirí go léir a mbeidh grád níos fearr á fháil acu á dheimhniú seo dóibh agus ag moladh dóibh logáil isteach ar Thairseach na nGrád Ríofa do Scoláirí ón 6.00 pm ar an 3 Deireadh Fómhair chun rochtain a fháil ar a gcuid torthaí nua agus chun ráiteas torthaí nua a phriontáil amach a bheidh in áit a gcéad ráitis. Cuirfear téacstheachtaireacht chuig scoláirí nár athraíodh a gcuid grád á chur seo in iúl dóibh. Ní fheicfidh siad aon athrú ar a gcuid Grád Ríofa má logáileann siad isteach ar an tairseach. Ní gheobhaidh aon scoláire grád níos ísle mar thoradh ar an bpróiseas seo.
Chomh maith leis na scoláirí a fuair grád níos ísle ná mar ba cheart dóibh a fháil in Ardteistiméireacht na bliana seo, fuair roinnt scoláirí grád níos airde.
Ní chuirfear isteach orthu seo ar bhealach ar bith. Seasfaidh na gráid. Ní gheobhaidh scoláirí ach gráid níos fearr de bharr na n-earráidí seo.
Chuir an Roinn cód torthaí ceartaithe chuig an Lár Oifig Iontrála a dhéanfaidh measúnú air d’fhonn a dhéanamh amach cé atá i dteideal tairisceana nua CAO.
Gheobhaidh aon scoláire a bhí i dteideal tairisceana difriúil i mbabhtaí CAO roimhe seo, dá mba rud é go raibh an grád ceart faighte acu ar an 7 Meán Fómhair, an tairiscint seo nó tairiscint iarchurtha a luaithe agus is féidir i ndiaidh uasdátú na dtorthaí.
Beidh an Roinn Breis Oideachais, Ardoideachais, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht ag obair leis an CAO agus na hinstitiúidí ardoideachais d’fhonn a dheimhniú conas is fearr cabhrú leis na scoláirí seo an cúrsa a bheadh tairiscint faighte acu air, faoi chúinsí éagsúla, i mbabhta níos luaithe, a thosú.
Ar an 30 Meán Fómhair, d’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna gur aithníodh dhá earráid I bpróiseas na nGrád Ríofa Ardteistiméireachta 2020.
Rinne an Roinn teagmháil ansin leis an tSeirbhís Tástála Oideachais (ETS) chun athbheithniú a dhéanamh ar an gcód do chóras na nGrád Ríofa. San athbhreithniú sin d’aithín an ETS dhá fhadhb agus an tríú earráid maidir leis an gcód.
Bhí baint ag an trí earraid leis an tslí inar chaith córas códúcháin na Grád Ríofa leis na sonraí ón tSraith Shóisearach.
Ba í an chéad earráid ná earráid I líne amháin cóid a ríomhchláraigh comhairleoir seachtrach na Roinne, Polymetrika International Inc. Chuaigh an earráid seo i bhfeidhm ar an mbealach a cuireadh torthaí Theastas Sóisearach na scoláirí san áireamh sa phróiseas caighdéanaighe náisiúnta.
Bhí sé i gceist go gcuirfí na torthaí sa Ghaeilge, Béarla agus Mata ón Teastas Sóisearach san áireamh san sonraí ar baneadh úsáid astu ag an bpróiseas caighdeánaithe náisiúnta, chomh maith leis na torthaí is fearr a bhí ag scoláirí in dá ábhar eile. Bhí sé i gceist na torthaí seo a mheas ag leibhéal ranga comhbhailithe.
Chiallaigh an earráid seo go raibh na torthaí sa Ghaeilge, Béarla agus Mata curtha le chéile leis na torthaí is laige a bhí ag scoláirí in dá ábhar eile chun an ghnóthachtáil foriomlán ranga a dheimhniú.
Ba í an dara hearráid ná gur baineadh úsáid as torthaí iarrthóirí san ábhar Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil (OSSP) mar chuid de na sonraí ar baineadh úsáid as sa phróiseas caighdeánaithe náisiúnta. Bhí seo mícheart, toisc nárbh cheart an t-ábhar seo a chur san áireamh sna sonraí ar baineadh úsáid astu don tsamhail seo, ag teacht le dearadh phróisis na nGrád Ríofa.
Baineann an tríú héarráid, aitheanta ag ETS, le cásanna áit nach ndearna scoláirí gach ceann de na trí chroí-ábhair (Gaeilge, Béarla agus Mata) ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh. Sna cásanna seo bhí an córas in ainm is úsáid a bhaint as an scór méanach náisiúnta sa Teastas Shóisearach don ghrúpa scoláirí a rinne an Ardteistiméireacht sna blianta 2017, 2018, 2019 agus 2020. In áit sin, ghlac an córas leis an gcéad ábhar eile is fearr de chuid an scoláire le cur san áireamh sa ríomh ghrúpa.
Tá an trí earráid seo ceartaithe anois agus rinneadh an tarchar iomlán sonraí scoláirí a athrithe sa tsamhail cheartaithe.
Níor baineadh úsáid as do chuid torthaí scrúdaithe sa Teastas Sóisearach, is cuma an ndearna tú an Teastas Sóisearach sa chéad áit, chun do Ghráid Ríofa féin a mheas. Ina áit sin, baineadh úsáid as na torthaí foriomlána sa Teastas Sóisearach do rang-ghrúpa, toisc go soláthraíonn na sonraí comhbhailithe seo bealach maith chun gnóthachtáil rang ghrúpa a mheas san Ardteistiméireacht.
Chomh maith leis na gníomhaíochtaí athbhreithnithe a rinne an Roinn agus Polymetrica, rinne an Roinn conradh le ETS, Seirhbís Tástála Oideachais,an eagraíocht sheachbhrabúsach dhomhanda tosaigh, lonnaithe sna Stáit Aontaithe agus a bhfuil saineolas ar leith aici i dtomhais oideachais, chun athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar an gcódúchán do shamhail na nGrád Ríofa.
Tá an t-athbhreithniú críochnaithe ag ETS agus thug a tuairisc don Roinn ar an 3 Deireadh Fómhair.
Foilsíodh an tuairisc ó ETS ar shuíomh na Roinne anseo.
Leanfaidh próiseas na n-achomharc mar is gnáth, is cuma an bhfuair tú grád níos fearr i ndiaidh cheartú na n-earráidí nó nach bhfuair. Tarlóidh seo toisc gur próiseas teicniúil atá i gceist le próiseas na n-achomharc, dírithe ar earráidí a aithint i dtarchur agus próiseáil sonraí scoláirí tríd an bpróiseas.
Dúnadh an próiseas iarratais le haghaidh athchomharc ar an gCéadaoin 16 Meán Fómhair.
Déanfar gach iarracht achomhairc a phróiseáil chomh tapa agus is féidir ach níl sé indéanta ag an am seo dáta cinnte a thabhairt le haghaidh eisiúint thorthaí na n-achomharc.
Ní féidir toradh brostaithe a chur ar fáil d’aon scoláire nó grúpa scoláirí. Déanfar na hachomhairc go léir a phróiseáil agus scaoilfear na torthaí ag an am céanna le cothromaíocht agus cothrom na féinne a chinntiú do chách.
Más rud é gur cuireadh in iúl duit go bhfuair tú uasghrádú in ábha(i)r mar thoradh na n-earráidí agus má chreideann tú go mbeadh sé tar éis difríocht mór a dhéanamh do d’iarratas ba cheart duit sa chéad áit teagmháil a dhéanamh leis an institiúid ard oideachais a chuir tú isteach ar áit ann.
Más gá, ina dhiaidh sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Roinn trí ríomhphost a chur chuig lc2020@education.gov.ie .
Rinneadh tairiscintí CAO babhta 3 ag a 5.00pm ar an Déardaoin 1 Deireadh Fómhair. D’fhéadfadh scoláirí a fuair tairiscint i mbabhta 3 agus a ghlacann leis, tairiscint níos fearr a fháil má tá tionchair ag na hearráidí ar a gcuid grád.
Beidh Líne Chabhrach na nGrád Ríofa de chuid na Roinne Oideachais ar fáil ag (01) 889 2199 agus tá sé oscailte ó 11.00 am go dtí 7.00 pm ar an Satharn 3 Deireadh Fómhair agus ó 11.00 am go dtí 4.00 pm ar an Domhnach 4 Deireadh Fómhair.
Is féidir fiosruithe a sheoladh chuig lc2020@education.gov.ie freisin.
Chomh maith leis sin, athosclófar Líne Chabhrach de chuid Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí ag 1800 265 165 ar an Luan 5 Deireadh Fómhar ag a 11.00 am.
Tá na scrúduithe Ardteistiméireachta a cuireadh ar atráth le tosú anois ar an Luan 16 Samhain. Bhí an clárúchán le haghaidh scrúduithe Ardteistiméireachta ar oscailt go dtí 5pm ar an gCéadaoin 07 Deireadh Fómhair.
An t-eolas is déanaí 7 Mí Meán Fomhair 2020
Is féidir leat torthaí do Ghráid Ríofa a fheiceáil ar líne anois agus do ‘Ráiteas Thorthaí Sealadacha na nGrád Ríofa le haghaidh Ardteistiméireacht 2020’ a íoslódáil agus a phriontáil. Seo an t-aon slí le cóip chrua a fháil de do Ghráid Ríoga. Ní eiseofar Ráitis fhoirmiúla ar Thorthaí Sealadacha do na scoileanna i mbliana.
Más dalta Ardteistiméireachta Feidhmí thú, is féidir leat féachaint anois ar do ‘Ráiteas ar na Torthaí Sealadacha’ ar líne, ina bhfeicfidh tú na creidiúintí atá faighte agat. Fuair do scoil ‘Tuarascáil ar Chreidiúintí agus Ráiteas ar na Torthaí Sealadacha’ maidir leat agus cloisfidh tú uathu faoi sin.
Tá Treoir Eolais do Dhaltaí i dtaobh Ardteistiméireacht 2020, Torthaí na nGrád Ríofa foilsithe againn. Sa treoir sin gheofar eolas atá cosúil leis an eolas a thugtar anseo agus is féidir é a íoslódáil anseo.
Beidh torthaí do Ghráid Ríofa ar fáil óna 9 a chlog ar maidin ar an 7 Meán Fómhair. Chun na torthaí sin a fháil, logáil isteach i nGrád Ríofa: Tairseach na nDaltaí. Beidh “Treoir sula dTosaíonn Tú’ ar fáil ar leathanach baile Thairseach na nDaltaí chun cabhrú leat chun na torthaí a fháil agus ráiteas díobh a phriontáil.
Athosclóidh Gráid Ríofa: Tairseach na nDaltaí ar an 14 Meán Fómhair ar a 9 a chlog ar maidin. Ag an bpointe sin, feicfidh tú na marcanna faoin gcéad ábhair a fuair tú i bpróiseas na nGrád Ríofa agus na marcanna measta faoin gcéad a chuir do scoil féin ar fáil.
Má tá tú míshona le Grád Ríofa a fhaigheann tú in ábhar amháin nó níos mó, beidh deis agat achomharc a chur isteach.
Osclófar an próiseas achomhairc ar an 14 Meán Fómhair ar a 9 a chlog ar maidin ar Ghráid Ríofa: Tairseach na nDaltaí. Beidh as sin go dtí a 5 a chlog tráthnóna an 16 Meán Fómhair agat le hachomharc a chur isteach.
Tá an stádas céanna ag na Gráid Ríofa agus atá ag na gnáthscrúduithe Ardteistiméireachta.
Ní bheidh rang Ardteistiméireacht 2020 faoi mhíbhuntáiste ar bith as Gráid Ríofa a fháil, i gcomparáid le daltaí Ardteistiméireachta roimhe seo nó daltaí Ardteistiméireachta as seo amach.
Tá sé dearbhaithe ag an Rialtas do sholáthraithe ardoideachais agus breidoideachais, d’fhostóirí, agus d’institiúidí ardoideachais thar lear gurb ionann stádas na nGrád Ríofa agus stádas scrúduithe na hArdteistiméireachta.
Aithnítear nach mbeidh rang Ardteistiméireacht 2020 in ann cloí leis an traidisiún agus teacht isteach sa scoil chun na torthaí a cheiliúradh lena múinteoirí agus a gcomhscoláirí ar lá na dtorthaí.
Aithnítear go bhfuil cás eisceachtúil ann i mbliana, agus mar sin tá bearta áirithe curtha i bhfeidhm ag do scoil chun tacú leat inniu agus sna laethanta amach romhat.
Aithnítear sna bearta seo an ról a bhí ag scoileanna ó thaobh cothú agus tacaíocht a chur ar fáil do dhaltaí le linn a mblianta iar-bhunscoile.
Iarradh ar do scoil tacaíocht ar leith a chur ar fáil duit inniu, mar shampla, socruithe a dhéanamh chun gur féidir leat dul isteach sa scoil ag am sceidealta (de réir phrótacail COVID-19 agus sláinte agus sábháilteachta), chun casadh ar na gairmchomhairleoirí, cinn bhliana, teagascóirí, séiplínigh agus mar sin de. Beidh síceolaithe NEPS ar fáil freisin chun treoir agus comhairle a chur ar fhoirne tacaíochta do dhaltaí.
Gheofar tuilleadh eolais ar na tacaíochtaí atá ar fáil do dhaltaí ó do scoil féin, agus tá na sonraí faoin tslí ar féidir le scoileanna agus daltaí araon féachaint ar na Gráid Ríofa leagtha amach i gCiorclán 0059/2020 atá ar fáil anseo.
Níl cead ag scoileanna na marcanna measta a chuir siad isteach mar chuid de phróiseas na nGrád Ríofa a phlé. Ba chóir aon cheist i dtaobh an phróisis sin a chur ar an líne chabhrach Grád Ríofa ag 1800 111 135 agus 1800 111 136 (9.00-4.00 7-16 Meán Fómhair) nó i ríomhphost, lasmuigh de na huaireanta sin, chuig lcsupport2020@education.gov.ie
Beidh tacaíochtaí eile ar fáil duit anuas ar na tacaíochtaí scoile:
Beidh an Líne Chabhrach NPC-PP LC 2020 ar fáil mar seo a leanas:
Dáta | Am | |
Dé Luain 7 Meán Fómhair | 11.00am-8.00pm | |
Dé Máirt | 8 Meán Fómhair | 11.00am-8.00pm |
Dé Céadaoin 9 Meán Fómhair | 11.00am-2.00pm | |
Déardaoin 10 Meán Fómhair | 11.00am-2.00pm | |
Dé hAoine 11 Meán Fómhair | 12.00pm-8.00pm | |
Dé Sathairn 12 Meán Fómhair | 11.00am-5.00pm | |
Dé Luain 14 Meán Fómhair | 11.00am-5.00pm | |
Dé Máirt 15 Meán Fómhair | 11.00am-2.00pm | |
Dé Céadaoin 16 Meán Fómhair | 11.00am-2.00pm |
Cruthaíodh córas na nGrád Ríofa chun go bhféadfadh an oiread agus is féidir den 60,000 dalta i rang Ardteistiméireacht 2020 dul ar aghaidh chuig fostaíocht, breisoideachas agus oiliúint, nó ardoideachas ar shlí a bheadh cóir agus cothrom do na daltaí uile.
Tá an córas bunaithe ar phrionsabail na hoibiachtúlachta, na cothromaíochta agus na córa. Tá sé riachtanach, chun córas na nGrád Ríofa a oibriú go macánta, agus le cothromaíocht a thabhairt do gach dalta, nach nglacfaí le marc measta faoin gcéad, bunaithe ar fhianaise shásúil inchreidte, ach amháin ón bhfoinse chuí.
Tá dhá ghrúpa daltaí a bhféadfadh sé nár éirigh leo Grád Ríofa a fháil agus beidh siad tar éis an t-eolas sin a fháil le linn Lúnasa 2020:
I gcásanna ina raibh an dalta ag freastal ar an scoil ach go raibh ábhar amháin nó níos mó á dhéanamh aici/aige lasmuigh den scoil, iarradh ar phríomhoidí scoile gach iarracht a dhéanamh chun marc measta faoin gcéad a chur ar fáil don ábhar/do na hábhair sin ar choinníoll go raibh dóthain fianaise inchreidte ar fáil ó fhoinse chuí.
B’éigean d’fhoghlaimeoirí lasmuigh den scoil iarratas a dhéanamh go díreach ar an CGEO chun Gráid Ríofa a fháil.
I gcásanna inar measadh nárbh fhéidir Grád Ríofa a chur ar fáil in ábhar nó ábhair d’fhoghlaimeoir lasmuigh den scoil nó do dhalta a bhí ag déanamh ábhair nó ábhar lasmuigh den scoil, beidh an scéala sin faighte acu ón CGEO.
Cé go ndearna an Roinn Oideachais agus Scileanna agus na scoileanna gach iarracht chun Gráid Ríofa a chur ar fáil don oiread daltaí agus ab fhéidir, bhí líon beag cásanna ann nuair nach raibh fianaise inchreidte ann ó fhoinse chuí chun tacú le Grád Ríofa in ábhar ar leith.
Nuair nárbh fhéidir Grád Ríofa a chur ar fáil, bhí cead achomhairc ag na daltaí sin. Ina theannta sin, beidh an deis ag na daltaí sin scrúduithe Ardteistiméireacht 2020 a dhéanamh in ábhar amháin nó níos mó. Tosóidh na scrúduithe Ardteistiméireachta a cuireadh ar athló Dé Luain 16 Samhain, faoi réir chomhairle sláinte poiblí.
An t-eolas is déanaí 7 Mí Meán Fomhair 2020
7 Meán Fómhair 2020 – An lá deireanach do dhaltaí Éireannacha le deimhniú do UCAS gur chomhlíon siad ‘coinnníollacha tairisceana nár comhlíonadh fós’. I gcás daltaí Éireannacha, ciallaíonn na coinníollacha seo torthaí Ardteistiméireachta a chur ar aghaidh chuig institiúidí RA
11 Meán Fómhair 2020 – Gheobhaidh daltaí tairiscintí Bhabhta 1 ón Lár-Oifig Iontrála
14 Meán Fómhair 2020 – Osclóidh an próiseas chun achomharc a dhéanamh ar a 9 a chlog ar maidin
14 Meán Fómhair 2020 – Beidh na marcanna measta faoin gcéad ó na scoileanna agus na marcanna ríofa ón CGEO le feiceáil ar Thairseach na nDaltaí
16 Meán Fómhair 2020 – Dúnfar an próiseas chun3. Iarratais chuig an Lár-Oifig Iontrála agus chuig coláistí lasmuigh d’Éirinn achomharc a dhéanamh ar a 5 a chlog tráthnóna
An t-eolas is déanaí 7 Mí Meán Fomhair 2020
Tá na torthaí á n-eisiúint inniu a chiallaíonn go mbeidh an t-am agat má tá iarratas déanta agat chuig an Lár-Oifig Iontrála nó córas UCAS an RA. Tá an dá eagraíocht sásta síneadh a chur lena spriocdhátaí chun iad féin a oiriúnú do phróiseas na nGrád Ríofa.
Tá iarratas déanta ag líon suntasach daltaí Ardteistiméireachta chun freastal ar institiúid ardoideachais san Ísiltír. Tá socrú déanta ag an Rialtas leis an Aireacht Oideachais, Cultúir agus Eolaíochta san Ísiltír gur féidir le daltaí Ardteistiméireachta a fhaigheann a gcuid Grád Ríofa ar an 7 Meán Fómhair clárú chun dul isteach in institiúidí ardoideachais san Ísiltír i mbliain acadúil 2020/2021. Tá an tsolúbthacht chéanna léirithe ag tíortha Eorpacha eile dála na Polainne agus na hUngáire.
Daltaí a fhaigheann a gcuid torthaí inniu, beidh siad in ann dul ar aghaidh chuig breisoideachas agus oiliúint ar dháta a bheidh chomh gar agus is féidir don dáta a bheadh i gceist i ngnáthbhliain Ardteistiméireachta.
Babhta | Dáta na tairisceana | Dáta an fhreagra |
a hAon | 11 Meán Fómhair óna 2 san iarnóin | 16 Meán Fómhair faoina 3 san iarnóin |
a Dó | 23 Meán Fómhair óna 10 ar maidin | 25 Meán Fómhair faoina 12 meán lae |
a Trí | 1 Deireadh Fómhair óna 10 ar maidin | 6 Deireadh Fómhair faoina 3 san iarnóin |
a Ceathair 8 Deireadh Fómhair óna 10 ar maidin | 13 Deireadh Fómhair faoina 3 san iarnóin | |
a Cúig | Le deimhniú | Le deimhniú |
Ar an 11 Meán Fómhair, gheobhaidh tú ríomhphost ón Lár-Oifig Iontrála ina mbeidh sonraí do chuid tairisceana/tairiscintí, nó ríomhphost Ráiteas Iarratais, más rud é nár éirigh leat. Ní eiseofar ríomhphoist/téacsanna Leibhéal 8 agus Leibhéal 7/6 le chéile. Más rud é nach bhfuair tú ríomhphost/téacs, ach go bhfuair cara nó comhscoláire leat ceann, ná bí buartha. Beidh an oiread sin teachtaireachtaí le cur amach go mbeidh siad á bhfáil de réir a chéile (óna 1 a chlog san iarnóin nó mar sin). Is féidir leat logáil isteach i do chuntas óna 2 a chlog san iarnóin ar an 11 Meán Fómhair chun tairiscint a sheiceáil agus a ghlacadh.
Beidh líon mór daoine ag feitheamh ar thairiscintí i mBabhta a hAon agus mar sin beidh trácht trom ar an láithreán agus is féidir go mbeidh moill bheag ann tar éis a 2 a chlog san iarnóin ar an 11 Meán Fómhair. Iarrtar ort a bheith foighneach agus iarracht eile a dhéanamh níos déanaí. Beidh as sin go dtí a 3 a chlog san iarnóin ar an 16 Meán Fómhair agat leis an tairiscint a ghlacadh.
Beidh an earnáil ardoideachais solúbtha i leith íosriachtanais iontrála/mháithreánaigh do dhaltaí a bhfuil Gráid Ríofa faighte acu.
Tá cur chuige comhchoiteann aontaithe ag forais ionadaíochta na n-ollscoileanna agus na n-institiúidí oideachais i leith daltaí Ardteistiméireacht 2020 a bhfuil ábhar nó ábhair déanta acu lasmuigh den scoil do chuspóirí máithreánaigh/íosriachtanais agus nach raibh ar chumas an CGEO Grád Ríofa a thabhairt dóibh. Má tá tú féin sa ghrúpa sin, gheobhaidh tú díolúine san ábhar nó sna hábhair sin maidir le cuspóirí máithreánaigh/íosriachtanais amháin. Tabharfar an díolúine sin go huathoibríoch agus ní gá duit cur isteach air.
Ní féidir an díolúine/na díolúintí a úsáid chun riachtanais bhreise cláir de bhreis ar íosriachtanais iontrála/mháithreánaigh a shásamh.
Áireofar an t-ábhar/na hábhair mar ábhar/ábhair mháithreánaigh ach ní bhronnfar pointí ina leith.
Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ó oifig iontrála na hinstitiúide ar a bhfuil iarratas déanta agat.
Beidh áiteanna breise ar fáil i mbliana dóíbh siúd a rinne iarratas ar chúrsa coláiste.
Ar an 1 Meán Fómhair cheadaigh an Rialtas 1,250 áit bhreise sa chóras ardoideachais, i gcúrsaí ardéilimh éagsúla, mar chuid de phacáiste beart chun tacú leo siúd a rinne iarratas ar chúrsa choláiste in 2020. Dá bhrí sin, beidh níos mó áiteanna ar fáil ar chúrsaí ardéilimh ar fud an chórais ardoideachais i mbliain acadúil 2020/21.
Cuirfear 1,415 áit eile ar fáil d’fhochéimithe i réimsí príomhscile, mar chuid den Tionscnamh Caipitil Daonna.
Athdhearbhú breise do dhaltaí Ardteistiméireacht 2020 atá anseo, go bhfuil tuiscint ag na húdaráis ar a gcás uathúil agus go gcaithfear go cothrom leo. Cabhróidh sé chun imní agus éiginnteacht a mhaolú agus léiríonn sé cumas an chórais oideachais chun freagairt d’údair imní daltaí.
An nuashonrú is déanaí an 16 Deireadh Fómhair 2020
Bhí deis ag scoláirí a raibh díomá orthu maidir le ceann amháin nó níos mó de na Gráid Ríofa a fuair siad achomharc a chur isteach.
Bhí an próiseas achomhairc oscailte ó 9am ar an 14 Meán Fómhair go dtí 5pm ar an 16 Meán Fómhair. Cuireadh isteach na hachomhairc trí Thairseach na nGrád Ríofa do Scoláirí.
Baineann trí chéim leis an bpróiseas achomharc, agus tugtar breac-chuntas orthu sin thíos.
Cuireadh torthaí chéim 1 agus chéim 2 den phróiseas achomharc ar fáil do scoláirí a chuir isteach achomhairc ar an Aoine an 16 Deireadh Fómhair ar Thairseach na nGrád Ríofa do Scoláirí.
Is athbhreithniú próisis atá i gceist leis an bpróiseas achomharc agus é dírithe ar earráidí a lorg i dtarchur agus i bpróiseáil shonraí na scoláirí tríd an bpróiseas.
Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh i gcoinne an eolais (an marc céatadáin measta nó an rang-ord) a chuir an scoil ar fáil. Mar gheall ar chineál chóras na nGrád Ríofa, tá breithiúnas gairmiúil na scoile taobh amuigh den phróiseas achomharc.
Tá dearadh na samhla staitistiúla agus feidhmiú an phróisis caighdeánaithe náisiúnta taobh amuigh de raon feidhme an phróisis achomharc freisin.
Féadfaidh scoláirí atá míshásta go fóill le torthaí achomharc chéim 1 agus chéim 2 iarratas a dhéanamh ar achomharc chéim 3.
Is athbhreithniú próisis atá i gceist leis an bpróiseas achomhairc agus é dírithe ar earráidí a lorg i dtarchur agus i bpróiseáil na sonraí. Sampla de sin is ea an ndearnadh earráid ar bith agus do chuid eolais á chur isteach in aon cheann de na córais a úsáideadh sa phróiseas.
Is athbhreithniú próisis atá i gceist leis an bpróiseas achomhairc agus é dírithe ar earráidí a lorg i dtarchur agus i bpróiseáil shonraí na scoláirí.
Is ó scoláirí aonair, agus uathu siúd amháin, a glacadh le hachomhairc.
Níor glacadh le hachomhairc ó scoileanna ná ó ghrúpaí eile.
Tá trí chéim i gceist sa phróiseas achomhairc mar seo a leanas:
San áireamh sna seiceálacha ar shonraí, bhí seiceáil lena chinntiú gur coinníodh rang-ord an rang-ghrúpa don ábhar agus don leibhéal a glacadh sa phróiseas caighdeánaithe agus gur bronnadh an marc ríofa céanna ar scoláirí leis an marc scoilmheasta céanna san ábhar céanna agus ag an leibhéal ceánna agus a bhronn an scoil orthu.
Tógadh Céim 1 agus Céim 2 le chéile.
Féadfaidh scoláirí ar mian leo an próiseas sin a ghairm é sin a dhéanamh ach foirm iarratais a íoslódáil ó Thairseach na Scoláirí agus í a chomhlánú, agus ní mór ansin í a chur ar ais ar an ríomhphost nó tríd an bpost.
Is é an dáta deiridh chun glacadh le foirmeacha comhlánaithe ná 5pm ar an Aoine an 23 Deireadh Fómhair.
Déanfaidh na Scrúdanóirí Neamhspleácha Achomhairc seiceáil lena chinntiú gur leanadh na nósanna imeachta cearta le linn an phróisis achomharc. Beidh teacht ag na Scrúdanóirí ar na taifid agus ar na doiciméid a cuireadh san áireamh ag Céim 1 agus ag Céim 2.
Féadfaidh scoláirí a mheasann nach ndearnadh a gcás a phróiseáil i gceart gearán a dhéanamh leis an Ombudsman nó, i gcás scoláirí atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, leis an Ombudsman do Leanaí.
Ina theannta sin, tugadh deis do scoláirí clárú do na Scrúduithe Ardteistiméireachta a cuireadh siar agus a bhfuil tús le cur leo ar an 16 Samhain.
De bhrí gur seiceáil theicniúil ar na sonraí a próiseáladh tríd an gcóras atá san achomharc, níor cheart duit aon doiciméid tacaíochta ná fianaise ar ghnóthachtáil a chur ar aghaidh. Ní chuirfear ábhar den chineál sin san áireamh agus d’fhéadfadh sé nach seolfaí ar ais é.
An t-eolas is déanaí 28 Mí Meán Fomhair 2020
Cuireadh a nGráid Ríofa, a marcanna measta agus a marcanna ríofa ar fáil do scoláirí roimhe seo trí thairseach na scoláirí.
Ón Luan an 28 Meán Fómhair ag 9am beidh rochtain ag scoláirí ar an rang-ord a bhí acu ina rang.
Ar mhaithe le bunús a chruthú do na Gráid Ríofa, chuir scoileanna marc measta agus rang-ord taobh istigh dá rang-ghrúpa ar fáil do na scoláirí go léir i ngach ceann de na hábhair agus de na leibhéil a bhí á nglacadh acu.
Is éard atá sa rang-ord ná áit an scoláire ina rang-ghrúpa i gcóimheas leis na scoláirí eile ina rang ag an ábhar agus ag an leibhéal sin de réir mar atá léirithe ag a scoil.
Níl aon dualgas ar scoláirí rochtain a fháil ar an eolas sin. Is é a rogha pearsanta féin logáil isteach ar an tairseach más mian leo rochtain a fháil ar an eolas sin.
Is eolas pearsanta a bhaineann le gach scoláire ar leith an rang-ord. Iarrtar ar scoláirí a bheith thar a bheith airdeallach maidir leis an eolas sin a roinnt le scoláirí eile ina rang de bhrí go mb'fhéidir go nochtfaidís rang-ord scoláirí eile sa rang i ngan fhios dóibh féin, ar eolas pearsanta é a bhaineann leis na scoláirí sin.
Coinníodh an áit a bhí ag gach scoláire ina rang-ord ranga sa phróiseas caighdeánaithe náisiúnta. Léiríodh áit scoláirí i gcóimheas le scoláirí eile sa scoil a bhí ag déanamh an ábhair chéanna ag an leibhéal céanna tríd an bpróiseas ailínithe ionscoile.
Ciallaíonn sé sin gur léirigh na marcanna measta na caighdeáin i ngach rang i gcóimheas le ranganna eile sa scoil a bhí ag déanamh an ábhair chéanna ag an leibhéal céanna. Ciallaíonn sé sin cé go bhféadfadh rang-ord ard a bheith ag scoláire laistigh dá rang-ghrúpa féin, go bhféadfadh scoláirí eile sa scoil grád ríofa níos airde ná an scoláire sin a bheith faighte acu mar go raibh marcanna measta na scoláirí eile sin níos airde. Mar an gcéanna, d'fhéadfadh sé go bhfaigheadh scoláire a bhain amach rang-ord níos ísle i rang grád ríofa níos airde ná scoláire i rang eile a bhain rang-ord níos airde amach. Arís, braitheann sé sin ar na marcanna céatadáin measta a bronnadh ar gach duine de na scoláirí sin. Beidh na marcanna measta céanna agus an grád ríofa céanna ag gach scoláire sa scoil leis na marcanna measta céanna don ábhar agus don leibhéal, is cuma iad a bheith sa rang céanna nó i rang eile don ábhar agus don leibhéal céanna sa scoil.
Tá an t-eolas seo á chur ar fáil do gach scoláire ar mian leis nó léi rochtain a fháil air trí thairseach na scoláirí. Is é seo eolas pearsanta na scoláirí agus bheadh sé ar fáil dóibh faoi iarratas ar rochtain ar shonraí nó faoi iarratas um shaoráil faisnéise.
I ndiaidh na gceisteanna a bhaineann leis an eolas seo a chur ar fáil a bhreithniú go mion, measann an Roinn, ar an iomlán, gur fearr an t-eolas seo a chur ar fáil tríd an tairseach gan aon iarratas seachas go mbeadh ar scoláirí iarratas a dhéanamh ina leith. Tá an méid sin ag teacht le dea-chleachtas faoin reachtaíocht a bhaineann le Cosaint Sonraí agus le Saoráil Faisnéise.
Agus an cinneadh sin á ghlacadh, bhí an Roinn i dteagmháil leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí (DPC) agus bhí sise sásta gur bealach éifeachtach é an t-eolas seo a chur ar fáil tríd an tairseach chun rochtain ar a sonraí pearsanta a chur ar fáil do scoláirí, rud a chuirfidh le trédhearcacht agus cothroime i bpróiseas na ngrád ríofa.
Measann an Roinn, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí agus comhairle dlí a fháil, gurb é leas na scoláirí cead a thabhairt dóibh rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta ar bhealach atá tapa agus éifeachtach, agus gan constaicí gan ghá a chur ina mbealach maidir le rochtain a fháil ar a sonraí, nach bhfuil aon dabht ach gurb iad a sonraí pearsanta iad, agus a bhfuil sé de cheart acu rochtain a fháil orthu de réir dlí.
Is chun críche eolais agus chun na críche sin amháin atá an rang-ord á chur ar fáil ag an am seo. Tá an próiseas achomharc maidir leis na gráid ríofa dúnta ach, ar aon nós, tá na marcanna measta agus an rang-ord mar chuid de bhreithiúnas gairmiúil na scoile agus tá siad taobh amuigh de raon feidhme phróiseas na n-achomharc, ar seiceáil theicniúil é ar na sonraí a chuir na scoileanna isteach agus ar an bpróiseáil bhreise a rinneadh ar na sonraí sin.
Féadann imní a bheith ar mhórán scoláirí ag an am a gcuirtear torthaí na hArdteistiméireachta agus tairiscintí an CAO ar fáil.
I gcás rang Ardteistiméireachta 2020, níorbh ionann agus blianta eile an traidisiún a bhíodh ag baint le teacht ar ais chuig an scoil chun na torthaí a cheiliúradh lena múinteoirí agus lena gcomhscoláirí ar an lá ar eisíodh na torthaí.
Tá mórán eolais ar Gov.ie/leathanach na hArdteistiméireachta/an Rannóg seo a bheidh úsáideach do scoláirí maidir le tuiscint a fháil ar phróiseas na nGrád Ríofa agus chun soiléireacht a chur ar fáil i dtaca le ceisteanna a d'fhéadfadh a bheith acu.
Iarradh ar scoileanna tacaíocht a chur ar fáil do scoláirí le linn na tréimhse seo agus tá sin á dhéanamh acu, trí chead a thabhairt do scoláirí teacht chuig an scoil ag am sceidealaithe, más mian leo sin a dhéanamh, agus prótacail COVID-19 agus sláinte agus sábháilteachta á leanúint, chun bualadh le baill den Fhoireann Tacaíochta do Scoláirí, amhail Gairmchomhairleoirí, Cinn Bhliana, Teagascóirí agus Séiplínigh.
Beidh soláthraithe seirbhíse FSS agus soláthraithe a fhaigheann cistiú ó FSS ar fáil chun tacú le scoláirí trí ríomhsheirbhísí meabhairshláinte a chur ar fáil. Chun tuilleadh eolais a fháil féach gov.ie/ardteist
Ba é cloch choirnéil shamhail na nGrád Ríofa gur braitheadh ar bhreithiúnas gairmiúil na múinteoirí, na bpríomhoidí agus na leas-phríomhoidí, chun na meastacháin ab fhearr ab fhéidir a dhéanamh den mharc is dócha a gheobhadh gach scoláire sa scrúdú murach an cur isteach ó Covid-19. Iarradh ar na scoileanna leas a bhaint as raon fianaise agus an breithiúnas á thabhairt. Cuireadh treoir an-soiléir ar fáil do na scoileanna faoin tslí le tabhairt faoin bpróiseas seo sa doiciméad Gráid Ríofa d’Ardteistiméireacht 2020 - Treoir do na Scoileanna ar Mharcanna Measta Faoin gCéad agus Rang-Ordú a Sholáthar. Is féidir tuilleadh a léamh faoi sin anseo.
Cén fáth a bhfuil mo mharc measta níos ísle ná an marc measta faoin gcéad a fuair mé ón scoil.
Is léir ón taighde nach mór breithiúnais múinteoirí a dhéantar i gcomhthéacs a scoile féin a scrúdú agus a choigeartú ar leibhéal náisiúnta ionas go mbeidh siad inchomparáide trasna na scoileanna uile agus go gcuirfear comhchaighdeán náisiúnta i bhfeidhm.
Ní hionann an cur chuige a bhí ag gach scoil i leith marcanna céatadáin measta a sholáthar ar son a gcuid scoláirí. Cé gur cuireadh treoir shoiléir ar fáil do na scoileanna faoin tslí le claontacht a sheachaint agus marcanna á meas dá scoláirí, ní féidir ach go raibh scoileanna áirithe beagáinín ródhian agus scoileanna eile beagáinín rófhlaithiúíl agus na marcanna á meas. Níorbh fhéidir é sin a sheachaint nuair nach raibh aon chaighdeán náisiúnta ann chun marc measta a bhunú air.
Cuireadh próiseas caighdeánaithe i bhfeidhm ina dhiaidh sin ar eolas na scoileanna le cinntiú go mbeadh inchomparáideacht ann idir na caighdeáin a d’úsáid scoileanna aonair.
Ba é toradh an phróisis náisiúnta caighdeánaithe gur fhan meastacháin scoile gan athrú i gcásanna áirithe; ach i gcásanna eile méadaíodh nó laghdaíodh iad.
Próiseas bunaithe ar an scoláire is ea próiseas achomhairc na nGrád Ríofa agus mar sin is trí Thairseach na Scoláirí amháin a ghlacfar le hiarratais ó scoláirí aonair a dhéanann a gcinneadh féin chun achomharc a chur isteach.
Ní ghlacfar le hachomharc ó scoileanna, ó rang-ghrúpaí iomlána, ná ó ghrúpaí eile.
Is gnách táille a ghearradh de réir an ábhair chun torthaí Ardteisteiméireachta a achomharc, ach ní ghearrfar aon táille i mbliana.
Is féidir go bhfanfaidh torthaí mar atá tar éis achomhairc, nó go ndéanfar iad a mhéadú nó a laghdú.
Gheobhaidh duine ar bith a a lorgaíonn achomharc grád toradh an achomhairc sin ar Thairseach na Scoláirí.
Déanfar gach iarracht chun achomhairc a phróiseáil a luaithe is féidir ach ní féidir linn gealltanas a thabhairt ag an am seo faoi dháta thorthaí an achomhairc. Cuirfear an dáta seo in iúl do scoláirí a luaithe is féidir.
Déanfar gach iarracht chun Céimeanna 1 agus 2 den phróiseas achomhairc a phróiseáil agus na torthaí a chur ar fáil duit in am chun tairiscint d’áit tríú leibhéal a ghlacadh (nó cúrsa a athrú) sa bhliain acadúil reatha.
Faoi láthair, ní féidir ráthaíocht a thabhairt go mbeidh scoláirí a n-éiríonn leo in achomharc in ann cúrsa tríú leibhéal a thosú i mbliana. Braithfidh sé sin ar líon na n-achomharc a gheofar, ar nádúr na n-achomharc féin, agus ar an gcúrsa ardoideachais i dtrácht. Déanfaidh na hinstitiúidí ardoideachais gach iarracht áit a thabhairt duit, más féidir é.
Cuirfear torthaí achomhairc in iúl do na scoláirí go léir ag an am céanna chun cothroime a thabhairt do gach scoláire a dhéanann achomharc. Ní féidir achomharc a thabhairt chun tosaigh.
Tógfaidh sé níos faide ar na Scrúdanóirí Neamhspleácha Achomhairc (céim 3) a gcuid oibre a dhéanamh. Má éiríonn leat ag an gcéim seo, agus má fhaigheann tú tairiscint tríú leibhéal níos fearr dá bharr, ní bheidh tú in ann leas a bhaint as an tairiscint sin sa bhliain acadúil reatha. Beidh ar do chumas glacadh le tairiscint iarchurtha maidir le 2021/22.
Fógróidh an Roinn torthaí an phróisis achomhairc go huathoibríoch don Lár-Oifig Iontrála.
Más rud é, de bharr méadú ar do ghrád, go gcáilíonn tú d’áit tríú leibhéal is airde ná an ceann a tairgeadh duit cheana, cáileoidh tú don chúrsa sin. Mar sin féin, ag brath ar an uair a fhaigheann tú toradh d’achomhairc, agus cibé an bhfuil áiteanna ar fáil ar an gcúrsa i dtrácht, is féidir nach mbeidh sé indéanta duit glacadh le háit ar chúrsa nua sa bhliain acadúil seo agus gur féidir go bhfaighidh tú tairiscint iarchurtha.
Cáileoidh tú chun aistriú go dtí an cúrsa nua a tairgeadh duit gan aon táille bhreise a íoc. Is féidir go mbeidh sé riachtanach an tairiscint a chur siar.
Beidh cead agat an tairiscint seo a chur siar go dtí bliain acadúil 2021/22, más maith leat. Ní bheadh táillí le híoc as freastal ar an gcéad bhliain den chúrsa nua agus beidh cistiú SUSI ar fáil, más cuí.
An t-eolas is déanaí 2 Mí Deireadh Fomhair 2020
Seo achoimre den eolas atá ar fáil ar www.examinations.ie Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar www.examinations.ie
Tosóidh na scrúduithe scríofa Ardteistiméireachta ar an 16 Samhain.
Tosóidh scrúduithe scríofa Ardteistiméireachta/ Ardteistiméireachta Feidhmí ar an Luan 16 Samhain 2020. Críochnóidh na scrúduithe Ardteistiméireachta ar an Aoine 11 Nollag 2020 agus críochnóidh scrúduithe na hArdteistiméireachta Feidhmí ar an Satharn 28 Samhain.
Is féidir le haon duine a bhí cláraithe cheana do scrúduithe Meitheamh 2020 clárú le haghaidh scrúduithe na Samhna.
Beidh scrúdú amháin ar siúl ar thráthnónta seachtaine, Luan go hAoine, agus beidh dhá sheisiún scrúdaithe ag na deireadh seachtainí, ar an Satharn agus ar an Domhnach.
Ní bheidh ar chumas na scoileanna teagasc a chur ar dhuine ar bith a bheidh ag déanamh na scrúduithe seo i Samhain de bhrí go mbeidh daltaí na bliana seo á múineadh acu.
Beidh an tráthchlár le haghaidh na scrúduithe ar fáil ar www.examinations.ie
Mairfidh gach scrúdú an tréimhse chéanna is a mhair siad blianta eile.
Beidh na scrúduithe bunaithe ar scrúduithe scríofa amháin (is é sin, ní bheidh scrúduithe béil ná praiticiúla i gceist ach cuirfear obair chúrsa i ngach ceann de chúig ábhar a bhí tugtha chun críche sular dúnadh na scoileanna i mí an Mhárta san áireamh). Ní féidir ag an tráth seo scrúduithe béil ná scrúduithe praiticiúla a sheoladh, ná obair chúrsa neamhchríochnaithe a chríochnú. Comhpháirteanna scoilbhunaithe is ea na comhpháirteanna béil agus praiticiúla, agus is gá tacaíocht shuntasach ó na scoileanna chun iad a sheoladh, lena n-áirítear an gá le múinteoirí atá ag múineadh i mbliana a thógáil amach as a scoileanna chun tabhairt faoi obair ar na scrúduithe stáit.
I gcás cúig ábhar, marcálfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit obair chúrsa a bhí tugtha chun críche sular dúnadh na scoileanna. Cuirfear na marcanna seo san áireamh agus na hábhair sin á ngrádú.
Is iad sin:
I ngach ábhar eile, bronnfar gráid ar iarrthóirí bunaithe ar a bpáipéir scríofa agus orthu siúd amháin.
Déanfaidh iarrthóirí a gcuid scrúduithe ina scoil féin (i.e. an scoil ina raibh siad cláraithe nó sceidealaithe chun scrúduithe Meithimh 2020 a dhéanamh.
Níl sé indéanta aon athruithe a dhéanamh ar na socruithe seo.
Deánfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit teagmháil go díreach trí ríomhphost le hIarrthóirí a raibh sé i gceist acu a gcuid scrúduithe a dhéanamh in ionaid eile, cosúil le hallaí i Meitheamh 2020, chun an t-ionad dá scrúdu(ithe) a chur in iúl dóibh.
Má shocraíonn tú an scrúdú Ardteisteiméireachta a cuireadh ar atráth a dhéanamh, léireoidh do thorthaí deiridh Ardteistiméireachta na torthaí is fearr a bhain tú féin amach.
Mar shampla:
Mar sin féin, meabhraítear duit nach mbeidh torthaí na scrúduithe Samhna ar fáil luath go leor chun tosú ar chúrsa coláiste i mbliana
Ní mheastar go mbeidh torthaí scrúduithe na Samhna ar fáil roimh thús mhí Fheabhra 2021 ar a luaithe.
Má dhéanann tú na scrúduithe scríofa agus má roghnaigh Grád Ríofa a fháil, gheobhaidh tú an grád is airde a bhain tú amach san ábhar i dtrácht idir an Grád Ríofa agus an scrúdú scríofa.
Ní bheidh na torthaí ar fáil luath go leor le dul isteach sa chéad bhliain de chúrsa coláiste i mbliana.
Má dhéanann tú na scrúduithe scríofa, beidh teacht agat ar an ngnáthphróiseas achomhairc. Is é sin, beidh deis agat féachaint ar do scriopt(eanna) sula gcuireann tú achomharc isteach. Ní hí/hé an scrúdaitheoir céanna a mharcálfaidh na scripteanna achomhairc agus a mharcáil an scrúdú bunaidh, agus ar deireadh beidh teacht ag iarrthóirí ar sheirbhís na Scrúdanóirí Neamhspleácha Achomhairc le deimhniú gur cloíodh go hiomlán le gach nós imeachta achomhairc de chuid Choimisiún na Scrúduithe Stáit.
Ní ghearrfar táille ar bith as na scrúduithe a dhéanamh i mí na Samhna.
Más rud é gur ceadaíodh socrú réasúnta i do leith do scrúduithe bunaidh Ardteistiméireacht 2020, ar nós léitheoir nó tarscaoileadh litrithe nó gramadaí, beidh teacht agat ar an socrú céanna i scrúduithe na Samhna.
Tá eolas níos mionsonraithe – ceisteanna agus freagraí, ar fáil maidir le scrúduithe na Samhna ar www.examinations.ie.
De bhrí go mbeidh cuid shuntasach den bhliain acadúil 2020/21 gafa thart sula n-eiseofar torthaí Scrúdaithe Ardteistiméireachta na Samhna, ní mheasfar iarratais ar chúrsa coláiste ach amháin maidir leis an mbliain 2021/22.
Má cháiligh tú do DARE/HEAR 2020, is féidir leat an cháilitheacht sin a iompar isteach in 2021. Ach ní mór duit cloí leis an ngnás atá leagtha amach chun an cháilitheacht sin a thabhairt anonn anseo. (Leis an mbliain reatha a bhaineann an gnás seo.)
Daltaí nár cháiligh do DARE ná do HEAR in 2020, féadfaidh siad athiarratas a dhéanamh in 2021 más mian leo.
An t-eolas is déanaí 7 Mí Meán Fomhair 2020
Déantar caighdeánú náisiúnta ar thorthaí scrúdú na hArdteistiméireachta gach bliain le cinntiú go mbeidh na torthaí comhsheasmhach ó thaobh daltaí, scoileanna agus blianta.
I gcás na ngrád ríofa mbliana, cuireadh próiseas caighdeánaithe ar leith, bunaithe ar shamhaltú atriallach staitistiúil, i bhfeidhm do phróiseas na ngrád ríofa. An phríomhchúis atá le caighdeánú ná cothromaíocht a thabhairt do gach dalta. Dá bhrí sin, bhíothas ag súil ón tús go n-athródh na marcanna measta a fuarthas ó na scoileanna tar éis an phróisis chaighdeánaithe.
Tá sonraí teicniúla an phróisis chaighdeánaithe foilsithe anois ar fáíl anseo.
Is de bharr an phróisis chaighdeánaithe seo a bheidh an stádas agus an seasamh céanna ag na Gráid Ríofa agus a bhí ag gráid Ardteistiméireachta roimhe seo agus a bheidh ag gráid Ardteistiméireachta as seo amach. Gan an próiseas caighdeánaithe seo, bhainfí an bonn de chúrsaíocht agus de luach na nGrád Ríofa.
I gcomhthéacs a scoileanna féin a thugann múinteoirí a gcuid breithiúnas agus is léir ón taighde nach mór na breithiúnais sin a scrúdú agus a choigeartú nuair is gá ar leibhéal náisiúnta ionas go mbeidh siad inchomparáide trasna na scoileanna uile agus chun comhchaighdeán náisiúnta a chur i bhfeidhm.
Ní hionann an cur chuige a bhí ag gach scoil i leith marcanna measta faoin gcéad a sholáthar ar son a gcuid daltaí. Cé gur cuireadh treoir shoiléir ar fáil do na scoileanna faoin tslí le claontacht a sheachaint agus marcanna á meas dá ndaltaí, ní féidir ach go raibh scoileanna áirithe ródhian agus scoileanna eile rófhlaithiúil ina gcuid meastacháin. Réitíonn an caighdeánú na difríochtaí seo idir scoileanna i gcomhréir le caighdeán náisiúnta. Mar sin, beidh laghdú déanta ar mharcanna measta áirithe, agus méadú déanta ar mharcanna measta eile.
Bunaíodh an cur chuige a glacadh i leith gráid ríofa ar thaighde idirnáisiúnta oideachais a léiríonn gur dóchúla ná a mhalairt go ndéanfaidh múinteoirí breithiúnais chruinne faoi fheidhmíocht daltaí i gcásanna fíorthábhachtacha agus go bhfuil múinteoirí go maith ag rangú a gcuid daltaí i gcomparáid lena chéile. Mar sin iarradh ar na scoileanna marc measta agus ordú ranga a chur ar fáil maidir le gach dalta i rang-ghrúpa.
Mar sin féin, is féidir nach bhfuil cur amach ag múinteoirí i scoil amháin ar na caighdeáin i scoileanna eile. Féadfaidh múinteoirí áirithe marcanna daltaí a ró-mheas agus múinteoirí eile iad a mheas faoina luach. Ní tharlaíonn ró-mheas agus meas faoina luach go cothrom trasna na scoileanna ar fad. Cabhraíonn an caighdeánú le cinntiú go gcaitear go cothrom le daltaí i scoileanna difriúla.
Trí chineálacha éagsúla eolais a bhailíú agus a úsáid, déanann na foinsí éagsúla sonraí comhlánú ar a chéile agus as sin faightear an tacar torthaí is cruinne agus is cothroime laistigh de shriantachtaí na sonraí atá ar fáil. De bhrí nach féidir brath ar chruinneas sonraí scoile ach amháin ar leibhéal na scoile sin, is féidir go mbeidh na marcanna ríofa deiridh, agus as sin na Gráid Ríofa, i gcás ábhair nó leibhéil ar bith, níos airde nó níos ísle ná meastacháin na scoile. Cé gur féidir na marcanna measta scoile a mhéadu nó a laghdú, ní athróidh an rangú ranga a chuir an scoil ar fáil.
Tá an próiseas caighdeánaithe tugtha chun críche anois. Tá tuarascáil ón nGrúpa Náisiúnta um Chaighdeánú, ina mínítear an tslí ar cuireadh an próiseas i bhfeidhm foilsithe agus ar fáil anseo.
Ina theannta sin, foilsíodh Tuarascáil an Ghrúpa Oibre Teicniúil, ina bhfaighfear míniú ar an tslí ar dearadh samhail na nGrád Ríofa. Tá sé ar fáil anseo.
Tá doiciméid eile ó na forais a mhaoirsigh córas na ngrád ríofa agus an próiseas náisiúnta caighdeánaithe foilsithe anois, leis.
An phríomhchúis le próiseas a úsáid chun córas na nGrád Ríofa a chaighdeánú ná a chinntiú go gcaitear go cóir agus go cothrom le gach dalta. Bhí prionsabail seo na cothroime agus na córa mar chrann taca leis an gCinneadh Rialtais bunaidh ar an 8 Bealtaine 2020 chun córas Grád Ríofa a thabhairt isteach agus ba é an prionsabal sin a threoraigh gach obair a rinne an CGEO ó shin.
Tá sé tábhachtach a thuiscint gur measadh ón tús go gcuirfeadh an próiseas caighdeánaithe athrú ar na marcanna measta faoin gcéad a fuarthas ó na scoileanna. Chrom múinteoirí agus scoileanna na hÉireann ar mharcanna measta agus ranguithe a chur ar fáil i gcás 786 scoil agus ionad, obair nach raibh déanta acu riamh cheana. Cé go raibh cur amach ag na múinteoirí i ngach scoil nó ionad ar chaighdeáin foghlama a ndaltaí féin, ní fhéadfadh cur amach a bheith acu ar na caighdeáin i scoileanna eile ar fud na tíre. D’fhág sé sin nárbh fhéidir leo breithiúnais a bhí cruinn amach is amach a dhéanamh maidir leis an gcaighdeán náisiúnta do ghráid ardteistiméireachta i ngach ábhar ardleibhéil, gnáthleibhéil agus bonnleibhéil. B’éigean caighdeánú a dhéanamh le cinntiú go gcaithfear go cóir agus go cothrom le gach iarrthóir a fhaigheann grád ríofa in 2020 i gcomparáid leis na hiarrthóirí eile.
Ina theannta sin, tá sé inmhianaithe go gcaithfear go gcothrom le hiarrthóirí i gcohórt 2020 a dhéanfaidh na scrúduithe scríofa i Samhain agus leo siúd a rinne na scrúduithe in 2019 nó a dhéanfaidh na scrúduithe in 2021 agus i mblianta dá éis. Trí mharcáil ró-fhlaithiúil a laghdú i gcás daoine a fuair gráid ríofa, agus trí mhéadú a dhéanamh ar mharcanna iad siúd a fuair marcanna ródhiana i meastacháin múinteoirí, cabhraíonn an caighdeánú chun méid áirithe inchompáráideachta a chinntiú idir daltaí a fuair gráid ríofa agus daltaí a dhéanfaidh na scrúduithe.
Bhí tacair shonraí éagsúla in úsáid sa phróiseas caighdeánaithe a cuireadh i bhfeidhm ag tús phróiseas na nGrád Ríofa, lena n-áirítear:
Ar an 1 Meán Fómhair, cheadaigh an Rialtas an próiseas deiridh do Ghráid Ríofa. Trí na marcanna measta faoin gcéad óna scoileanna a scrúdú agus a choigeartú, comhlíonfaidh an próiseas seo an phríomhaidhm a bhí leis i gcónaí, is é sin, a chinntiú go réitíonn na gráid ríofa aon éagothroime a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar chaighdeáin dhifriúla a bheith in úsaid ag scoileanna difriúla chun feidhmíocht daltaí a mheas. D’aontaigh an Rialtas roinnt leasuithe a mhol an tAire. Bhí an tAire meabhrach gur cáineadh i dtráchtaireacht phoiblí faoi na gráid ríofa úsáid a bhaint as sonraí stairiúla ar fheidhmíocht daltaí i gcohóirt na mblianta roimhe seo (tacar sonraí 3 thuas) agus gur maíodh i ndlínsí eile gur caitheadh go héagothrom le daltaí a d’fhreastail ar scoileanna faoi mhíbhuntáiste sna dlínsí sin nó gur cuireadh “comórtas postchóid” i bhfeidhm maidir leo. Rinneadh gearáin, leis, go raibh breithiúnais na scoileanna á gcoigeartú ar mhaithe le hinchomparáideacht dhocht a choimeád ó bhliain go bliain sna caighdeáin náisiúnta scrúduithe.
I bhfianaise an mhéid thuas, mhol an tAire nach gcuirfí san áireamh sa tsamhail chaighdeánaithe deiridh sonraí stairiúla de réir scoile ar fheidhmíocht daltaí Ardteistiméireachta i mblianta roimhe seo. Mhol sí chomh maith nach mbraithfí an oiread céanna ar dháileadh náisiúnta stairiúil na dtorthaí Ardteistiméireachta ar bhonn ábhair (tacar sonraí a cúig thuas). D’aontaigh an Rialtas na hathruithe seo.
Ba é toradh na n-athruithe sin gur cuireadh béim níos mó ar na marcanna measta faoin gcéad a chuir na scoileanna ar fáil, ach baineadh úsáid theoranta as sonraí dáileacháin náisiunta stairiúla i gcomhcheangal le feidhmíocht rang Ardteistiméireacht 2020 gach scoile i dteannta a chéile sna scrúduithe Teastais Shóisearaigh.
Léirítear i dtorthaí na samhla an cuspóir chun tús áite a thabhairt do mheastacháin na scoile. Is iad marcanna measta faoin gcéad na scoileanna atá i gcroílár na samhla.
San iomlán, tá torthaí na bliana seo níos láidre ná torthaí blianta eile, agus tá éifeachtaí difriúla le sonrú ar ábhair agus ar leibhéil éagsúla. Measann an Rialtas go bhfuil sé sin inghlactha i bhfianaise chúinsí eisceachtúla Ardteistiméireacht 2020.
Ní léiríonn an tsamhail chaighdeánaithe deiridh aon éifeachtaí dhifreáilte i gcás scoileanna faoi mhíbhuntáiste. Go deimhin, tá an bhearna ghnóthachtála idir an dá chineál scoileanna níos cúinge ná i mblianta roimhe seo.
Comhlíonfaidh an próiseas an gealltanas a tugadh gur féidir le daltaí a d’fheidhmigh go maith i scoileanna a d’fheidhmigh faoi bhun an mheáin go traidisiúnta, marcanna os cionn an mheáin a ghnóthú fad a bhíonn sé sin le feiceáil san eolas faoi leibhéil eatraimh idir daltaí san ord rangaithe a chuir na scoileanna ar fáil, mar atá leagtha amach sa Treoir do Scoileanna.
Ní chinntíonn. Ní chinntíonn do thorthaí indibhidiúla sa tSraith Shóisearach do Ghráid Ríofa. Is é an rud a tharlaíonn ná go mbainean próiseas na nGrád Ríofa úsáid as torthaí foriomlána na Sraithe Sóisearaí do rang Ardteistiméireachta 2020 i ngach scoil chun cabhrú le réimse ionchais gnóthachtála Ardteistiméireachta an ghrúpa sin, a thuar. Cabhraíonn sé go mbeadh tromlach mór na scoláirí Ardteistiméireachta 2020 i ndiaidh scrúduithe na Sraithe Sóisearaí a dhéanamh agus cabhraíonn sé seo le pátrún gnóthachtála na scoláirí seo a thuar ag leibhéal comhiomlán. Ní chuirtear an próiseas i bhfeidhm ag leibhéal an scoláire aonair.
Tá tuilleadh eolais ina leith seo ar fáil ó Thuairisc An Ghrúpa Caighdeánaithe Náisiúnta ar féidir teacht air anseo.
Rinneadh bearta éagsúla le cinntiú go ndéanfaí maoirseacht leordhóthanach ar phróisis na nGrád Ríofa:
Tá roinnt difríochtaí suntasacha idir cur chuige an RA i leith caighdeánú agus an cur chuige atá á ghlacadh in Éirinn.
Rinneadh bearta éagsúla le cinntiú go ndéanfaí maoirseacht leordhóthanach ar phróiseas na nGrád Ríofa.
Bhí cúram ar Ghrúpa Náisiunta Caighdeánaithe as an bpróiseas náisiúnta caighdeánaithe a chur i bhfeidhm agus as na sonraí a úsáid, a athbhreithniú agus a choigeartú de réir phrionsabail, paraiméadair agus srianta na samhla chun teacht ar léiriú cóir cothrom ar fheidhmíocht gach dalta. Bhí an Grúpa comhdhéanta d’ionadaithe ó Oifig Fheidhmiúcháin na nGrád Ríofa, Cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna, an Foras Taighde ar Oideachas agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.
Chuir Clárbhord Grád Ríofa rialachas agus cinnteoireacht ar fáil don chlár iomlán a ghabhann le próiseas agus samhail na nGrád Ríofa. Is Ardrúnaí Cúnta ón Roinn Oideachais agus Scileanna a bhí i gceannas ar an mBord agus bhí an bhallraíocht comhdhéanta d’oifigigh ó Oifig Fheidhmiúcháin na nGrád Ríofa, An Roinn Oideachais agus Scileanna i gcoitinne agus an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.
Bhunaigh an tAire Coiste Stiúrtha neamhspleách neamhreachtúil chun maoirseacht a dhéanamh ar chaighdeán agus ar neamhspleáchas an phróisis atá ar bun ag Oifig Feidhmiúcháin na nGrád Ríofa. Seisear ball neamhspleách a cheap an tAire atá ar an gCoiste Stiúrtha, faoi cheannas an Dr. Áine Lawlor, iar-Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta. Bunaíodh an Coiste Stiúrtha le dearbhú a thabhairt don Aire maidir lena fheabhas agus a mhacánta atá torthaí chóras na nGrád Ríofa.
Ina theannta sin, ceapadh an Dr. Janet Brown, iar-Phríomhfheidhmeannach an Scottish Qualifications Authority, ina Athbhreithneoir Seachtrach. Saineolaí neamhspleách is ea an t-athbhreithneoir seachtrach, nach raibh aon bhaint aici le dearadh shamhail na nGrád Ríofa, agus a chuir maoirseacht bhreise neamhspleách ar fáil ar an gcóras agus ar bhailíocht iomlán na samhla, lena n-áirítear oibriú an chórais achomhairc. Gheofar Tuarascáil an Dr. Brown roimh Eisiúint na dTorthaí anseo.