Réidh do Chách
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá imní ar mhórchuid na dtuismitheoirí faoin gcaoi a n-éireoidh lena bpáiste sa réamhscoil nó sa bhunscoil. D’fhéadfadh sé seo a bheith fíor go háirithe do thuismitheoirí leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a bhféadfadh imní breise a bheith orthu.
Is samhail de thacaíochtaí í an tSamhail Rochtana agus Cuimsithe (AIM) atá deartha lena chinntiú gur féidir le leanaí faoi mhíchumas rochtain a fháil ar an gClár um Chúram agus Oideachas Luath-Óige (ECCE). Is é an aidhm atá leis ná soláthraithe réamhscoile a chumhachtú chun eispéireas réamhscoile ionchuimsitheach a sholáthar, ag cinntiú gur féidir le gach leanbh incháilithe páirt fhiúntach a ghlacadh i gClár ECCE agus na buntáistí a bhaineann le hoideachas réamhscoile ar ardchaighdeán a bhaint amach.
Ní gá go mbeadh diagnóis ag do leanbh chun leas a bhaint as AIM.
Tá tuilleadh faisnéise faoi AIM ar fáil anseo.
Freastalaíonn leanaí le riachtanais speisialta oideachais ar shuíomhanna éagsúla mar scoileanna príomhshrutha, scoileanna príomhshrutha le ranganna speisialta agus scoileanna speisialta.
Freastalaíonn a lán leanaí le riachtanais speisialta oideachais ar a mbunscoil áitiúil i rang príomhshrutha le leanaí eile ar leibhéil éagsúla chumais agus le tacaíocht bhreise, de réir mar is gá. Leag an Roinn Oideachais amach an creat Contanam Tacaíochta chun cabhrú le scoileanna riachtanais ar leith na leanaí a aithint agus a fhreagairt. Tríd an gcreat seo a úsáid, is féidir cinntiú na hidirghabhálacha incriminteach, ag bogadh ó idirghabhálacha bunaithe ar an rang chuig tacaíocht níos treise atá curtha in oiriúint do na leanaí a bhfuil riachtanais níos casta agus níos buaine acu. Chuir an Roinn Oideachais treoirlínte ar fáil do scoileanna maidir le tacaíocht a thabhairt do leanaí le riachtanais speisialta oideachais, ar fáil anseo.
Freastalaíonn roinnt leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais níos casta acu ar rang speisialta ina scoil phríomhshrutha áitiúil. Bíonn cóimheasa daltaí is múinteoirí níos ísle ag na ranganna seo, mar shampla, beidh múinteoir amháin ag rang do leanaí le Neamhord ar Speictream an Uathachais do gach seisear daltaí. Ba chóir daltaí atá cláraithe sna ranganna seo a áireamh sa rang príomhshrutha rialta ar feadh cuid den lá nó den tseachtain, de réir a gcuid buanna agus cumas.
De ghnáth bíonn scoileanna speisialta ann do leanaí le riachtanais speisialta an-chasta nach n-éireodh leo i scoil phríomhshrutha fiú ar feadh cuid den tseachtain. Bíonn grúpaí ranga an-bheaga ag scoileanna speisialta.
Nuair atá áit aimsithe agat i scoil a measann tú bheith oiriúnach do do pháiste, ba cheart duit riachtanais do pháiste a phlé leis an bpríomhoide chun cabhrú leis an scoil plean tacaíochta a fhorbairt do do pháiste.
Tá an Treoir maidir le Tús na Scolaíochta do Thuismitheoirí/Caomhnóirí Leanaí ag a bhfuil Riachtanais Oideachasúla Speisialta ar fáil ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta anseo.
Oibríonn an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) chun feabhas a chur ar sheachadadh seirbhísí oideachais do dhaoine le riachtanais speisialta oideachais a eascraíonn as míchumais le béim ar leith ar leanaí. Tá faisnéis an-úsáideach ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta ar fáil anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge den suíomh seo ar fáil)
Le linn Covid 19, d’fhorbair an NCSE acmhainní chun tacú le tuismitheoirí agus iad ag foghlaim ón mbaile. Cliceáil anseo le do thoil. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge den suíomh seo ar fáil)
Is í An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) seirbhís síceolaíochta na Roinne Oideachais). Is é ról NEPS tacú le folláine, forbairt acadúil, shóisialta agus mhothúchánach gach linbh agus duine óig trí theoiric agus cleachtas síceolaíoch a chur i bhfeidhm san oideachas, agus aird ar leith á tabhairt acu siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus orthu siúd atá i mbaol míbhuntáiste oideachais. Cuireann NEPS raon seirbhísí ar fáil chun cabhrú le scoileanna contanam tacaíochta a sholáthar do dhaltaí de réir threoirlínte foilsithe na Roinne Oideachais. Cuimsíonn soláthar seirbhíse NEPS cineálacha cur chuige uilíocha atá bunaithe ar fhianaise maidir le hinniúlacht agus folláine acadúil, sóisialta agus mothúchánach a chur chun cinn do chách, luath-idirghabhálacha spriocdhírithe do dhaoine aonair agus do ghrúpaí atá i mbaol, agus tacaíocht dhian agus aonair do dhaltaí a bhfuil riachtanais níos casta acu i scoileanna. Tá raon foilseachán agus treoirlínte dea-chleachtais ag NEPS chun tacú le scoileanna atá ar fáil anseo.
D’fhorbair síceolaithe de chuid NEPS comhairle agus acmhainní maidir le folláine do thuismitheoirí, do mhic léinn agus d’fhoireann na scoile chun tacú leo le linn COVID-19, ar fáil anseo.
D’ullmhaigh NEPS go speisialta teachtaireacht do thuismitheoirí chun tacú le leanaí san aistriú/fhilleadh ar scoil, ar fáil anseo.
Faightear straitéisí agus acmhainní chun cabhrú le múinteoirí agus iad ag cur tacaíochta le haghaidh an aistrithe in oiriúint chun freastal ar riachtanais leanaí le RSO sa doiciméad seo, de chuid NEPS: Ag Tacú le Folláine Daltaí le Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) atá ag Filleadh ar Scoil: Straitéisí agus Acmhainní ar fáil anseo.
Tá acmhainní nua forbartha ag Gaeloideachas, in éineacht le AsIAm, Carthanas Náisiúnta Uathachais na hÉireann, chun cabhair a thabhairt do leanaí agus daoine óga a bhfuil uathachas agus/nó disléicse orthu barr a gcumais a bhaint amach sa naíonra, sa scoil lán-Ghaeilge nó sa scoil Ghaeltachta. Cabhróidh siad freisin le múinteoirí agus mic léinn eile riachtanais na leanaí agus na daoine óga a bhfuil uathachas orthu a thuiscint.
I measc na hacmhainní atá ar fáil do leanaí agus daoine óga a bhfuil uathachas orthu tá póstaeir, leabhráin, bileoga oibre, seicliostaí céadfacha agus pas le haghaidh naíonraí chun cabhrú leis an aistriú chuig an mbunscoil. Tá siad ar fáil anseo
Tá na hacmhainní do leanaí agus daoine óga a bhfuil disléicse orthu ar fáil anseo
AON – Measúnú Riachtanais (Assessment of Need)
BOM – Bord Bainistíochta (Board of Management)
DES – An Roinn Oideachais & Scileanna (Department of Education & Skills)
EBD – Suaitheadh Mothúchánach / Iompraíochta (Emotional/Behavioural Disturbance)
GLD – Míchumas Foghlama Ginearálta (General Learning Disability)
IEP – Plean Oideachais Aonair (Individual Education Plan)
NCSE – An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (National Council for Special Education)
NEPS – An tSeirbhís Síceolaíochta Náisiúnta Oideachais (National Education Psychological Service) SSP/F – Plean / Comhad Tacaíochta do Dhaltaí (Student Support Plan / File)
OT – Teiripeoir Saothair (Occupational Therapist)
SEN – Riachtanais Speisialta Oideachais (Special Educational Needs)
SENCo – Comhordaitheoir Riachtanas Speisialta Oideachais (Special Education Needs Co-Ordinator)
SENO – Eagraí Riachtanas Speisialta Oideachais (Special Education Needs Organiser)
SET – Múinteoir Oideachais Speisialta (Special Education Teacher)
SLD – Sain-Mhíchumas Foghlama (Specific Learning Disability)
SLT – Teiripeoir Urlabhra & Teanga (Speech & Language Therapist)
SSLD – Sain-Neamhord Urlabhra & Teanga (Specific Speech & Language Disorder)