Creat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Creat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh foilsithe ag an rialtas, ina dtugtar freagra uileghabhálach agus cuimsitheach ar riachtanais slándála fuinnimh na hÉireann i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin.
Leagtar amach sa Chreat na struchtúir atá i bhfeidhm laistigh den Rialtas chun monatóireacht a dhéanamh ar sholáthairtí fuinnimh na tíre agus iad a bhainistiú. Leagtar amach ann na pleananna atá i bhfeidhm chun déileáil le héigeandálaí slándála fuinnimh sa chás go dtarlódh siad, agus leagtar amach an bealach go ndéanfar tástáil ar na pleananna seo i bhfianaise an chogaidh san Úcráin.
Chomh maith leis sin, leagtar amach sa Chreat an bealach ar féidir leis an Rialtas tacú le teaghlaigh agus gnóthaí, agus béim faoi leith ar na daoine is mó atá i mbaol bochtaineacht fuinnimh, an bealach ina bhfuil slándáil fuinnimh na hÉireann á cinntiú aige cheana féin, an bealach a chuirfear luas faoi athrú na tíre go héifeachtúlacht fuinnimh níos fearr agus córais fuinnimh in-athnuaite dhúchasacha. Leagtar amach ann chomh maith an bealach ar féidir tacú le tomhaltóirí agus le gnóthaí fuinneamh agus airgead a shábháil.
Tá dúshláin nua tagtha chun cinn do shlándáil soláthairtí fuinnimh ar fud na hEorpa de bharr éilimh níos mó agus muid ag teacht as an bpaindéim chomh maith le hionradh na Rúise ar an Úcráin agus na smachtbhannaí a cuireadh ar an Rúis dá bharr. Nuair a ghlactar gach ceann de na nithe sin san áireamh, tá arduithe móra feicthe againn ag teacht ar phraghsanna gáis, leictreachais agus ola, in Éirinn agus ar fud na hEorpa.
Leagtar amach sa chreat gníomhaíocht an Rialtais mar fhreagra ar na saincheisteanna seo ar fud 3 príomhthéama: