Clár Ceannairí Óga Éire Dhomhanda
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is comórtas é an Clár Ceannairí Óga Éire Dhomhanda a spreagann scoláirí na hIdirbhliana le smaoineamh ar ról na hÉireann sa domhan ar bhealach neamhspleách agus cruthaitheach. Is éard a bheidh sa duais ná an deis obair sheirbhís gnóthaí eachtracha na hÉireann a fheiceáil go pearsanta trí chlár trí lá a óstálfar sa Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath.
Gheobhaidh na scoláirí an deis taithí a fháil ar dhomhan na taidhleoireachta agus na ngnóthaí eachtracha, lena n-áirítear foghlaim faoi obair ENRanna idirnáisiúnta, síocháin agus athmhuintearas ar oileán na hÉireann, ceardlanna idirghníomhacha, cruinnithe le hAmbasadóirí Éireannacha, agus cuairt chuig ambasáid tíre eile in Éirinn.
Tugtar cuireadh do scoláirí cur isteach ar Chlár Ceannairí Óga Éire Dhomhanda trí aiste scríofa nó físe a chur isteach maidir le téama an chomórtais: Todhchaí Chúnamh Éireann .
Is ionann 2024 agus 50 bliain ó bunaíodh Cúnamh Éireann, clár an Rialtais d’fhorbairt thar lear. Agus muid ag breathnú chun tosaigh anois, tá an-suim againn guthanna daoine óga a chloisteáil maidir le todhchaí an chomhoibrithe idirnáisiúnta chun tacú le todhchaí níos fearr do dhaoine agus pobail ar fud an domhain.
Is gá go mbeadh píosa oibre scríofa 500 focal ar a mhéad nó físeán 90 soicind ar a mhéad i gceist leis an iontráil. Is féidir le hiontrálacha a bheith bunaithe ar shaincheist a bhaineann le Todhchaí Chúnamh Éireann, lena n-áirítear:
1) Tionchar Chúnamh Éireann: Conas a dhéanann Cúnamh Éireann difríocht dhearfach ar domhan? Céard iad na gnéithe is tábhachtaí dá obair agus cén fáth?
2) Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe: Cén fáth a bhfuil Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe tábhachtach agus cén chaoi ar féidir le daoine óga in Éirinn ról a bheith acu ó thaobh cur leis an méid atá bainte amach acu?
3) Cabhrú go Domhanda: Conas, dar leat, is féidir le hÉirinn cabhrú leis an domhan spriocanna tábhachtacha i dtaobh nithe ar nós na sláinte, an oideachais agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach?
4) Oideachas do Chách: Cén fáth a bhfuil an t-oideachas chomh tábhachtach sin ó thaobh cabhrú le tíortha forbairt?
5) Rannpháirtíocht na hÓige: Cén fáth ar cheart do dhaoine óga spéis a léiriú i saincheisteanna domhanda agus i gcabhrú le daoine eile ar fud an domhain? Conas is féidir le daoine óga cabhrú le spriocanna Chúnamh Éireann?
6) Breathnaigh chun tosaigh: Céard iad na dúshláin agus na deiseanna is mó don domhan amach anseo, dar leat?
7) Obair le chéile: Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach do thíortha oibriú le chéile? Céard iad na mórcheisteanna nach mór dúinn oibriú orthu i dteannta a chéile?
Déanfaidh painéal saineolaithe ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, ón Roinn Oideachais agus ó chomhpháirtithe sochaí sibhialta Chúnamh Éireann na píosaí oibre a mheas.
Beidh an painéal moltóirí ag súil le go mbeidh tú in ann do chuid tuairimí a chur in iúl ar bhealach soiléir agus gonta agus ag am céanna, go léireoidh tú smaointeoireacht chruthaitheach agus chriticiúil i do chur chuige.
Úsáidfear na sainchritéir seo a leanas agus píosaí oibre á meas:
• Ábharthacht don téama
• Úrnuacht
• Léargais/machnamh criticiúil
• Stíl agus cur i láthair
Iarrtar ar scoileanna dhá phíosa oibre ar a mhéad a ainmniú in aghaidh na scoile . B’fhéidir gur mhaith le scoileanna réamhbhabhtaí a chur ar bun nó beirt scoláirí a roghnú le páirt a ghlacadh.
Le páirt a ghlacadh, seol ríomhphost le do thoil chuig youngleaders@dfa.ie . Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith sa ríomhphost:
a. Ainm iomlán an scoláire
b. Ainm iomlán na scoile
c. Ainm Chomhordaitheoir na hIdirbhliana / an mhúinteora ábhartha
d. Píosa oibre scríofa mar cheangaltán Word NÓ má tá físeán á chur isteach, bí i dteagmháil linn le do thoil le nasc Sharefile a fháil chun an comhad a uaslódáil
Is é an 12 Aibreán an spriocdháta d’obair a leagan isteach. Tá sé beartaithe go sealadach go dtarlóidh an clár an tseachtain dar tús 13 Bealtaine .
Is do scoláirí na hIdirbhliana amháin atá an comórtas seo oscailte.
Is ionann an duais agus clár trí lá a thugann deis do scoláirí taithí a fháil ar obair an taidhleora, lena n-áirítear foghlaim faoi obair ENRanna idirnáisiúnta, síocháin agus athmhuintearas ar oileán na hÉireann, ceardlanna idirghníomhacha maidir le hobair Chúnamh Éireann, bualadh le hAmbasadóirí Éireannacha, agus cuairt chuig ambasáid tíre eile in Éirinn.
Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh an clár ar siúl i mBaile Átha Cliath. Le haghaidh comhairle agus tacaíocht maidir le lóistín, déan teagmháil le do thoil leis an Roinn.
a. Ní mór duit d’obair féin a leagan isteach. Má dhéanann tú tagairt d’obair daoine eile nó do théacsanna oifigiúla, ná dearmad le do thoil tagairt a dhéanamh don fhoinse. Tá sé ceart go leor trealamh físe a fháil ar iasacht ó do scoil agus daoine eile a earcú le cabhrú leat leis an scannánú.
b. Déanfaidh an painéal moltóirí gach iontráil a mheas agus roghnóidh siad scoláirí le páirt a ghlacadh i gclár trí lá sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Níl aon dul thar chinneadh an phainéil moltóirí.
c. Beidh sé de cheart ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha iontráil ar bith sa chomórtas a fhoilsiú nó a chóipeáil ar bhealach ar bith eile, in éineacht le hainm an údair.
d. Ní cheadaítear ábhar ar bith atá faoi chóipcheart (ceol, íomhánna, etc.) a úsáid don chomórtas seo ach amháin más leatsa an cóipcheart nó má tá ceadúnas agat an t-ábhar a úsáid don chomórtas seo. Is gá cead i scríbhinn a fháil agus a chur ar fáil ar iarratas d’aon ábhar faoi chóipcheart.
e. Má roghnaítear mar bhuaiteoir comórtais thú, is gá foirm cheada tuismitheora a bheith sínithe agus leagtha isteach in éineacht le sonraí polasaí árachais na scoile.
Foirm thoilithe do scoláirí agus caomhnóirí
Clár Ceannairí Óga Éire Dhomhanda