Deich mBliana na gCuimhneachán
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thosaigh Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán in 2012 agus díríodh ar dtús ar an iliomad cuimhneachán suntasach a bhí ar siúl le linn na tréimhse 2012–2016. Tháinig an Clár go maith le clár leanúnach na gcomórthaí Stáit bliantúla, nuair a bhíodh imeachtaí comórtha speisialta ar siúl ar chothrom céad bliain na n-imeachtaí stairiúla.
Bhí clár Dheich mBliana na gCuimhneachán leathan agus cuimsitheach, agus leagadh béim ann ar choinníollacha eacnamaíocha agus sóisialta na tréimhse, ar na hathruithe a tháinig sna noirm chultúir agus ar thaithí na nÉireannach thar lear.
Rinne an Clár, atá anois tagtha chun deiridh:
Thug an clár deis níos mó díriú ar fhorbairt rochtain a fháil ar thaifid stairiúla agus bhunfhoinsí ón tréimhse, agus deis a bheith ag obair le comhlachtaí cultúir áitiúla agus náisiúnta chun sraith taispeántas agus pléití poiblí a chur i láthair.
D'oibrigh an roinn le páirtithe leasmhara ó chomhlachtaí ionadaíocha agus leis an earnáil pobail agus dheonach tré chéile chun tionscnaimh chomórtha faoin gclár a éascú le linn an ama.
Lean an cur chuige foriomlán chun na comórthaí a phleanáil agus a sholáthar go dtí deireadh Dheich mBliana na gCuimhneachán (2020–2023) na prionsabail a leagtar amach sa Ráiteas Tosaigh ón nGrúpa Comhairleach um Chomórthaí Céad Bliain (2013) agus Ráiteas Misin an Dara Céim den Ghrúpa Comhairleach Saineolaithe (2017) agus bhí sé bunaithe ar an Tuairisc treorach (2019) ón nGrúpa seo agus ó chomhairliúchán leis an nGrúpa Comhairliúcháin Uile-pháirtí do na Cuimhneacháin.
Bhí an Clár seo bunaithe ar chur chuige de cheithre ghné ina raibh an méid seo a leanas:
Ba í an aidhmh a bhí le clár cuimhneacháin céad bliain an Stáit go dtabharfar chun cuimhne an tréimhse casta stairiúil seo go cuí agus go cóir, go measúil agus go tuisceanach.
Is féidir na foilseacháin a bhaineann leis an gClár a fháil anseo , agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Comórtha ag commemorations@tcagsm.gov.ie