Ceapachán ar Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann- 4 Márta 2024
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis do Chomhairle na nDochtúirí Leighis í a ainmniú, tá an Dr Nadine Farah ceaptha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly T.D. ar Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann le héifeacht ón 4 Márta 2024 go dtí an 12 Eanáir 2027.
MD, FRCOG, FRCPI, Dip US, MB Bch LRCPI & SI
Rinne Nadine staidéar ar leigheas i gColáiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn, agus is ann a bhain sí céim onórach amach i 1998. Ansin chríochnaigh sí staidéir sainoiliúna i gCnáimhseachas agus Gínéiceolaíocht in 2010 agus ceapadh mar Lia Chomhairleach í in Ospidéal an Choim an bhliain sink agus tá sí ina comhalta de bhord an ospidéil faoi láthair. Bronnadh céim MD ar Nadine i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) in 2012 as a cuid taighde ar mhurtall máthar agus féatais. Ina theannta sin, tá suim ag Nadine sa teagasc agus is Ollamh Comhlach Cliniciúil in UCD í.