Toghcháin Pharlaimint na hEorpa agus Áitiúla agus Toghchán do Mhéara Luimnigh
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is féidir leat seiceáil ar líne ag checktheregister.ie nó ag oifigí do chomhairle cathrach, do chomhairle contae nó do chomhairle cathrach agus contae.
Mura bhfuil, tá am agat iarratas a dhéanamh chun tú féin a chur san áireamh ar an gClár chun vótáil.
Ní mór iarratais chomhlánaithe a bheith faighte ag an údarás áitiúil don cheantar ina bhfuil cónaí ar an duine faoi Dé Luain an 20 Bealtaine 2024 .
Ní mór iarratais chomhlánaithe le bheith ar an liosta Vótálaithe Poist nó an liosta Vótálaithe Speisialta a bheith faighte ag an údarás áitiúil don cheantar ina bhfuil tú i do chónaí faoi Dé Sathairn an 11 Bealtaine 2024 .
Chun vóta a chaitheamh, ní mór duit a bheith:
Is féidir le Saoránaigh Éireannacha agus le Saoránaigh an AE vótáil i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa, i dtoghcháin áitiúla agus sa thoghchán do mhéara Luimnigh.
Is féidir le Saoránaigh neamh-AE vótáil sna toghcháin áitiúla agus sa thoghchán do mhéara Luimnigh.
Mura bhfuil d’ainm ar Chlár na dToghthóirí, nó más gá duit do shonraí a nuashonrú, is féidir leat iarratas ar líne a chur isteach ag checktheregister.ie . Is féidir leat foirm iarratais a chur isteach chuig d’údarás áitiúil freisin. Tá foirmeacha iarratais ábhartha ar fáil ó oifigí do chomhairle cathrach, do chomhairle contae nó do chomhairle cathrach agus contae nó ó www.checktheregister.ie
I gcásanna áirithe, ní mór do shaoránaigh AE seachas saoránaigh Éireannach dearbhú reachtúil Foirm EP1 ar leith a chomhlánú chun vótáil i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa. Tá an fhoirm seo ar fáil ó oifigí do chomhairle cathrach, do chomhairle contae nó do chomhairle cathrach agus contae agus ar líne ag checktheregister.ie
Dé hAoine an 7 Meitheamh 2024.
Stáisiúin Vótála ar oscailt: 7:00 a.m. – 10:00 i.n.