Treoir maidir le sábháilteacht dóiteáin d'Úinéirí Foirgneamh agus d'Oibreoirí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Treoir do dhaoine a bhfuil smacht acu faoi Alt 18(2) de na hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin, 1981 agus 2003.
Le hAlt 18(2) de na hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin, 1981 agus 2003, cuirtear dualgas ar dhaoine a bhfuil smacht acu ar gach cineál áitribh seachas teach cónaithe arna áitiú mar áit chónaithe aonair. Cabhróidh an Treoir seo le gach duine a bhfuil smacht acu teacht na ceanglais seo a thuiscint go praiticiúil agus iad cur i bhfeidhm go héifeachtach agus a bhfreagracht reachtúil as sábháilteacht dóiteáin in áitreabh a chomhlíonadh.
D’fhéadfadh an t-úinéir, an t-áititheoir, an léasaí nó duine éigin a bhfuil an t-áitreabh aige nó aici ar cíos a áireamh mar dhaoine a bhfuil smacht acu ar áitreabh. Cabhróidh an treoir seo chun an duine a bhfuil smacht aige nó aici a shainaithint mar an duine a bhfuil freagracht dhíreach air nó aici as sábháilteacht dóiteáin. Sa treoir seo, déantar cur síos breise ar phrionsabail ghinearálta na sábháilteachta agus ar an raon dualgas ba cheart a chur i bhfeidhm ag féachaint d'imthosca aonair gach áitreabh ar leith, seachas do shraith rialacha.
Tá sé beartaithe go mbeidh an treoir seo de chuidiú chun treoir chaighdeánach a sholáthar d’úinéirí foirgneamh. Go dtí seo, ní raibh aon treoir chaighdeánach náisiúnta ghinearálta ar shábháilteacht ó dhóiteán ar fáil d’úinéirí foirgneamh nó d’oibreoirí foirgneamh. Táthar ag súil go dtabharfaí isteach cur chuige aitheanta náisiúnta a bheidh de chabhair ina leith sin de thoradh ar an Treoir a bheith curtha ar fáil.
Sa treoir seo, cuirfear creat ar fáil d’úinéirí agus d’oibreoirí foirgneamh maidir le sábháilteacht dóiteáin. Déanfar foráil leis maidir le soiléireacht agus comhsheasmhacht an chur chuige, ar an mbonn náisiúnta. Cabhróidh sé le caighdeáin réasúnta sábháilteachta dóiteáin i bhfoirgnimh a chinntiú freisin.