Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le hAirteagal 10 de Rialachán No 305/2011 (ar a dtugtar Rialachán na dTáirgí Foirgníochta nó an “RTF”), ceanglaítear ar gach Ballstát laistigh den Aontas Eorpach Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht a ainmniú de bhun Airteagal 9 de Regulation (EC) No 764/2008 of the European Parliament and of the Council laying down procedures relating to the application of certain national technical rules to products lawfully marketed in another Member State and repealing Decision No 3052/95/EC
Is é an leathanach idirlín seo Pointe Teagmhála Táirgí na hÉireann don Fhoirgníocht
Is é ról an Phointe Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht faisnéis agus treoir a sholáthar maidir leis na rialacha agus rialacháin náisiúnta is infheidhme i leith táirgí in oibreacha foirgníochta a chorprú, a chóimeáil nó a shuiteáil. I gcoitinne, bíonn Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht riachtanach, ar iarraidh, inter alia, oibreora eacnamaíochta (.i. déantúsóir, impórtálaí nó dáileoir) nó údaráis inniúil Bhallstáit eile, chun an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar:
Ba chóir a thabhairt faoi deara nach dtagann gnóthaí a bhaineann le léirmhíniú an RTF faoi shainchúram an Phointe Teagmhála do Táirgí don Fhoirgníocht. Sa chomhthéacs seo, tá sraith Ceisteanna Coitianta curtha ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach a chlúdaíonn na Rialacháin um Tháirgí Foirgníochta chun cabhrú le páirtithe leasmhara sna hábhair sin.
Is féidir gach ceist eile a bhaineann leis na forálacha náisiúnta in Éirinn, atá dírithe ar na buncheanglais do na hoibreacha foirgníochta a chomhlíonadh, a sheoladh chuig: pcp@housing.gov.ie .
Ba cheart faisnéis a sholáthar agus téarmaí trédhearcacha sothuige á n-úsáid, oiread agus is indéanta sin i bhfianaise theicniúlacht an ábhair atá i gceist, maidir leis na forálacha laistigh de chríocha an Bhallstáit atá dírithe ar a bheith ag comhlíonadh ceanglas bunúsach d’oibreacha foirgníochta a bhaineann le hábhar agus a bheidh beartaithe don úsáid a bheidh i gceist a bhaint as gach táirge foirgníochta, faoi mar a fhoráltar lena aghaidh in Airteagal 6(3)(e) den Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta.
Is iad seo a leanas na seacht gceanglas bunúsach le haghaidh oibreacha foirgníochta faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta:
Tá forálacha náisiúnta, a bhfuil sé d’aidhm leo na ceanglais bhunúsacha a chomhlíonadh maidir le foirgnimh a thógáil, ar fáil ach cliceáil ar na naisc seo a leanas:
Tá forálacha náisiúnta atá dírithe ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le bóithre agus droichid a thógáil ar fáil ag Bonnegair Iompair Éireann Foilseacháin
Is féidir eolas ar chaighdeáin náisiúnta, ar mholtaí caighdeánacha agus ar iarscríbhinní náisiúnta a fháil ó láithreán gréasáin an Údaráis um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann ag Caighdeáin Táirgí
Le haghaidh faisnéise ar mar a sholáthraítear Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht i mBallstáit eile den Aontas Eorpach, breathnaigh ar an liosta iomlán de Phointe Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht
Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoin Rialachán lena n-áirítear treoir “chéim ar chéim” maidir le marcáil EC, breathnaigh ar suíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Mhargaidh Inmheánaigh, an Tionscail, na Fiontraíochta agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.