Sholáthair an Taoiseach Leo Varadkar, T.D. an spreagaitheasc ag 3ú Fóram an Oileáin Chomhroinnte i bhFeabhra 2024, inar thug sé cuntas ar thosaíochtaí agus cuspóirí uaillmhianacha an Rialtais do Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte in 2024.
AMHARC AR: Comhrá cois tine anseo.
D’fhoilsigh Roinn an Taoisigh an tuarascáil ‘Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte 2023 – Gníomhú i leith Todhchaí Chomhroinnte’ freisin ina leagtar amach conas a thug an Rialtas a thiomantas chun cinn le bliain anuas chun idirchaidreamh a dhéanamh le gach pobal agus traidisiún le todhchaí chomhroinnte a chruthú ar an oileán, atá buntacaithe ag Comhaontú Aoine an Chéasta.
Léirigh an Rialtas léiriú ar cheol, ar an bhfocal labhartha agus ar dhamhsa comhaimseartha den chéad uair a rinne Alan Gilsenan a choimeád agus a léiriú, dar teideal Shared Island Symphony.
Bhí breis agus 220 páirtí leasmhar polaitíochta, cathartha, pobail agus eacnamaíochta ó áiteanna ar fud oileán na hÉireann i láthair. Cuirtear seisiúin phainéil ar siúl san Fhóram ar Fhóram Óige an Oileáin Chomhroinnte, tionscadail lena dtacaíonn Ciste an Oileáin Chomhroinnte, agus ar dheiseanna chun comhoibriú ar dhúshláin agus ar dheiseanna straitéiseacha d’oileán na hÉireann sna blianta amach romhainn.
Leanann Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte d’idirchaidreamh a dhéanamh leis na pobail go léir le comhdhearcadh a chruthú maidir le todhchaí chomhroinnte agus le tairbhí a sholáthar don oileán iomlán, lena mbuntacaíonn Comhaontú Aoine an Chéasta.
Rinne an Rialtas beagnach €500m a leithdháileadh go dtí seo ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte, agus thug sé ceangaltais agus cuspóirí infheistíochta trasteorann chun cinn, athfhorbairt Pháirc Mhic Easmainn, Droichead Chaol Uisce agus infheistíocht chaipitil eile ina measc, cosúil le Campas Ollscoil Uladh i nDoire, agus tús a chur le tionscadail agus le cláir nua uile-oileáin a fhreagraíonn do leasanna agus do bhuarthaí coiteanna gach pobal. Anuas air sin, chuir an Rialtas €600m breise ar fáil i dtreo an A5 a uasghrádú, agus dheimhnigh sé freisin go gcuirfear cistiú ar fáil ó fhoinsí eile ón Roinn Bonneagair i dTuaisceart Éireann.
I mí na Nollag 2022, ag Fóram Oileán Comhroinnte a craoladh ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath leag an Taoiseach a bhí ann ag an am amach na tosaíochtaí a bhí ag an rialtas don chéad chéim eile de thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte.
D'fhéach an ócáid ar an dul chun cinn a bhí déanta ag tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte go dtí seo agus ar an gclár uaillmhianach oibre don bhliain ina dhiaidh sin a bhain le dul i dteagmháil le gach pobal agus le gach traidisiún ar an oileán chun teacht ar chomhdhearcadh maidir le todhchaí chomhroinnte.
Tugadh eochair-aitheasc inar fógraíodh roinnt infheistíochtaí nua trasteorainn agus uile-oileáin chomh maith le tionscadail rannpháirtíochta sibhialta, a dtabharfar tacaíocht dóibh tríd an gCiste um Oileán Comhroinnte, agus a bheidh á seachadadh ag ranna rialtais ag obair i gcomhpháirtíocht le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann, le Rialtas na Ríochta Aontaithe agus le hÚdaráis Áitiúla.
Fágann an fógra seo go bhfuil os cionn €190m leithdháilte ón gCiste um Oileán Comhroinnte le dhá bhliain anuas, d’fhonn na cuspóirí infheistíochta i dtaca leis an Oileán Comhroinnte a bhí i gClár an Rialtais agus sa Phlean Forbartha Náisiúnta athbhreithnithe 2021-30, a bhaint amach.
- Léigh an t-aitheasc iomlán anseo.
- Chun breathnú ar Q&A cliceáil anseo.
Foilsíodh 'Tuarascáil tionscnaimh an Oileáin Chomhroinnte 2022 – Gníomh maidir le Todhchaí Chomhroinnte' ag an bhFóram. Leagtar amach ann an dara bliain de Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, agus an chaoi ar thug an Rialtas chun cinn a thiomantas dul i dteagmháil le gach pobal agus le gach traidisiún chun todhchaí chomhroinnte a thógáil ar an oileán, agus Comhaontú Aoine an Chéasta mar bhonn agus mar thaca leis.
Shared Island Initiative 2022: Action on a Shared Future
Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte 2022: Gníomhaíocht maidir le Todhchaí Chomhroinnte
Thug Comhpháirtíocht Chultúrtha an Iarthuaiscirt, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Caoimhín Ó Fearghail taispeántas cumhachtach, spreagúil, 'Where Traditions Meet'. Iniúchadh agus ceiliúradh ar thraidisiúin na hUltaise agus na Gaeilge araon a bhí sa taispeántas seo.
Scrúdaigh plé painéil de chuid an Fhóraim dar teideal, "Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte i mbun gnímh", cuid de na hinfheistíochtaí agus na tionscadail shonracha a bhí mar chuid den chlár oibre a bhí Oileán Comhroinnte go dtí seo.
Dhírigh plé painéil eile, "Féiniúlachtaí agus bríonna in Oileán Comhroinnte", ar fhéiniúlacht chultúrtha agus náisiúnta na bpobal agus ar ghnéithe eile a bhaineann lenár bhféiniúlacht cosúil le hinscne, gnéasacht, cumas, cúlra socheacnamaíoch srl.
Féach ar fhóram iomlán Oileán Comhroinnte anseo.
I mí na Nollag 2021, leag an Taoiseach, Micheál Martin TD, amach tosaíochtaí an Rialtais don chéad chéim eile den tionscnamh Oileán Comhroinnte ag Fóram um Oileán Comhroinnte a craoladh ar líne ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath.
Rinneadh plé ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ag an tionscnamh um Oileán Comhroinnte agus ar an gclár uaillmhianach oibre do na blianta amach romhainn le teagmháil a dhéanamh le gach pobal agus traidisiún le comhdhearcadh a chothú maidir le todhchaí chomhroinnte.
Ba é an Taoiseach a thug an príomhaitheasc, ina ndearna sé roinnt tionscadal nua infheistíochta agus rannpháirtíochta pobail trasteorann agus uile-oileáin a fhógairt, a mbeidh tacú le fáil acu faoin gCiste um Oileán Comhroinnte agus a bheidh á gcur ar fáil ag Ranna Rialtais ag obair i gcomhpháirtíocht le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann, le Rialtas na Ríochta Aontaithe agus le hÚdaráis Áitiúla.
Is féidir an t-aitheasc iomlán a léamh anseo.
Thug Patrick Kielty aitheasc aoichainteora cumhachtach, a raibh ábhar machnaimh ann, inar thug sé achoimre ar atá i gceist le hoileán comhroinnte dósan:
Le linn an Fhóraim foilsíodh “Ag breathnú chun cinn ar thodhchaí chomhroinnte - Tuarascáil ar an tsraith Idirphléití maidir le hOileán Comhroinnte 2020 - 2021”, ina dtugtar léargas ar phríomhphointí na seacht n-imeacht Idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte ina raibh breis is 1,000 ionadaí poiblí agus eagraíochtaí ó ar fud gach pobal agus traidisiún ar an oileán páirteach.
Is féidir an tuarascáil iomlán a fháil anseo.
Scrúdaíodh ceannaireacht thrasteorann agus thras-phobail na sochaí sibhialta maidir le hábhair imní i gcoiteann i ndáil leis na blianta amach romhainn, Thuaidh agus Theas, i ndíospóireacht phainéil Fóraim “Rannpháirtíocht i leith todhchaí comhroinnte”.
Díríodh i ndara díospóireacht phainéil, “Tuiscint a fháil ar ár n-oileán comhroinnte”, ar chlár taighde cuimsitheach atá a thabhairt chun cinn mar chuid den tionscnamh um Oileán Comhroinnte, leis an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach, ESRI, an Chomhairle um Thaighde in Éirinn agus le páirtithe eile. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na comhpháirtíochtaí sin anseo.
Féach ar an bhFóram um Oileán Comhroinnte ar fad anseo.
Ar an 22 Deireadh Fómhair 2020, leag an Taoiseach amach in aitheasc ar líne an fhís agus na tosaíochtaí atá ag an rialtais do thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte. Léigh an óráid iomlán anseo.