Toiliú Aire/Fógra i dtaobh Oibre ag Séadchomhartha nó i ndáille Séadchomhartha
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is éard is séadchomhartha náisiúnta ann ná séadchomhartha, nó iarsmaí séadchomhartha, a bhfuil tábhacht náisiúnta lena chaomhnú mar gheall ar a spéis stairiúil, ailtireachta, traidisiúnta, ealaíne nó seandálaíochta.
Le haghaidh aon oibreacha ag nó gar do shéadchomhartha náisiúnta atá faoi úinéireacht nó faoi chaomhnóireacht an Aire nó Údaráis Áitiúil, nó iad siúd atá faoi réir ordú buanchoimeádta nó ordú buanchoimeádta, is gá toiliú i scríbhinn a fháil roimh ré ón Aire.
Ba cheart iarratas ar Chead Aire a dhéanamh ar an bhfoirm thíos:
Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta - Iarratas ar Thoiliú
Is Séadchomharthaí Taifeadta iad go leor de na séadchomharthaí seandálaíochta aitheanta in Éirinn [hipearnasc anseo chuig léarscáileanna agus lámhleabhair Thaifead na Séadchomharthaí agus Áiteanna] agus ceanglaítear ar aon duine a bheartaíonn obair a dhéanamh ag Séadchomhartha Taifeadta nó i ndáil leis fógra i scríbhinn a thabhairt don Aire dhá mhí sula gcuirfear tús leis an obair sin. Déantar é seo chun am a thabhairt do Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta chun an obair atá beartaithe a mheas agus conas is fearr an séadchomhartha a chosaint.
Is féidir fógra i scríbhinn a thabhairt ar an bhfoirm thíos: