Príomh-Oifigeach Seirbhísí agus Leas-Phríomhoifigeach Seirbhísí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá iarratais á lorg ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó iarrthóirí oiriúnacha chun folúntais a d'fhéadfadh teacht chun cinn do phost an Phríomh-Oifigeach Seirbhísí sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, Lána Líosain, Baile Átha Cliath 2. Tá sé i gceist Leas-Phríomhoifigeach Seirbhísí a cheapadh sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ón gcomórtas seo chomh maith.
An Ról
Tá ról an Phríomhoifigigh Seirbhísí agus an Leas-Phríomhoifigigh Seirbhísí ríthábhachtach do dhea-oibriú na seirbhísí in Oifig Bhaile Átha Cliath na Roinne ar Lána Líosain, Baile Átha Cliath 2. Oibríonn an Príomh-Oifigeach Seirbhísí agus an Leas-Phríomhoifigeach Seirbhísí laistigh den Rannóg Seirbhísí Corparáideacha agus tuairiscíonn siad don Bhainisteoir Seirbhísí Oifige. Éilíonn an ról freisin teagmháil agus cumarsáid a dhéanamh le baill foirne agus bainisteoirí ar fud na Roinne chomh maith le hoifigigh eile agus baill den phobal. Caitear foireann Oifigigh Seirbhíse agus Freastalaithe Seirbhísí a bhainistiú freisin sa ról. Is Oifigeach Seirbhísí é an LeasPhríomhoifigeach Seirbhísí a fhaigheann liúntas agus comhlíonann sé Dualgais Oifigeach Seirbhísí freisin nuair nach mbíonn ról an Leas-Phríomhoifigeach Seirbhísí á chomhlíonadh aige/aici.
Príomhdhualgais a ghabhann leis an Ról
Beidh na dualgais seo a leanas i gceist le ról an Phríomh-Oifigigh Seirbhísí. Rachaidh an Leas-Phríomhoifigigh Seirbhísí in ionad an Phríomhoifigigh Seirbhísí nuair is gá agus tacóidh sé/sí leis na dualgais seo a chomhlíonadh.
Tá na dualgais seo a leanas i gceist leis an ról:
• Riachtanais uainchláir a bhaineann le hoscailt agus dúnadh an fhoirgnimh agus coinneáil eochrach tar éis uaireanta oibre a bhainistiú.
• Tinreamh a bhainistiú dóibh féin agus do bhaill foirne faoina gcúram ar gach oiliúint éigeantach agus ábhartha don ról.
• Dualgais fáiltithe, lena n-áirítear lasc-chlár, déileáil leis an bpobal, conraitheoirí agus seachadtaí.
• Post agus DX a bhainistiú (seirbhís cúiréara dlí slán), lena n-áirítear frainceáil.
• Bailiúchán agus dáileadh post a bhainistiú ar fud an fhoirgnimh.
• Bainistiú agus socrú a dhéanamh maidir le bailiú dramhaíola rúnda agus eile agus míreanna eile le diúscairt.
• Monatóireacht, seiceáil agus eagrú maidir le soláthar páipéir a athlíonadh le haghaidh fótachóipeálaithe agus printéirí.
• Monatóireacht a dhéanamh ar dheisiúcháin agus ar cheisteanna comhchosúla agus iad a logáil le Seirbhísí Oifige agus/nó Oifig na nOibreacha Poiblí agus idirchaidreamh a dhéanamh leo.
• Rannpháirtíocht in eagrú druileanna dóiteáin, oiliúint bhainisteoir sábháilteachta dóiteáin agus mhaor dóiteáin.
• Coimeád logáil cuairteoirí isteach agus amach as an bhfoirgneamh.
• Eisiúint agus aisghabháil svaidhpchártaí do chuairteoirí.
• Aon imní/tuarascáil a thabhairt do Bhainistíocht Seirbhísí Oifige ar aon cheist a bhaineann le cothabháil na bhfoirgneamh/limistéar oifige le haghaidh gnímh ag Foireann Bainistíochta Seirbhísí Oifige.
• Bratacha a ardú agus a ísliú mar is cuí.
• Aon cheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn do chustaiméirí a fhaigheann rochtain ar an bhfoirgneamh a thuairisciú d’Oifigeach Rochtana na Roinne.
• Dualgais chuí bhreise mar a shanntar ó am go ham.
Ba chóir a thabhairt faoi deara, ós rud é gurb í an Roinn atá freagrach as tacú agus cur chun cinn na Gaeilge, go bhfuil sé beartaithe go mbeadh dualgais fáiltithe trí mheán na Gaeilge ar fáil de réir mar is gá.
Chomh maith leis na dualgais a leagtar amach thuas, beidh na daoine a cheapfar freagrach as róil sláinte agus sábháilteachta lena n-áirítear eagrú seiceálacha ar threalamh garchabhrach, dífhibrileoirí agus trealamh comhraicthe dóiteáin, nósanna imeachta doiciméadaithe a dhréachtú, cothabháil foirgneamh agus córais téimh agus astuithe carbóin a bhainistiú
An Bealach le hIarratas a Dhéanamh
Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach chuig personnel@tcagsm.gov.ie faoin 3.00 i.n. 14ú Lúnasa, 2024
Leabhrán Eolais
Download the attached information booklet for more information on eligibility and requirements.
Information Booklet for Candidates (GA)
Foirm Iarratais
If you would like to apply for the Head Services Officer and Deputy Head Services Officer position, download the attached application form.
Foirm Iarratais - Príomh-Oifigeach Seirbhísí agus Leas-Phríomhoifigeach Seirbhísí
Ráiteas Príobháideachta
Please see the attached privacy statement regarding personal data provided in connection with this competition.