Déanann an Chigireacht cineálacha éagsúla cigireachtaí i scoileanna agus in ionaid oideachais. Táimid ag forbairt cineálacha nua cigireachta agus cuairteanna comhairleacha ar scoileanna freisin.
Déantar Cigireachtaí atá dírithe ar an Oideachas sna Luathbhlianta i seirbhísí luathbhlianta atá rannpháirteach i gClár Cúram agus Oideachas na Luathóige. Is clár é seo lena soláthraítear tréimhse chúram agus oideachas Luathóige saor in aisce do leanaí roimh dóibh tosú ar an scoil.
Le linn na gcigireachtaí seo déanaimid measúnú ar cháilíocht nádúr, raon agus oiriúnacht na n-eispéireas luathoideachais do leanaí a ghlacann páirt i gClár Cúram agus Oideachas na Luathóige. Is í príomhghníomhaíocht nacigireachta atá dírithe ar an Oideachas sna Luathbhlianta ná go bhféachann an cigire ar phróisis agus ar chleachtais a bhaineann le foghlaim na leanaí i seomra nó i limistéar foghlama amháin nó níos mó díobh, sa suíomh luathbhlianta. Leigh níos mo
Leagtar amach sa Treoir don Chigireacht Oideachas Luathbhlianta an tslí ina dtugaimid faoi chigireachtaí sna luathbhlianta.
Sa Treoir maidir le Cigireacht i mBunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna leagtar amach an chaoi ina dtugaimid faoi chigireachtaí sna scoileanna.
Is féidir le múinteoir nó le bord bainsitíochta lena mbaineann cigireacht athbhreithníu ar an gcigireacht a iarraidh faoi réir Nós Imeachta Athbhreithnithe do Chigireachtaí ar Scoileanna agus ar Mhúinteoirí de réir Alt 13 (9) den Acht Oideachais (1998)
Chun breathnú ar thuarascálacha cigireachta foilsithe do scoileanna aonair, aimsigh an scoil ar dtús ag baint úsáide as an bhfeidhm Aimsigh Scoil ar ár suíomh gréasáin. Roghnaigh an scoil chun faisnéis faoin scoil a fheiceáil lena n-áirítear tuairiscí cigireachta a foilsíodh don scoil sin.
Tá gach tuairsc scoile anseo ar leibhéal scoileiomlán no de réir leibhéal ábhair.
Déantar Meastóireachtaí Scoile Uile (WSEnna) i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna. Le linn na gcigireachtaí seo, déanaimid meastóireacht ar cháilíocht bhainistíocht agus cheannaireacht na scoile, ar cháilíocht an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe, agus ar phleanáil agus ar fhéinathbhreithniú na scoile. Is féidir leis an dóigh a ndéanaimid cigireacht ar an scoil le linn WSE a bheith beagán éagsúil. Mar shampla, úsáidimid próisis atá beagán éagsúil i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna; uaireanta díríonn an chigireacht ar ábhar nó ar churaclam agus ag amanna eile, dírímid ar raon ceachtanna éagsúla ar fud raon leathan ábhar. Soláthraímid aiseolas ó bhéal do phobal na scoile ag deireadh na gcigireachtaí seo agus soláthraímid tuarascáil phriontáilte a fhoilsítear ar ár suíomh Gréasáin.
Déantar Meastóireachtaí Curaclaim (CE) i mbunscoileanna. Is meastóireachtaí fócasaithe iad ar ábhar faoi leith ar Churaclam na Bunscoile, mar Mhatamaitic, Stair nó Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte. Le linn Meastóireacht Churaclaim déanaimid meastóireacht ar thrí phríomhghné de sholáthar na scoile don ábhar sin: caighdeán fhoghlaim na ndaltaí san ábhar, an chaoi a dtacaíonn an scoil le foghlaim na ndaltaí san ábhar sin agus an chaoi a ndéanann an scoil pleanáil don ábhar.
Go hiondúil, tógann Meastóireachtaí Curaclaim idir lá agus dhá lá agus le linn na meastóireachta tugann an cigire cuairt ar sheomraí ranga, déanann sé/sí caidreamh le daltaí, buaileann sé/sí le roinnt múinteoirí agus déanann sé/sí athbhreithniú ar líon teoranta de dhoiciméid scoile ábhartha. Tugaimid aiseolas ó bhéal ag deireadh na meastóireachtaí seo agus faigheann an scoil tuairisc scríofa.
Déanann Cigireachtaí ar ábhair meastóireacht ar theagasc agus ar fhoghlaim ábhair aonair in iarbhunscoileanna. Déanaimid cigireacht ar cé chomh maith a phleanálann an scoil do theagasc an ábhair agus ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama i roinn an ábhair. Soláthraímid aiseolas ó bhéal do phobal na scoile ag deireadh na gcigireachtaí seo agus soláthraímid tuarascáil phriontáilte a fhoilsítear ar ár suíomh Gréasáin.
Úsáidtear Meastóireachtaí ar Chláir chun cigireacht a dhéanamh ar chláir ar leith a chuirtear ar fáil in iarbhunscoileanna. I measc na gclár seo tá: Clár Scoile an Teastais Shóisearaigh (JCSP), clár na hIdirbhliana (TYP), an Ardteistiméireacht Fheidhmeach (LCA) agus Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP) in iarbhunscoileanna. Déanaimid cigireacht ar cé chomh maith a phleanálann an scoil do theagasc an chláir agus ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama a fhaigheann daltaí. Soláthraímid aiseolas ó bhéal do phobal na scoile ag deireadh na gcigireachtaí seo agus soláthraímid tuarascáil phriontáilte a fhoilsítear ar ár suíomh Gréasáin.
Déanann an Chigireacht meastóireacht agus tuairisciú ar phleanáil gníomhaíochta le haghaidh feabhsúcháin de chuid na scoileanna DEIS aonair. Le linn na gcigireachtaí sin, déanaimid meastóireacht ar an gcaoi a ndéanann an scoil a plean gníomhaíochta a cheapadh agus a chur i bhfeidhm, agus an chaoi a ndéanann siad monatóireacht air, agus cé mar a théann sé seo i gcion ar thorthaí na bhfoghlaimeoirí. Buailimid le príomhoide na scoile, leis an bhfoireann ceannaireachta inscoile, agus le grúpaí de thuismitheoirí, de dhaltaí agus de mhúinteoirí; agus breathnaímid ar theagasc agus ar fhoghlaim sna seomraí ranga. Líonann na tuismitheoirí agus na daltaí ceistneoir isteach freisin. Tugtar aiseolas ó bhéal ag deireadh na meastóireachtaí seo agus faigheann an scoil tuairisc scríofa, a fhoilsítear sa chuid seo den suíomh gréasáin.
Déanann cigireacht leantach meastóireacht ar an dul chun cinn atá déanta ag scoil ar fheidhmiú moltaí a rinneadh i gcigireacht níos luaithe nuair a foilsíodh nó nuair a eisíodh tuairisc scríofa chuig an scoil. Is iad na moltaí sa tuairisc a foilsíodh nó a eisíodh a chinneann formáid na cigireachta. Ceadaíonn an próiseas solúbthacht imleor chun fianaise a bhailiú maidir leis an dul chun cinn atá déanta ar chur i bhfeidhm roinnt de na príomh-mholtaí, nó iad uile, a rinneadh sa tuairisc chigireachta bhunaidh. Soláthraímid aiseolas ó bhéal ag deireadh na gcigireachtaí agus soláthraímid tuarascáil scríofa a fhoilsítear ar ár suíomh gréasáin.
Úsáidtear Cigireachtaí Speisialaithe nó Téamacha nuair atáimid ag iarraidh scrúdú a dhéanamh ar theagasc ábhair nó saincheiste ar leith sa chóras oideachais. Bíonn béim láidir ar thaighde i gceist leis na cigireachtaí seo go minic. Mar shampla, d’úsáideamar cigireachtaí speisialaithe chun scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna i scoileanna DEIS; d’úsáideamar iad freisin nuair a rinneamar taighde ar theagasc an Bhéarla mar Theanga Bhreise (EAL). De ghnáth, soláthraímid aiseolas ó bhéal agus tuarascáil i scríbhinn don scoil nó don ionad agus is minic a sholáthraímid tuarascáil náisiúnta ina ndéantar achoimre ar na treochtaí ginearálta atá aitheanta againn.
Déantar Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, i scoileanna atá ceangailte le haonaid um chúram speisialta agus in Ionaid Ógtheagmhála. I rith na gcigireachtaí seo, bímid dírithe ar ghrinnfhiosrú a dhéanamh ar an mbealach ina mbíonn a gcuid dualgas reachtúla á gcomhlíonadh ag boird scoileanna agus foirne scoileanna maidir le leanaí a chosaint agus a chumhdach mar is gá de réir na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileannna 2017. I ngach scoil a roghnaítear do Chigireacht um Chosaint agus Chumhdach Leanaí, tarlaíonn dhá chigireacht - Cigireacht Thosaigh um Chosaint Leanaí agus Chigireacht Dheiridh um Chosaint Leanaí. Mar ghnáthnós, tarlóidh an dá chigireacht laistigh de cheithre nó sé seachtaine óna chéile. Ag deireadh gach cigireachta tugaimid aiseolas ó bhéal don scoil mar aon le tuairisc scríofa. Foilsítear na tuariscí ón dá chigireacht go comhuaineach ar ár láithreán gréasáin. Tá sé i gceist leis an bpróiseas a bhaineann le cigireacht thosaigh agus cigireacht dheiridh go gcothóidh scoileanna feabhsúchán i bhfeidhmiú na nósanna imeachta um chosaint leanaí; éascaíonn sé freisin cothú an dea-chleachtais i gceannaireacht scoile mar a bhaineann le cosaint leanaí.
Tugann an Treoir Samhail um Chosaint Leanaí agus Chigireacht Comhdaigh cuntas ar an tslí ina ndéanaimid Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí i mbunscoileanna, iarbhunscoileanna, i lárionaid oideachais agus i suíomhanna foghlama eile.
Is é atá sa mheastóireacht ar Sholáthar do scoláirí a bhfuil Riachtanais Bhreise agus Riachtanais Speisialta Oideachais acu ná meastóireacht fhócasaithe ar sholáthar do scolairí a bhfuil riachtanais bhreise agus riachtanais speisialta oideachais acu. Déanann cigirí tuairisciú ar na phríomhcheisteanna seo le linn na meastóireachtaí:
Le linn na meastóireachta, tugann cigirí cuairt ar ranganna príomhshrutha agus ar ranganna tacaíochta, déanann siad teagmháil le daltaí, déanann siad athbhreithniú ar a gcuid oibre, a gcomhaid, a bpleananna aonair agus sonraí measúnaithe agus reáchtálann siad ceistneoirí do thuismitheoirí. Casann cigirí le múinteoirí oideachais speisialta, le cuntóirí riachtanas speisialta agus le focas grúp de scolairí agus de thuismitheoirí. Le linn na meastóireachtaí seo, tugtar deis don scoil tuairisciú ar an soláthar a dhéanann sí do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu trí Fhoirm Eolais Scoile a chomhlánú agus trí chruinnithe leis an gcigire/na cigirí. Tugaimid aiseolas ó bhéal ag deireadh na gcigireachtaí seo agus faigheann an scoil tuairisc scríofa.
Litir Scoileanna Meastóireacht a Thabhairt Isteach ar Sholáthar do Dhaltaí a bhfuil Riachtanais Bhreise agus Speisialta Oideachais acu in Iarbhunscoileanna
Litir Scoileanna Meastóireacht a Thabhairt Isteach ar Sholáthar do Dhaltaí a bhfuil Riachtanais Bhreise agus Speisialta Oideachais acu in Iarbhunscoileanna 5 Feabhra 2019
Déanann an Chigireacht cigireacht bliantúil ar scoileanna atá nasctha le haonaid chúraim speisialta agus le hionaid choinneála leanaí d’fhonn dearbhú cáilíochta a dhéanamh ar an oideachas a chuirtear ar fáil do na leanaí, agus chun comhairle agus tacaíocht a sholáthar do mhúinteoirí, do phríomhoidí agus do bhainistíocht na scoileanna. Cuirtear san áireamh I gcigireacht na scoileanna sin cúinsí áirithe na scoile, lena n-áirítear eispéiris éagsúla a cuid daltaí. Le linn na cigireachta cuirimid fócas faoi leith ar theagasc agus ar fhoghlaim, bainistíocht agus oibriú ginearálta na scoile agus cumas feabhsúcháin na scoile. Cuirimid aiseolas ó bhéal ar fáil do phríomhoide na scoile ag deireadh na gcigireachtaí sin agus foilsítear tuarascáil chlóite ar ár suíomh gréasáin.
Déantar Meastóireachtaí ar Ionaid Oideachais in ionaid amhail ionaid Ógtheagmhála agus in ionaid eile nach scoileanna aitheanta iad. Tá siad cosúil le meastóireachtaí scoile uile. Le linn na gcigireachtaí seo, déanaimid meastóireacht ar cháilíocht bhainistíocht agus cheannaireacht an ionaid, ar cháilíocht an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe, agus ar phleanáil agus féinathbhreithniú an ionaid. Soláthraímid aiseolas ó bhéal don fhoireann agus don bhord bainistíochta ag deireadh na gcigireachtaí seo agus soláthraímid tuarascáil phriontáilte a fhoilsítear ar ár suíomh Gréasáin.
Déantar Cigireachtaí um Tacú le Soláthar Sábháilte Scolaíochta (TSSS) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, i scoileanna atá ceangailte le haonaid chúraim speisialta agus le hIonaid Ógtheagmhála. Le linn na gcigireachtaí seo, breathnaímid ar an tslí ina bhfuil scoileanna ag cur Plean Freagartha COVID-19 na Roinne i bhfeidhm maidir le hathoscailt sábháilte agus inbhuanaithe scoileanna. Soláthraíonn an plean seo príomhtheachtaireachtaí chun riosca COVID-19 a íoslaghdú don fhoireann, d’fhoghlaimeoirí, do theaghlaigh agus don phobal i gcoitinne agus aithnítear an tábhacht a bhaineann le soláthar sábháilte agus inbhuanaithe scolaíochta do shláinte agus folláine daltaí agus na sochaí.
Ag deireadh gach cigireachta cuirimid aiseolas ó bhéal mar aon le tuarascáil chlóite ar fáil don scoil. Foilsítear an tuarascáil ó gach cigireacht ar ár láithreán gréasáin freisin. Tá sé mar chuspóir ag próiseas na gcuairteanna cigireachta TSSS a dhearbhú don phobal go bhfuil treoirlínte na Roinne á gcur i bhfeidhm agus tacú le scoileanna iad a chur i bhfeidhm.
Is é Teagasc an t-údarás talmhaíochta agus forbartha bia in Éirinn agus is é an príomhsholáthraí breisoideachais sa talmhaíocht, bia, gairneoireacht, foraoiseacht agus staidéir eachaí in Éirinn. Soláthraíonn sé cúrsaí i seacht gcoláiste, agus tá trí cinn acu faoi úinéireacht phríobháideach. Le linn na gcigireachtaí sin déanaimid meastóireacht ar cháilíocht an tsoláthair oideachais agus oiliúna sna coláistí sin. Tuairiscíonn an chigireacht ar cheachtanna a breathnaíodh i raon suíomhanna foghlama sa choláiste, idirghníomhú le mic léinn agus athbhreithniú ar a gcuid oibre, cruinnithe leis an bpríomhoide, le baill foirne lárnacha agus le hionadaithe na mac léinn, ceistneoirí foirne comhlánaithe, agus rogha de dhoiciméid an choláiste. Tugtar deis do Teagasc agus do bhainistíocht an choláiste trácht i scríbhinn a dhéanamh ar thorthaí agus ar mholtaí na tuarascála, agus beidh a bhfreagra le fáil in aguisín na tuarascála.
Cuireann Cigireacht na Roinne Oideachais, ar iarratas na Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, clár bliantúil cigireachta i gcrích ar rogha shamplach de na cúrsaí a eagraíonn coláistí Gaeilge ar leith. Maireann na cúrsaí Gaeilge seo ar feadh trí seachtaine de ghnáth agus eagraítear iad do scoláirí iarbhunscoile agus do dhaltaí sinsearacha bunscoile le linn mhíonna an tsamhraidh den chuid is mó.
Déantar an chigireacht ar chúrsaí Gaeilge chun cáilíocht an oideachais a chuirtear ar fáil do na scoláirí a dhearbhú agus chun comhairle agus tacaíocht a thabhairt do na múinteoirí, na príomhoidí agus coistí bainistíochta na gcoláistí. Eascraíonn na tuairiscí cigireachta seo as breathnóíreacht an chigire ar theagasc, foghlaim agus imeachtaí cultúrtha, as idirghníomhú le scoláirí, as an gcomhphlé leis an mbainistíocht, agus as iniúchadh ar cháipéisíocht ábhartha. I ndeireadh gach cigireachta, tugann an cigire aiseolas do na múinteoirí agus do phríomhoide an chúrsa Gaeilge maidir le cáilíocht an tsoláthair oideachais sa suíomh.
Bíonn tuairiscí ar chúrsaí a sholáthraíonn coláistí Gaeilge faoi réir ghnáth-nósanna imeachta dearbhú cáilíochta na Cigireachta. Tugtar an dréacht-tuairisc do chathaoirleach choiste stiúrtha an choláiste Gaeilge chun na fíricí inti a sheiceáil. Eisítear an tuairisc dheiridh ansin chun go dtabharfaidh lucht an choláiste freagra uirthi. Foilsítear na leaganacha Gaeilge agus Béarla den tuairisc chigireachta ar an gcúrsa Gaeilge ina dhiaidh sin ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus ar shuíomh na Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Is éard atá sa Treoir maidir le Cigireachtaí ar Chúrsaí Choláistí Gaeilge ná faisnéis maidir leis an tsamhail chigireachta a úsáideann Cigireacht na Roinne Oideachais chun meastóireacht a dhéanamh ar an soláthar oideachais sna cúrsaí a sholáthraíonn coláistí Gaeilge.
Ranganna Speisialta atá ceangailte le Bunscoileanna Príomhshrutha in Éirinn