Tá beartas agus nósanna imeachta curtha i bhfeidhm ag an Roinn Sláinte maidir le Nochtadh Cosanta a dhéanamh sa Roinn. Forbraíodh iad ar aon dul leis an Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, agus chomhaontaigh Bord Bainistíochta na Roinne iad. Leagtar amach iontu sin an próiseas trína bhféadfaidh ‘oibrí’ de chuid na Roinne nochtadh cosanta a dhéanamh, na nithe a tharlóidh nuair a dhéantar nochtadh agus na nithe a dhéanfaidh an Roinn chun an té a dhéanann an nochtadh a chosaint.
Tacaíonn an próiseas le tiomantas láidir na Roinne dá chinntiú gur le cultúr agus timpeallacht oibre na Roinne a thugtar spreagadh, cabhair agus tacaíocht d’aon bhall foirne de chuid na Roinne agus é/í ‘ag labhairt amach’ faoi shaincheist ar bith a d’fhéadfadh drochthionchar a imirt ar chumas na Roinne gach ceann dá róil agus freagrachtaí a chomhlíonadh ar bhealach cuí iomlán agus de réir an ardchaighdeáin feidhmíochta a theastaíonn.
Ceanglaítear le halt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, go bhfoilseofar tuarascáil bhliantúil maidir leis na nochtaí cosanta a fhaigheann an Roinn.
Léirítear an staid sna doiciméid thíos:
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL don bhliain 2015 ón Roinn Sláinte de réir Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL NA ROINNE SLÁINTE DO 2016 DE RÉIR ALT 22 DEN ACHT UM NOCHTADH COSANTA 2014
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL NA ROINNE SLÁINTE DO 2017 DE RÉIR ALT 22 DEN ACHT UM NOCHTADH COSANTA 2014
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL DON BHLIAIN 2018 ÓN ROINN SLÁINTE DE RÉIR ALT 22 DEN ACHT UM NOCHTADH COSANTA, 2014
Tuarascáil Bhliantúil 2020 na Nochtadh Cosanta Sláinte 2020
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL don bhliain 2021 ón Roinn Sláinte de réir Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014
Tuarascáil Bhliantúil Na Roinne Sláinte Do 2022 De Réir Alt 22 Den Acht Um Nochtadh Cosanta 2014