Ráiteas ón Aire Martin maidir le pleananna a d’fhógair Ard-Stiúrthóir nua RTÉ
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fáiltím roimh an ráiteas ó Ard-Stiúrthóir nua RTÉ Kevin Bakhurst maidin inniu.
Chuir an tArd-Stiúrthóir ar an eolas mé nuair a bhuail muid ar an Déardaoin go raibh sé ar intinn aige an Bord Feidhmiúcháin a athbhunú. Tugaim faoi deara inniu ina fhógra go bhfuil an Bord Feidhmiúcháin scortha aige agus go bhfuil Foireann Cheannaireachta Eatramhach shealadach curtha ina áit aige.
Bhí an ceart aige na baill foirne a chur ar an eolas faoina phleananna ar maidin, mar a chéad ghníomh. Tugaim faoi deara go háirithe a mholtaí maidir le grúpa comhairliúcháin foirne agus suirbhé fostaithe agus go bhfuil athbhreithniú beartaithe aige ar róil agus gráid, pá, agus comhionannas inscne. Mar an chraoltóir náisiúnta, atá an ceart acu dúshlán institiúidí eile a thabhairt, caithfidh RTÉ a bheith chun tosaigh i dtéarmaí comhionannais agus ionchuimsithe.
Tosaíonn muinín in RTÉ lena fhoireann agus a Bhord féin. Agus as sin is féidir leis tús a chur le muinín a chothú leis an Oireachtas, lena lucht féachana, leis an earnáil léiriúcháin neamhspléach agus leis an phobal i gcoitinne.
Is athrú bunriachtanach eile atá á chur i bhfeidhm ag an Ard-Stiúrthóir ná an fógra maidir le Clár Leasanna. Tá sé seo ríthábhachtach maidir leis an trédhearcacht atá de dhíth in RTÉ agus chun freagracht ag an stáisiún a chinntiú.
Tá sé an-tábhachtach go bhfuil an tArd-Stiúrthóir tiomanta do phróisis rialachais mhionchúiseacha agus deireadh le cinnteoireacht rúnda.
Seo na céad chéimeanna chun cuidiú le muinín an phobail in RTÉ a thabhairt ar ais.
Is comhartha dearfach é ráiteas an Bhoird ag tacú le fógra an Ard-Stiúrthóra ina leith seo.
Cuirfidh na gníomhartha seo leis an obair atá á déanamh ag an iniúchadh seachtrach a chomisiúnaigh an Rialtas, chun measúnú a dhéanamh ar rialachas, cultúr, cúrsaí AD agus íocaíochtaí do chonraitheoirí ag RTÉ.
Chomh maith leis sin, is mór agam gur gheall an tArd-Stiúrthóir go mbeadh comhoibriú iomlán ann leis an chuntasóir fhóiréinseach sheachtrach a cheapfar an tseachtain seo.
Tá an-tábhacht fosta ag baint le gealltanas an Ard-Stiúrthóra chun dul i gcomhar leis an earnáil léiriúcháin neamhspléach, agus le rún s’aige buaileadh le foirne Raidió na Gaeltachta, Nuacht RTÉ, TG4 agus réigiúnacha.
Seo an t-am do thús úrnua trasna RTÉ agus tá mé ag fanacht ar níos mó fógraí ón Ard-Stiúrthóir níos moille inniu maidir leis an Fhoireann Cheannaireachta Eatramhach nua.