Seolann An Taoiseach, an tAire Sláinte agus an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí Feachtas “Bail agus Beatha”
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an Taoiseach, Micheál Ó Máirtín T.D, an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D, agus an tAire Stáit sa Roinn Sláinte atá freagrach as an tSláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Frank Feighan T.D., inniu (Déardaoin, an 29 Deireadh Fómhair) an feachtas “Bail agus Beatha” trína bhféachtar le cuidiú le daoine agus leis an bpobal aire a thabhairt don tsláinte colainne agus mheabhrach i rith na míonna seo amach romhainn.
Leagtar béim i bPlean an Rialtais maidir le Maireachtáil le COVID-19: Teacht Aniar agus Téarnamh 2020-2021 ar an tábhacht a bheidh le seasmhacht an duine agus an phobail agus sinn ag déileáil go leanúnach le COVID-19.
Is gairm scoile ócáid an tseolta inniu. Tugtar cuireadh don duine aonair, do dhreamanna pobail, do ghrúpaí deonacha, d'eagraíochtaí spóirt, dóibh siúd a bhfuil baint acu le bearta cruthaitheachta agus ealaíne agus le hoidhreacht agus stair áitiúil, do ghnólachtaí, chomh maith leis an rialtas áitiúil agus an rialtas náisiúnta, teacht ar bhealaí ina gcuidítear leis an uile dhuine teacht ar ghníomhartha agus ar nósanna nua a dhéanfaidh leas agus tairbhe dúinn.
Tá an feachtas “Bail agus Beatha” dírithe ar bhealaí a léiriú do dhaoine de gach aois inar féidir aire a thabhairt don tsláinte agus don dea-bhail colainne agus meabhrach tí nósanna folláine tairbheacha a chur le gnáthchúrsa an lae agus na seachtaine againn. Beidh treoirlínte, faisnéis agus comhairle á gcur ar fáil maidir le nithe a chuideoidh linn bail agus bláth a choinneáil ar an saol againn féin i rith na míonna seo romhainn. Beidh seo ar fad ar fáil ar gov.ie/healthyireland
Le seoladh an fheachtais inniu, gabhann cistíocht faoi Chiste Éire na Sláinte a chur ar fáil ó Sláintecare chun bonn a chur faoi thionscnaimh éagsúla. Beidh sin á thabhairt i bhfeidhm i rith na míonna seo romhainn. Beidh eolas faoi acmhainní áitiúla agus faoi thionscnaimh éagsúla ar fáil freisin trí na hÚdaráis Áitiúla.
Cuireann seoladh an fheachtais seo leis an bhfeachtas “In This Together” níos luaithe i mbliana. Tá an feachtas “Bail agus Beatha” bunaithe ar chúig cinn de phríomhthéamaí:
Tá Spórt Éireann i mbun ceannródaíochta maidir le sraith de thionscnaimh éagsúla a chuideoidh le daoine fanacht beo gníomhach ina gceantar áitiúil féin i rith an gheimhridh. Tá fáilte freisin roimh eagraíochtaí agus clubanna spóirt teacht ar bhealaí chun cuidiú leis an bpobal ina gceantar féin.
Mar gheall ar an bhfeachtas maidir le Glao an Phobail níos luaithe i mbliana, tá cúnamh á thabhairt do na hÚdaráis Áitiúla líne chabhrach agus seirbhís cairdiúlachta a chur ar fáil do phobal an cheantair. Trí oibriú le páirtithe an chomhair, ina measc an Garda Síochána, eagraíochtaí neamhrialtais agus Obair Dheonach Éireann, beidh béim faoi leith ar na daoine is mó a bheadh i mbaol leithlise agus uaignis a thabhairt chun aire agus bearta cúnta a dhéanamh ina leith.
Beidh tionscnaimh éagsúla á gcur ar fáil ag na hÚdaráis Áitiúla agus ag na leabharlanna, le comhairle ó Éire Ildánach, agus i gcomhar le páirtnéirí ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta, chun cruthaitheacht an duine agus mhuintir an cheantair a chothú i mbun obair ealaíne agus ceardaíochta nó cúrsaí cultúir agus oidhreachta.
Beidh eolas agus acmhainní á gcur ar fáil ag Bord Bia chun treisiú le haiste fholláin bia i rith an gheimhridh. Cuirfidh Safefood an chéad chéim eile den fheachtas “START” ar siúl, ag díriú ar an leas is fearr a bhaint as am an teaghlaigh le chéile agus nósanna folláine a chleachtadh. Chomh maith leis sin, beidh na leabharlanna ar fud na tíre ag cóiriú do thionscnamh mór le Grow It Yourself i dtús na bliana 2021, trína gcuideofar le daoine a gcuid bia féin a chur ag fás – oiread agus is féidir leo, más beag an méid sin fiú amháin – ionas go nasctar ceangal níos dlúithe idir bia a fhás, aiste mhaith bia a chaitheamh agus caidreamh a chothú i measc an phobail.
Seolfaidh FSS sraith acmhainní “Aire Duit Féin” i rith na laethanta beaga seo chugainn. Chomh maith leis sin, tá cúnamh taca á chur ar fáil do Choistí na Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga (CYPSC) ar fud na tíre maidir le seirbhísí forfheabhsaithe a chur ar fáil do leanaí, do dhaoine óga agus do theaghlaigh i rith na míonna seo romhainn.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an Taoiseach:
“Tá dua agus anó ag baint leis an athrú a bhí ar an uile dhuine againn a dhéanamh ó tháinig an phaindéim seo chun cinn ach is ábhar mórtais agam an dóigh a bhfuilimid ar fad ag dul in oiriúint don chás agus ag tarraingt le chéile chun muid féin agus gach duine eile a chosaint ar an mbagairt a bhaineann le COVID-19. Is faide atá gá agus riachtanas le srianta chun beatha dhaoine, sláinte an phobail agus seirbhísí sláinte a chaomhnú ná mar a bhí súil ag roinnt daoine i dtús aimsire agus tuigim go bhféadfadh cuid mhór againn a bheith tinn tuirseach den scéal faoin tráth seo. Is é atá de chuspóir leis an bhfeachtas nua seo go gcuirfí smaointe agus straitéisí i láthair do dhaoine a chuideoidh linn i rith an gheimhridh. Cabhrófar ar an gcaoi seo le dreamanna agus le daoine a neartú agus cothófar an dóchas go bhfuil ré is fearr amach romhainn.”
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly:
“Ó thús na paindéime, is iomaí ábhar imní agus struis a bhí le sárú againn agus is mór atá sin ag dul i bhfeidhm orainn. Táthar ag foghlaim le maireachtáil le COVID-19 ach is iomaí duine againn a bhfuil ár sláinte féin ina ábhar buartha againn faoi láthair nó sláinte dhaoine is cás linn. Is é bunchuspóir atá leis an bhfeachtas “Bail agus Beatha” go gcuideofaí le daoine - leis an duine aonair agus le dreamanna den phobal - plean a leagan amach maidir le rudaí a rachaidh chun leasa dóibh a dhéanamh i rith na míonna seo amach romhainn. Spreagfar daoine chun rud a dhéanamh a théann chun tairbhe dóibh gach lá nó gach seachtain agus cuirfear eolas agus acmhainní ar fáil dóibh a chuideoidh leo ina bhun sin. Cé gur eol dúinn go mbeidh deacrachtaí le sárú i rith an gheimhridh, cuideoidh an feachtas Bail agus Beatha linn aire a thabhairt don tsláinte agus coinneáil folláin i rith na míonna seo chugainn. Feachtas leathanréimseach atá ann a bhfuil lón tairbhe don uile dhuine ann agus molaim leas a bhaint as.”
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:
“Is breá leis an Roinn Turasóireachts, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cuidiú leis an bhfeachtas ‘Bail agus Beatha’ ar fud cholúin éagsúla den fheachtas. Is mó an tábhacht anois ná ag tráth ar bith roimhe seo le daoine a bheith beo gníomhach ar mhaithe leis an tsláinte colainne agus mheabhrach. Feictear an teacht aniar atá ag baint le cúrsaí spóirt agus aclaíochta i rith na míonna anróiteach ó mhí Márta anuas agus is léir ó obair thaighde a rinneadh gur mó an líon daoine atá ag dul i mbun aclaíochta anois ná mar a bhí riamh roimhe seo. Déanfaidh Spórt Éireann ceannródaíocht maidir leis an gcolún aclaíochta den fheachtas agus, ainneoin leibhéal na srianta a bhíonn i bhfeidhm tráth ar bith, beidh ábhar cúnta agus comhairle á chur ar fáil atá nuálach spéisiúil ionas gur féidir le daoine an aclaíocht a chleachtadh ina n-áit cónaithe nó amuigh faoin aer. Is mian linn a léiriú don uile dhuine, gan bheann ar aois ná aon ní eile, go bhfuil taitneamh le baint as cineál éigin aclaíochta.
Tá réimse imeachtaí cultúir agus cruthaitheachta ar an leibhéal áitiúil faoin gclár Éire Ildánach do dhaoine chun taitneamh a bhaint astu agus d'fhonn caidreamh a chothú. I bhfianaise an saol atá caite agam féin, is ábhar mórtais agam ceolchoirmeacha Cúram COVID. Tá roinnt de na ceoltóirí agus de na hamhránaithe is cumasaí agus is iomráití ag taisteal chun coirmeacha a chur ar siúl taobh amuigh de thithe altranais; 182 coirm cheoil cheana féin. Leanfar leis sin i rith an gheimhridh agus amach sa bhliain 2021.”
Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Oileán, Heather Humphreys:
“Oibrithe deonacha agus grúpaí pobail an cheantair bun agus barr Ghlao an Phobail. Beidh leas á bhaint leis an tionscnamh nua “Ceangal Caidrimh” as meon an phobail, daoine sa chomharsanacht á spreagadh chun aire a thabhairt dá chéile agus oibrithe deonacha áitiúla á spreagadh chun caidreamh a chothú leo sin a mbeadh uaigneas agus leithliseacht ag goilliúint orthu. Beidh an Roinn ag cuidiú le grúpaí pobail agus le heagraíochtaí deonacha áitiúla i mbun an chúraim seo ionas go gcinntítear gur féidir leis an uile dhuine den phobal coinneáil i mbarr a sláinte i rith ré seo an anró.”
Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Sláinte atá freagrach as an tSláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Frank Feighan:
“Is cúis mhór áthais dom cuidiú le seoladh an fheachtais “Bail agus Beatha” inniu. Táthar ag ullmhú do gheimhreadh anróiteach i mbliana agus tá buntábhacht lena chinntiú go n-itear bia folláin, go mbítear chomh gníomhach agus is féidir agus go mbíonn aird againn ar mheon agus ar mheanmna an duine chomh maith. Ar cheann de na teachtaireachtaí is tábhachtaí a bhaineann le hÉire na Sláinte, tá gur gnó ag an uile dhuine an tsláinte. Ar cheann de na buanna atá le hÉire na Sláinte, tá an comhar páirtnéireachta atá cothaithe leis na geallsealbhóirí. Fágann sin go bhfuiltear i riocht anois an feachtas seo a chur i gcrích agus, i rith na míonna seo chugainn, beidh cláracha, tionscnaimh agus áiseanna áitiúla á gcur ar fáil ag na páirtnéirí ar fad. Beidh clár imeachtaí folláine maidir le "spreagadh an tsaoránaigh" á chur ar siúl chomh maith, chun treisiú le tionscnaimh maidir le maireachtáil go folláin, ina measc, bia pobail, cruthaitheacht, maireachtáil le galar ainsealach agus dul in aois go meanmnach. Is mian liom a mholadh don uile dhuine páirt a ghlacadh sna himeachtaí seo chomh mór agus is féidir é ionas gur féidir leis an uile dhuine againn, as féin agus le chéile, an dúshlán a chuirtear romhainn a shárú.”
Dúirt Laura Magahy, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Sláintecare:
“Is cúis ríméid dom go bhfuil an feachtas tábhachtach “Bail agus Beatha” á mhaoiniú ag Sláintecare d'fhonn cúnamh a thabhairt don uile dhuine plean pearsanta a leagan amach a chuideoidh leo i rith na seachtainí agus na míonna atá romhainn. Sláintecare an aisling maidir le hathchóiriú ar sheirbhísí sláinte agus coimirce sóisialaí na hÉireann. Is é atá i gceist seirbhís sláinte agus coimirce sóisialaí a chruthú lena ndéantar freastal do riachtanais mhuintir na tíre, trína mealltar agus a gcoinnítear na daoine is fearr i mbun gairmeacha cúram sláinte agus trína gcuirtear an aire cheart ar fáil, san áit cheart agus ag an am ceart. Tagann i gceist le Sláintecare chomh maith sláinte mhuintir na tíre a chothú trí thinneas a chosc, gné a thugtar i gcrích faoi Éire na Sláinte lena bhféachtar le feabhas a chur ar shláinte agus ar fholláine an uile dhuine sa tír. Leis an bhfeachtas seo, beidh muintir na háite lárnach maidir le seifteanna chun tairbhe ina gcomharsanacht féin agus, trí dhíograis pháirtnéirí agus lucht tacaíochta an fheachtais i gcomhar, cuideofar le haidhm Sláintecare tinneas a sheachaint agus daoine a choinneáil ina sláinte.”
Thar ceann earnáil na n-údarás áitiúil, dúirt Philomena Poole, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin:
“Tá cláir agus tionscnaimh éagsúla leagtha amach ag na húdaráis áitiúla d'fhonn cuidiú leis an uile dhuine den phobal coinneáil beo gníomhach ainneoin anró na linne. Más bearta cruthaitheachta agus ealaíne, cláir spóirt, léitheoireachta agus oidhreachta, nó áiseanna amuigh faoin spéir atá i gceist, féachann gach comhairle le freastal do réimsí spéise an uile dhuine. Beifear ag obair go dlúth chomh maith le dreamanna áitiúla agus le gníomhaireachtaí páirtnéireachta chun seirbhís Ghlao an Phobail a fheabhsú agus a leathnú, seiceáil ar dhaoine, agus a dheimhniú gur féidir le duine ar bith a mbíonn gá acu le cabhair nó cúnamh i rith ré Covid-19, cuidiú den sórt sin a thapú go héasca. Is breá leis na húdaráis áitiúla a bheith chun tosaigh maidir leis an bhfeachtas ‘Bail agus Beatha’ agus táthar ag tnúth le leas a bhaint as na córais caidrimh áitiúla chun a chinntiú gur féidir leis an uile dhuine sa chontae sin a dhéanamh.”
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Leagtar béim i bPlean an Rialtais maidir le Maireachtáil le COVID-19: Teacht Aniar agus Téarnamh 2020-2021 ar an tábhacht a bheidh le seasmhacht an duine agus an phobail agus sinn ag déileáil go leanúnach le COVID-19.
Mar chuid de pholasaí Sláintecare cuidiú le tinneas a sheachaint agus le córas cúram sláinte a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann, tá cur i bhfeidhm chur chuige an Rialtais uile curtha chun cinn ag Éire na Sláinte maidir le sláinte agus folláine mhuintir na hÉireann a fheabhsú agus a threisiú.
Trí dhlúthpháirtíocht le cuid mhór eagraíochtaí, cuireann Éire na Sláinte lón treorach agus béime ar fáil a chuidíonn le daoine, dreamanna pobail, údaráis áitiúla agus eagraíochtaí náisiúnta bearta feabhais a dhéanamh maidir leis an tsláinte colainne agus meabhrach agus le maitheas agus dea-bhail an duine.
Tugann na tionscnaimh agus an comhar páirtnéireachta seo deis anois buanseasmhacht a chothú ar fud an phobail an tráth is géire gá leis.
Tugtar chun suntais go sonrach i bplean an Rialtais gnéithe éagsúla maidir le buanseasmhacht an phobail a chothú:
Feachtas nua de chuid an Rialtais maidir le Folláine/Seasamh le Chéile/Buanseasmhacht a chur le chéile agus a thabhairt i bhfeidhm agus leanúint d'eolas faoi acmhainní agus bearta cúnta a chur ar fáil trí gov.ie.
Beidh tionscnaimh á gcur ar siúl faoin bhfeachtas “Bail agus Beatha” i rith na míonna seo romhainn. Áirítear ar na tionscnaimh atá á leagan amach agus á gcur i bhfeidhm faoi láthair:
Le béim faoi leith ar dhaoine a choinneáil beo gníomhach i rith an gheimhridh agus le haird ar na deacrachtaí a chruthaítear le srianta COVID, tá tograí agus tionscnaimh leagtha amach ag Spórt Éireann, i gcomhar leis na comhlachtaí maoinithe agus le Comhlachtaí Náisiúnta Rialachais, na hÚdaráis Áitiúla agus an Chomhpháirtíocht Spóirt Áitiúil i ngach ceantar, a threiseoidh leis an bhfeachtas Bail agus Beatha. Beidh na tionscnaimh seo á dtabhairt i bhfeidhm i rith na míonna seo romhainn. Áirítear ar na tionscnaimh:
Líne chabhrach áitiúil pobail agus tionscnamh náisiúnta caidrimh
Tá leithliseacht dhaoine, gan bheann ar a n-aois, i rith phaindéim COVID ina ábhar baoil, go háirithe i rith tréimhsí géarshrianta maidir le taisteal agus caidreamh sóisialta. Tugadh Glao an Phobail isteach i rith an earraigh d'fhonn línte cabhrach a chur ar fáil, faoi scáth na nÚdarás Áitiúil, trína mbeadh teacht ar chúnamh praiticiúil, ar eolas agus ar chaidreamh cairdis. Mar chuid den fheachtas “Bail agus Beatha”, déanfar an tseirbhís a leathnú go mór ionas, mar phríomhaidhm leis an gclár, go mbítear réamhbheartach maidir le caidreamh a chothú le daoine a d'fhéadfadh a bheith á bhfágáil ar leithligh.
Déanfaidh an Fóram Pobail, ar leibhéal an Chontae agus na Cathrach, maoirseacht ar chomhordú idir na nGardaí, FSS, na hÚdaráis Áitiúla, An Post, grúpaí pobail, carthanais, cumainn áitritheoirí agus daoine agus dreamanna eile d'fhonn caidreamh a cheangal gan mhoill le haon duine ar fud an phobail a d'fhéadfadh a bheith i mbaol leithliseachta gan bheann ar aois, inscne, náisiúntacht ná ionad sa tír. Tá de phríomhaidhm a chinntiú go dtugtar an deis don uile dhuine leas a bhaint as clár cúnta Ghlao an Phobail maidir le seirbhísí cairdiúlachta, cúnamh praiticiúil agus cúnamh de chineálacha níos casta a thapú nuair is gá. Beidh clár de bhearta cúnta cairdiúlachta á chur le chéile ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil do dhaoine den uile aoisghrúpa. Is gné lárnach de na tionscnaimh seo an Clár Sláinte agus Barr Maitheasa do Dhaoine Scothaosta i rith phaindéim COVID-19 atá á rith ag Meitheal Sláinte & Barr Maitheasa FSS i gcomhar le hÉire Chóiriúil don Aosach.
Beidh clár na mbeart cúnta cairdiúlachta á thabhairt chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil araon. Beidh caidreamh teileafóin á cheangal as ionaid Ghlao an Phobail mar chuid de sin, mar a bheidh deis a thabhairt ar shaineolas maidir le déileáil le himní, strus nó deacrachtaí leis an tsláinte meabhrach, caidreamh le hoibrithe deonacha nó daoine d'fhoireann an údaráis áitiúil maidir le cúnamh praiticiúil, cairdeas a chothú le duine de na hoibrithe deonacha nó de na comharsana, comhrá comhluadair a chothú ar bhonn cianda idir muintir na comharsanachta.
Beidh feachtas náisiúnta á rith trí Sheirbhísí Eolais an Rialtais chun Glao an Phobail a chur chun cinn ar an raidió, ar na páipéir nuachta agus ar na meáin shóisialta, uimhreacha teileafóin a scaipeadh agus daoine a threorú go dtí gov.ie/communitycall. Beidh na húdaráis áitiúla ag cur uimhreacha na línte cabhrach chun cinn trí chainéil áitiúla, lena n-áirítear meáin shóisialta, páipéir nuachta agus stáisiúin raidió.
Beidh tionscnaimh éagsúla atá dírithe ar dhaoine a spreagadh chun scíth a ligean agus an chruthaitheacht a chothú á dtabhairt i bhfeidhm i rith na míonna seo a leanas, trí na hÚdaráis Áitiúla den chuid is mó.
Tá cúnamh á thabhairt do na hÚdaráis Áitiúla tionscnaimh cruthaitheachta dírithe ar cheantair logánta a chur ar fáil ina limistéar féin. Le comhairle ón gclár Éire Ildánach, cuirfidh na hÚdaráis Áitiúil a gcuid tionscnamh in oiriúint do chúinsí áitiúla agus do réimsí spéise na ndaoine le beartaíocht de na cineálacha seo a leanas:
Tionscnamh arna fhorbairt ag Mobile Music Machine, le cúnamh ó Éire Ildánach agus á leathnú le cúnamh ó Éire na Sláinte, sraith ceolchoirmeacha á dtabhairt ag roinnt de na ceoltóirí clasaiceacha is fearr in Éirinn beo amuigh faoin aer agus le daoine scartha óna chéile i ngairdíní agus ar fhearann árais cúraim chónaitheacha agus ospidéil ar fud na hÉireann. Cloítear go hiomlán le treoirlínte FSS maidir leis an scaradh sóisialta. Nuair is féidir, bíonn lucht an árais suite taobh amuigh nó baineann siad taitneamh as an gceol trí na fuinneoga oscailte. Seinneann na ceoltóirí i bpuball dúnta agus bíonn de rogha ann freisin an ceol a sheoladh isteach san áras cúraim ar chóras fuaime. Baintear leas as córas teasa soghluaiste ionas gur féidir leis na ceoltóirí seinm taobh amuigh i rith an gheimhridh. Tá ceadaithe ag FSS na ceolchoirmeacha seo a eagrú nuair is srianta suas go dtí Leibhéal 4 atá i bhfeidhm.
Tá ceiliúradh á dhéanamh ar scríbhneoirí na hÉireann le feachtas nua atá á rith ag na hÚdaráis Áitiúla/na Leabharlanna agus Éire Ildánach agus daoine á spreagadh chun taitneamh a bhaint as an léitheoireacht an fhaid atáthar ag déileáil le COVID-19. Tá á mheabhrú ag na leabharlanna poiblí agus ag Éire Ildánach do dhaoine gur féidir 'Tús a chur le scéal' agus ábhar breá léitheoireachta a fháil tríd an leabharlann, fiú nuair atá srianta COVID-19 i bhfeidhm. Nuair a d'fhéadfadh éileamh a bheith againn ar fad ar ábhar siamsa agus spéise i rith an gheimhridh seo romhainn, tá na hÚdaráis Áitiúla agus na Leabharlanna, chomh maith le Éire Ildánach, ag meabhrú do dhaoine go bhfuil teacht ar stór mór leabhar ón leabharlann agus gur bealach sármhaith an léitheoireacht chun scíth a ligean, dul ar do shuaimhneas, an éirim cruthaitheachta a spreagadh nó rud nua a fhoghlaim. Beidh na seirbhísí leabharlannaíochta ar líne ar fáil i rith na leibhéal uile faoi phlean Teacht Aniar agus Téarnamh ó Covid-19 an rialtais, ríomhleabhair agus leabhair fuaime saor ó tháille san áireamh. Bíonn na seirbhísí sin ar fáil saor in aisce ag gach ball den leabharlann agus is féidir ballraíocht a fháil ar an idirlíon ar librariesireland.ie/join nó tríd an leabharlann áitiúil. Tá tús á chur leis an bhfeachtas seo i ndeireadh mhí Deireadh Fómhair.
Déanfaidh na leabharlanna poiblí ceannródaíocht, le cúnamh taca ó Éire na Sláinte agus bainistíocht ó Aonad Forbartha na Leabharlann sa Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, ar an gclár ‘Éire i mbun Léitheoireachta’ trína leagfar béim ar an léitheoireacht ar mhaithe le pléisiúr, suaimhneas, spreagadh éirime agus maitheas an duine. Spreagfar an uile dhuine le taitneamh a bhaint as an léitheoireacht – agus an sásamh a chur in iúl - in éineacht le gaolta, cairde, clubanna leabhar nó ar líne. Cuirfear acmhainní ar fáil ionas go mbíonn teacht ar leabhair, leabhair chlóite agus ríomhleabhair. Beidh an tionscnamh seo á rith i dtús na bliana 2021.
Tá sraith de bhearta agus de thionscnaimh éagsúla curtha le chéile ag Comhairle Ceardaíochta agus Dearthóireachta na hÉireann a bheidh ina ábhar spreagtha agus spéise ag an bpobal. Tá sraith na mbearta cruthaitheachta agus clár na n-imeachtaí á leagan amach chun folláine agus buanseasmhacht a chothú i rith ghéarchéim COVID-19. Tá cuireadh á thabhairt do 45 Ceardchuallacht, Comhlachas, Líonra agus Cumann ar fud na hÉireann, ina bhfuil níos mó ná 2,000 ball, ábhar cruthaitheachta a chur i dtoll a chéile do shraith gníomhartha pobail agus ar líne. Tiocfaidh san áireamh ceardlanna a leagan amach d'fhonn daoine óga agus daoine fásta a spreagadh i mbun ceardaíochta sa bhaile agus físeáin ghairide a léiriú bunaithe ar na próisis oibre ionas go léirítear na scileanna, an bunábhar agus an cumas a bhaineann le próiseas na ceardaíochta agus le taispeántais agus tionscadail pobail a thabhairt chun cinn.
Tá Bord Bia ag treisiú le Éire na Sláinte maidir le Seasmhacht & Folláine, feachtas nua an rialtais, trí oidis bia atá furasta a ullmhú agus tráthúil ó thaobh an tséasúir a chur chun tosaigh. Tá na smaointe maidir le béilí an gheimhridh bunaithe ar aiste bia atá folláin ilchuimsitheach le sárábhar feola, déiríochta, torthaí agus glasraí a fhaightear go háitiúil. Chomh maith leis sin, beidh aird á dhíriú ag Bord Bia ar an gcomhairle is fearr maidir leis an ngarraí a ullmhú don earrach, rud is féidir le daoine den uile aois a dhéanamh amuigh faoin aer. Trí leathanaigh nua ar an láithreán gréasáin agus ardáin Bloom ar na meáin shóisialta, beidh ábhar spreagtha á chur ar fáil maidir le haire a thabhairt don spás taobh amuigh i rith an gheimhridh ionas go mborrann fásra ildaite i rith an earraigh.
Cuirfear tús Dé Luain, an 2 Samhain, leis am gcéad chéim eile den fheachtas START le béim ar an leas is fearr a bhaint as am an teaghlaigh le chéile. Tá athrú bunúsach curtha ag géarchéim Covid-19 ar an saol atá á chaitheamh ag teaghlaigh. Tá an timpeallacht nua shóisialta sin le sonrú ar an mbeartaíocht maidir le feachtas START i mbliana. Tugtar obair thaighde a rinneadh le tuismitheoirí san áireamh leis an gcéad chéim eile den fheachtas a thagann faoi anáil an ábhair léargais ón obair sin. Tá an chéad chéim eile den fheachtas dírithe ar athchóiriú ar am an teaghlaigh agus ar nósanna níos folláine a thabhairt ar ais i gceist sa bhaile. Tugtar treoir shoiléir ar láithreán gréasáin START (www.makeastart.ie) maidir leis na hacmhainní a chuidíonn le tuismitheoirí nósanna folláine a chothú.
Tá clár beartaíochta, a bheidh ceangailte le córas na leabharlann ar fud na tíre, á leagan amach do thús na bliana 2021 chun treisiú le tionscnaimh áitiúla “Fás tú féin é”. Tugann an clár seo deis do dhaoine, óg agus aosta, dul amach faoin aer agus a bheith beo gníomhach i mbun bia a fhás agus tuiscint a chothú ar an gceangal idir sláinte an duine agus an bhia a chaitear chomh maith le meon an phobail a thabhairt chun cinn. Cuirfidh obair i gcomhar leis an rialtas áitiúil ar chumas rannpháirtithe bia a fhás le foireann fáis don tosaitheoir agus, ina dhiaidh sin, síolta, síológa, plandaí, torthaí agus eolas a chur i bpáirt le deichniúr eile ionas go dtéitear i gcion ar leathmhilliún duine in Éirinn. Le béim ar fhorás, cothaítear roghanna bia atá níos sláintiúla agus níos inmharthana an tráth céanna a gcothaítear an caidreamh agus an ceangal le gaolta, cairde, comharsana agus muintir an phobail. Beidh rannpháirtithe á n-earcú agus á spreagadh, cúnamh á thabhairt dóibh, ábhar dúshláin á chur rompu ionas gur féidir fás agus forás a dhéanamh ar feadh tréimhse 6 mhí ó mhí Feabhra go mí Iúil.
Cuidíonn téamaí uile an fheachtais le daoine aire a thabhairt don tsláinte meabhrach nuair atá deacrachtaí á gcur romhainn. Ina ainneoin sin, beidh cúnamh agus cothú seachas sin de dhíth ar dhaoine áirithe mar gheall ar an gcur isteach atá ó COVID-19 ar shaol an duine, ar ghaolta, ar chúrsaí oibre, ar chúinsí maireachtála agus an chaoi a dtéann srianta i bhfeidhm ar an tsláinte meabhrach. Tá dea-chomhairle á chur ar fáil leis an bhfeachtas ar mhaithe le meon agus meanma an duine agus eolas faoin gcúnamh atá le fáil sa chás go mbíonn call leis sin ag an duine féin nó ag cara nó gaol leat.
Is áis mhaith láithreán gréasáin yourmentalhealth.ie de chuid FSS maidir le dea-chomhairle faoin tsláinte meabhrach agus eolas faoi réimse leathan seirbhísí agus bearta cúnta atá ar fáil ag muintir na hÉireann ón tseirbhís sláinte, ón dochtúir teaghlaigh agus ó eagraíochtaí páirtnéireachta agus eagraíochtaí maoinithe. Tá cúnamh ar fáil ar an teileafón, ar sheirbhísí SMS nó téacs agus trí chomhairleoireacht ar líne.
Tá clár nua sláinte meabhrach agus folláine saor in aisce ar líne, dar teideal Meanma agus Misneach, á sheoladh ag meitheal Sláinte agus Folláine FSS. Tá an clár seo bunaithe ar fhianaise agus dírítear ar an tsláinte meabhrach a chothú. Tá athchóiriú á dhéanamh ar chlár caidrimh ar aghaidh a chéile ionas go mbeidh sraith d'fhíseáin ar líne ar fáil ag an bpobal tráth seo na géarchéime. Tá 5 sheisiún físeáin, 20 nóiméad an ceann, i sraith an chláir agus teacht orthu trí yourmentalhealth.ie. Tá ábhar na sraithe dírithe ar aire don duine féin, do chuid smaointe a thuiscint, do chuid mothúchán a chíoradh, caidreamh tairbheach a chothú le daoine eile chomh maith leis an teacht aniar sa duine féin.
Is é seo an chéad uair ag Sláinte agus Folláine FSS clár atá dírithe ar shláinte meabhrach a chruthú don phobal lena chur i láthair ar an gcaoi seo. Leis an ngá breise atá le cúnamh ar líne, agus athrú ó chláir ar aghaidh a chéile, tá súil go mbeidh cláir ar líne den sórt seo ina ndeis ag na daoine ar mian leo foghlaim faoi bhealaí chun treisiú lena sláinte meabhrach féin. Cé go moltar do dhaoine gach ceann de na seisiúin a leanúint ó thús go deireadh, is féidir iad a thapú am ar bith 24/7, agus is é atá á mholadh i dtosach triail a bhaint as ceann amháin agus dul ar aghaidh ina dhiaidh sin.
Tá Coistí Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga ar bun ar leibhéal an chontae lena dtugtar le chéile na príomhsholáthraithe reachtúla, pobail agus deonacha maidir le seirbhísí do leanaí agus do dhaoine óga 0-24 bliain d'aois. Le béim faoi leith ar an tsláinte meabhrach ag leanaí agus daoine óga, tá tionscnaimh á leagan amach ag na Coistí Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga a thabharfar i bhfeidhm ar an leibhéal áitiúil i rith an gheimhridh agus i dtús na bliana 2021.
Áirítear orthu sin: