Creat Náisiúnta Oiriúnaithe
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an tAire Eamon Ryan TD an dara Creat Náisiúnta Oiriúnaithe reachtúil d’Éirinn an 5 Meitheamh 2024. Tagann an Creat Náisiúnta Oiriúnaithe is déanaí seo in ionad an chéad leagain den chreat a foilsíodh sa bhliain 2018, rud a athbhreithníodh sa bhliain 2022 ar aon dul le ceanglas cúig bliana an Achta um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015 (an tAcht Aeráide) .
Cuireadh comhairliúchán ar dhréacht den Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe seo ar siúl idir an 19 Eanáir 2024 agus an 19 Feabhra 2024 chun aiseolas a bhailiú ón bpobal agus ó gheallsealbhóirí ábhartha.
Tagraíonn ‘oiriúnú don athrú aeráide’ do ghníomhaíocht lena gcabhraítear leis an leochaileacht i leith thionchair ionchais an athraithe aeráide a laghdú agus le leas a bhaint as tairbhí féideartha na dtionchar sin. In Éirinn, áirítear leis na tionchair sin eachtraí adhaimsire, tuilte, triomach, caillteanas na bithéagsúlachta, ardú ar leibhéal na farraige, agus teochtaí méadaithe.
Leagtar amach sa Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe an straitéis náisiúnta chun laghdú a dhéanamh ar a leochailí atá an tír i leith éifeachtaí diúltacha an athraithe aeráide agus chun leas a bhaint as tionchair dhearfacha.
Tá rioscaí suntasacha ón athrú aeráide le teacht os comhair na hÉireann sna blianta atá le teacht mar gheall ar éifeachtaí iata na n-astaíochtaí san am atá thart agus tá sé ríthábhachtach go n-ullmhóimid do na rioscaí sin chun na tionchair a bheidh os comhair na tíre a íoslaghdú. Na heachtraí adhaimsire a chonacthas le déanaí, amhail géarchéim fodair na bliana 2023, tuilte Mhainistir na Corann i mí Dheireadh Fómhair 2023, tonnta teasa na mblianta 2023 agus 2022, agus stoirmeacha gaoithe na bliana 2024 (Stoirm Kathleen), na bliana 2022 (Stoirm Eunice) agus na bliana 2021 (Stoirm Bharra), leagtar béim iontu ar na tionchair fhéideartha a bhíonn ag aeráid athraitheach na hÉireann. Chomh maith leis sin, beidh líon suntasach tionchar a tharlaíonn go mall ag an athrú aeráide freisin, ar tionchair iad a dhéanfaidh difear do phríomhearnálacha amhail an fhoraoiseacht, an talmhaíocht, an bhithéagsúlacht, an t-uisce, an turasóireacht agus an timpeallacht thógtha.
Tugtar breac-chuntas sa Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe ar chur chuige uile-rialtais agus uile-shochaí i leith an oiriúnaithe don athrú aeráide in Éirinn. Aidhm eile atá leis is ea feabhas a chur ar an timpeallacht cumasúcháin don oiriúnú trí chaidreamh leanúnach a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta, leis an earnáil phríobháideach agus leis an bpobal taighde.
Tugtar i gCaibidil 1 an comhthéacs reatha le haghaidh an Chreata Náisiúnta Oiriúnaithe agus cumhdaítear léi coincheap an mhí-oiriúnaithe agus príomh-choincheapa eile atá mar bhonn eolais faoin gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe, amhail an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, an Athléimneacht Chóir, an t-oiriúnú incriminteach agus an t-oiriúnú bunathraitheach. Dírítear sa chaibidil freisin ar an dul chun cinn agus na forbairtí sa bheartas agus sna hacmhainní um oiriúnú don athrú aeráide ó fhoilsiú an chéad Chreata Náisiúnta Oiriúnaithe sa bhliain 2018 i leith.
Bunaítear i gCaibidil 2 an Creat Náisiúnta Oiriúnaithe nua le haghaidh athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a sholáthar in Éirinn. Cuirtear san áireamh inti an dul chun cinn a rinneadh ón gcéad Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe i leith i réimsí an bheartais aeráide, an taighde aeráide agus na pleanála oiriúnaithe earnála agus áitiúla, mar aon le moltaí a rinneadh in athbhreithniú na bliana 2022 ar an gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe. Leagtar amach inti an fhís oiriúnaithe, na treoirphrionsabail, an treoir maidir le príomhshruthú, an timpeallacht chultúrtha agus cumasúcháin, geallsealbhóirí agus róil, ceanglais ar an lucht déanta beartas earnála agus áitiúil, an cur chuige oiriúnaithe i leith pleanáil éigeandála, bainistíochta agus meastóireachta, agus na tosaíochtaí le haghaidh taighde ar an oiriúnú amach anseo, faoi mar atá siad sa Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe.
Tugtar breac-chuntas i gCaibidil 3 ar conas a chuirfear an Creat Náisiúnta Oiriúnaithe chun feidhme, ar shocruithe rialachais agus tuairiscithe, agus ar phríomhghníomhartha faoin gCreat.
Creat Náisiúnta Oiriúnaithe 2024