Cosaint Shóisialta agus tacaíochtaí eile
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá roinnt bealaí ag Intreo (Seirbhísí Fostaíochta Poiblí na hÉireann) chun tacú leat scileanna nua a fhoghlaim nó chun filleadh ar oideachas. Ba chóir go ndéanfaí d’ionchais fostaíochta a fheabhsú leo sin agus cuidiú leat dul isteach san áit oibre arís. Faigh tuilleadh eolais anseo Faigh Tacaíocht Airgeadais maidir le hOideachas nó le hOiliúint .
Má tá ag súil le freastal ar chúrsa Dheimhniú iar-Ardteistiméireachta (PLC), tá seans ann gur féidir leat deontas mic léinn a fháil chun cuidiú le costais mhaireachtála agus tusa rannpháirteach san oideachas. Déan seiceáil ar susi.ie chun tuilleadh eolais a fháil.
Is féidir eolas a fháil maidir le tacaíochtaí sainiúla do dhaoine faoi mhíchumais ar studentfinance.ie .
Cuirtear maoiniú ar fáil do d’áit staidéir agus ní gá duit iarratas díreach a dhéanamh - ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le seirbhís mhíchumais i d’ollscoil nó i do choláiste agus déanfaidh siad measúnú riachtanas bunaithe ar do chuid riachtanas ar leith.
Tá tacaíochtaí eile ar fáil ar shuíomh gréasáin AHEAD: ahead.ie/student .
Gheobhaidh eolas freisin anseo maidir le teicneolaíocht chuiditheach: ahead.ie/ATHive .