Is ar an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionnanas a bhíonn an fhreagracht as gnóthaí inimirce in Éirinn trí dhá eagraíocht Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann agus Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce.
Oifig fheidhmiúcháin is ea Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (INIS) de chuid na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
Bíonn INIS freagrach as a bheith ag tabhairt faoi fheidhmeanna riaracháin an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais i ndáil le gnóthaí inimirce, víosaí, cosanta idirnáisiúnta agus saoránachta.
Oifig is ea Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (GNIB) de chuid an Gharda Síochána (fórsa póilíneachta na hÉireann).
Bíonn an oifig freagrach as gach gnó de chuid an Gharda Síochána a bhaineann leis an inimirce ar bhonn náisiúnta, go príomha rialú na dteorainneacha, clárúcháin, deonú ceada le fanacht, díbirtí agus imscrúduithe a bhaineann leis an inimirce mhídhleathach agus gáinneáil daoine.
Tá tuilleadh faisnéise maidir le seirbhísí inimirce, cosanta idirnáisiunta agus saoránachta ar fáil ó na suímh ghréasáin thíos.
Seirbhísí Inimirce, Víosaí agus Saoránachta