Modhanna inar féidir Caimiléireacht a Sheachaint agus Muinín a Chothú
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá daoine agus dreamanna fealltacha ann a fhéachfaidh le teacht i dtír ar an ráig COVID-19 mar dheis le daoine a mhealladh agus caimiléireacht a dhéanamh. Seo a leanas roinnt comhairle ar mhaithe le cosaint ina aghaidh sin.
Ba cheart go gcuideodh an chomhairle seo a leanas le daoine a chosaint ó choireanna caimiléireachta.
Ná hoscail an doras do dhuine nach n-aithníonn tú mura bhfuil tú cinnte go bhfuil tú sábháilte.
Ná lig daoine isteach i d'áras mura bhfuil aithne agat orthu nó coinne agat leo.
Ná tabhair sonraí bainc ná cárta creidmheasa/dochair d'aon duine nach dtrustann tú. Is cuma ar i dteachtaireacht téacs nó ríomhphoist nó i gcomhrá teileafóin nó ar an láthair a iarrtar na sonraí, ná tabhair freagra.
Má thagann duine ag an doras chun cúnamh a thabhairt thar ceann eagraíochta, iarr cárta aitheantais a fheiceáil. Má tá tú in amhras go fóill, cuir glao ar an eagraíocht féin, ach seiceáil an uimhir go neamhspleách seachas muinín a bheith agat as an uimhir atá ar an gcárta aitheantais a thairgtear duit. Dún an doras agus cuir glas air in aghaidh an té atá amuigh an fhad is atá an cás á fhiosrú agat.
Má tá duine ag tairiscint cuidiú leat nach mbaineann le heagraíocht a bhfuil eolas agat air, agus mura bhfuil tusa ar do shuaimhneas mar gheall air sin, ná bíodh leisce ort seiceáil a dhéanamh. Glacfaidh duine atá dáiríre faoin gcúnamh leis gurb é is stuama a bheith aireach.
Is féidir glaoch ar líne cabhrach nó seirbhís cúnta aitheanta, mar shampla Alone ar 0818 222 024 nó Seniorline ar 1800 80 45 91 má bhíonn cúnamh uait.
Ná ceannaigh ‘trealamh tástála’ de chineál ar bith ó fhoinse ar bith. Má bhíonn gá le tástáil míochaine, cuirfidh FSS sin ar fáil saor ó tháille.
Má tharlaíonn go dtagann amhras ort maidir le cuairteoir, iarr ar an duine sin imeacht. Abair go nglaofaidh tú féin ar an gcomhlacht.
Bíodh an uimhir agat do dhuine muinteartha, do chara nó do chomharsa iontaofa má thagann i gceist gur gá duit glaoch ar dhuine.
Má tá amhras agat ar dhuine a d'fhéadfadh a bheith ag féachaint le caimiléireacht a dhéanamh, glaoigh ar an stáisiún Gardaí is gaire duit (ná glaoigh ar 999/112).
D'fhéadfadh go mbeadh cloiste ag daoine leochaileacha faoi nósanna caimiléireachta agus go gcuirfeadh sé imní orthu strainséir a theacht chuig an doras. Má tá tú ag oibriú go deonach ag cuidiú le daoine sa chomharsanacht nach bhfuil aithne acu ort, bí san airdeall faoin ábhar imní ina leith seo.
Cuideoidh na leideanna seo a leanas lena dheimhniú gur oibrí deonach dáiríre atá ionat :
Ná déan teagmháil le duine nach raibh caint eadraibh riamh cheana (mura bhfuil tú ag obair trí eagraíocht dheonach). Is féidir le glao gutháin ó strainséir a bheith ina údar imní ag daoine aosta nó ag daoine leochaileacha. Smaoinigh ar nóta, le d'ainm agus d'uimhir teileafóin air, a chur isteach bosca na litreach chucu lena chur in iúl dóibh go dtabharfá cúnamh dóibh. Is féidir scéal a chur chucu freisin le duine aitheantais dá gcuid a bhfuil muinín acu as cheana féin.
Ná téigh chuig an doras ag duine leochaileach gan coinne leat – d'fhéadfá strus agus imní a tharraingt ar an duine sin gan gá leis.
Sa chás go n-iarrann duine cúnamh ort, ná téigh isteach san áras cónaithe mura bhfuil géarghá leis. Sa chás go mbíonn ábhar siopadóireachta nó cógais leighis á dtabhairt chuig an teach agat, glaoigh agus abair go bhfuil tú ag an doras. Déantar de réir na comhairle maidir le fanacht achar áirithe óna chéile.
Má thagann tú ag an doras ag duine, ná cuireadh sé as duit má iarrann an duine cárta aitheantais a thaispeáint agus má dhéantar seiceáil leis an eagraíocht gur oibrí deonach atá ionat dáiríre. Tá daoine á gcosaint féin agus is ceart go ndéanfadh.
Má tá amhras ort faoi dhuine a d'fhéadfadh a bheith ag féachaint le caimiléireacht a dhéanamh, glaoigh ar an stáisiún Gardaí is gaire duit (ná glaoigh ar 999/112).