An Beartas Náisiúnta maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leagann An Beartas Náisiúnta maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe creat straitéiseach go dtí 2030 i gcomhair taistil ghníomhaigh (siúl agus rothaíocht) agus iompar poiblí chun cabhrú le hÉirinn a hoibleagáidí aeráide a chomhlíonadh. Gabhann Plean Gníomhaíochta go dtí 2025 leis an mBeartas ina bhfuil gníomhaíochtaí chun roghanna soghluaiseacht inbuanaithe ar fud na tíre a mhéadú agus fheabhsú trí modhanna taistil, seachas carr príobháideach, sábháilte, glas, insroichte, agus éifeachtach a chur ar fáil. Tá bearta chun bainistiú ar an éileamh agus iompar a athrú chun éileamh taistil laethúil a bhainistiú agus na turais i gcarrana príobháideacha a laghdú.
Tá sé mar aidhm an Beartas 500,000 turas taistil ghníomhaigh agus iompair phoiblí sa bhreis in aghaidh an lae a sholáthar agus le laghdú 10% a sholáthar sa líon ciliméadar a bhítear ag tiomáint i gcarranna faoi thiomáint breoslaí iontaise. Fágfaidh sé go mbeidh sé níos éasca do dhaoine siúl, rothaíocht agus úsáid a bhaint as iompar poiblí in ionad carr peitril nó díosail a úsáid.
Ghlac an Roinn cur chuige comhoibríoch i leith an Beartas a fhorbairt trí chomhairliúchán poiblí agus trí theagmháil fhairsing le geallsealbhóirí agus le ranna eile rialtais.
Tá An Beartas Náisiúnta maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe agus an Plean Gníomhaíochta ar fáil anois.