Is iad seo a leanas na príomhspriocanna atá ag baint leis an mBeartas Náisiúnta Eitlíochta seo:
feabhas a chur ar nascacht na hÉireann trína chinntiú go bhfuil rochtain ar fáil atá sábháilte, slán agus iomaíoch agus atá ag freagairt do riachtanais gnó, turasóireachta agus tomhaltóirí
fás na fiontraíochta eitlíochta a chothú in Éirinn chun tacú le cruthú post agus Éire a shocrú mar cheannaire aitheanta domhanda i gcúrsaí eitlíochta
uasmhéadú a dhéanamh ar an méid a chuireann earnáil na heitlíochta le fás agus forbairt gheilleagrach na hÉireann