Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart - ‘Tacaíocht a thabhairt dár lucht saothair chun Cúram Pobail Feabhsaithe a sholáthar’
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’óstáil Sláintecare Seimineár Gréasáin um Chúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart - ‘‘Tacaíocht a thabhairt dár lucht saothair chun Cúram Pobail Feabhsaithe a sholáthar” ar an 29ú Meán Fómhair 2022.
Ba é téama an tseimineáir seo ná ‘‘Tacaíocht a thabhairt dár lucht saothair chun Cúram Pobail Feabhsaithe a sholáthar”.
D’oibrigh an Clár Cúraim Comhtháite chun Galar Ainsealach a chosc agus a bhainistiú i gcomhar le hInstitiúidí Ardoideachais in Éirinn 2016-2019 chun cur i bhfeidhm Curaclam Fochéime Caighdeánach Náisiúnta a fhorbairt agus a thosú chun Galar Ainsealach a chosc agus a bhainistiú.
Cuireadh tús leis an seimineár gréasáin le haitheasc fáilte ón Aire Sláinte, Stephen Donnelly, TD. Ina dhiaidh sin bhí ionchur ón Dochtúir Orlaith O Reilly, Comhairleoir Cliniciúil Náisiúnta agus Ceannaire an Chláir um Ghalar Ainsealach, Dearadh Cliniciúil & Nuálaíocht, Oifig an Phríomhoifigigh Chliniciúil, FSS a leag amach na forbairtí i seachadadh seirbhíse agus na tionchair ar chosc agus ar bhainistiú Galar Ainsealach. Phléigh Denise Dunne, Ceannaire Oibriúcháin Clár Cúraim Chomhtháite Galar Ainsealach, Mol Siúlach Chathair na Gaillimhe a seirbhís ar an talamh agus an tionchar ar othair. Thug an Dochtúir Deirdre Connolly, Ollamh le Teiripe Shaothair, Ionad Eolaíochtaí Sláinte na Tríonóide, Ospidéal Naomh Shéamais, Baile Átha Cliath forléargas ar ábhar na gcuraclam MECC agus SMS agus na cás-staidéir a chuimsítear ann.
Chríochnaigh an seimineár gréasáin le plé painéil suimiúil ina raibh Ted Hayes, Grúpa Ionadaíoch na nOthar, COPD Éireann, Pat Healy, Stiúrthóir Náisiúnta Forfheidhmithe agus Forbairt Ghairmiúil an Chláir Chliniciúil, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Derval Howley – Ceann na Seirbhíse Sláinte agus Folláine, FSS, i dteannta linn.
Bhí sé mar aidhm ag an seimineár gréasáin seo:
Tá taifeadadh iomlán an tseimineáir ghréasáin ar fáil anseo:
Tá agallamh taifeadta breise leis an Dochtúir Patsy Mc Sharry, Coláiste San Aingeal, Sligeach a thug achoimre ar mhodhanna measúnaithe an churaclaim ar fáil anseo: