Tithe Aoisbháúla Sláintiúla – Tuarascáil Eatramhach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is comhpháirtíocht chlaochlaitheach agus nuálaíoch é Tithe Aoisbháúla Sláintiúla idir Sláintecare sa Roinn Sláinte agus Rialtas Áitiúil trí sheirbhís chomhroinnte Aoisbhá Éireann i gComhairle Chontae na Mí. Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le Céim 1 den chlár ó cuireadh tús leis i mBealtaine 2021 go dtí seo mar thoradh ar chroímhaoiniú ó Shláintecare, mar aon le feidhmiú agus seachadadh laistigh den Rialtas áitiúil.
Léiríonn an Tuarascáil Eatramhach seo ar Chéim 1 den chlár conas is féidir leis an gcur chuige trasearnála seo tacú go héifeachtach le cuspóirí beartais náisiúnta a bhaint amach. Tugann an tuarascáil léargas dearfach ar aschuir agus ar éachtaí na gclár, conas atá siad seo ag dul chun leasa rannpháirtithe níos sine, agus an acmhainneacht le haghaidh coigilteas i réimsí caiteachais sláinte agus tithíochta.