Treoirlínte SET agus doiciméid tacaíochta chun cabhrú le scoileanna tacaíocht a thabhairt do Leanaí/Daoine Óga a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuirtear ar fáil leis an leathanach gréasáin seo so-rochtaineacht do scoileanna, do thuismitheoirí/chaomhnóirí, do pháistí agus do dhaoine óga maidir le feidhmiú agus imlonnú Múinteoirí Oideachais Speisialta (MOS) i ranganna príomhshrutha i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna.
Trí chliceáil ar an nasc ábhartha thíos is féidir le scoileanna rochtain a fháil ar shraith de dhoiciméid a chabhraíonn leo maidir le tacaíocht a thabhairt do pháistí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ina ranganna príomhshrutha.
• Tagann na Treoirlínte leasaithe, atá mar bhonn faoi chiorclán 0064/2024, in áit na dtreoirlínte a eisíodh in 2017. D’fhorbair an Chigireacht, an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) agus an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) iad le hocht mí déag anuas i gcomhar leis an Roinn. Cuirtear na Treoirlínte uasdátaithe ar fáil d’fhonn cabhair a thabhairt do scoileanna tacú le páistí agus daoine óga i ranganna príomhshrutha a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu.
• Cuimsítear leis na Treoirlínte dea-chleachtais reatha atá le feiceáil i scoileanna mar aon le haiseolas curtha ar fáil, le linn a bhforbartha ónar gcomhpháirtithe oideachais.
• Cuirtear na Táscairí ar Chleachtas Éifeachtach ar fáil do scoileanna chun cabhrú leis an scoil réimsí de chleachtas éifeachtach reatha a aithint, chun tógáil ar na cleachtais éifeachtacha sin agus tosaíocht a thabhairt do réimsí le haghaidh forbartha.
Tugann sé sin na príomhdhoiciméid go léir le chéile in aon shuíomh amháin, a theastaíonn ó scoileanna, chun tacú le gach páiste a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus cuirtear ar fáil leis na treoirlínte naisc bhreise chuig acmhainní agus tacaíochtaí eile atá ar fáil do scoileanna.
Faoin réimse Tuismitheoirí/Caomhnóirí thíos tá bileog ghearr ina dtugann forléargas ar an leithdháileadh do Mhúinteoir Oideachais Speisialta agus ar an bpróiseas imlonnaithe a d’fhéadfadh cabhrú le tuismitheoirí/caomhnóirí.
Ar deireadh, is féidir le páistí agus daoine óga inár scoileanna príomhshrutha rochtain a fháil ar mhíniúcháin ghairide maidir leis an tacaíocht Teagaisc Oideachais Speisialta. D’fhéadfadh sé sin cabhrú le páistí agus daoine óga a thuiscint go bhfuil cabhair ag teastáil ó gach duine ó am go ham, agus tá sé sin ceart go leor.
• Cuirtear samplaí de Chomhaid Thacaíochta Dalta agus de Phleananna Tacaíochta Dalta ar fáil a léiríonn conas a úsáideadh an próiseas fadhbréitigh, a leagtar amach in Alt 2 de na Táscairí ar Chleachtas Éifeachtach do Scoileanna, chun láidreachtaí, caitheamh aimsire agus riachtanais na bpáistí agus na ndaoine óga a aithint.
• Sraith teimpléid chun tacú le scoileanna a d'fhéadfadh a bheith úsáideach dóibh chun tacú le leanaí agus daoine óga a bhfuil Riachtanais Speisialta oideachais acu..
• Cuirfear sraith tacaí ar fáil chun cabhrú le scoileanna cleachtas éifeachtach a chur chun feidhme sna príomhréimsí seo a leanas:
Treoirlínte do Bhunscoileanna
Ag Tacú le Leanaí i Ranganna Príomhshrutha a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu
Táscairí ar Chleachtas Éifeachtach do Bhunscoileanna
Comhaid Tacaíochta Dalta agus Plean Tacaíochta Dalta Samplaí
Treoirlínte d’Iarbhunscoileanna
Ag Tacú le Daoine Óga i Ranganna Príomhshrutha a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu
Táscairí ar Chleachtas Éifeachtach d’Iarbhunscoileanna
Comhaid Tacaíochta Dalta agus Plean Tacaíochta Dalta – Samplaí
Tacaíocht Teagaisc don Oideachas Speisialta i mBunscoileanna Treoir do Pháistí
Tacaíocht Teagaisc don Oideachas Speisialta i mBunscoileanna Treoir do Pháistí Bileog 2