Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart - Cumhachtú an tSaoránaigh chun caighdeán saoil othar a fheabhsú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I mórán tionscadal de chuid Cistithe Imeascaidh Sláintecare, tá an bhéim ar ghalarchosc agus ar dhaoine agus pobail a chumasú chun go mbeidh páirt níos gníomhaí acu ina sláinte agus ina bhfolláine féin. Beidh an nuálaíocht agus an dea-chleachtas a léiríonn na tionscadail seo go léir an-luachmhar don obair atá ar bun i ngach contae chun Éire Shláintiúil a chur i bhfeidhm mar chuid lárnach den fhís atá ag Sláintecare.
Tá an rannpháirteachas agus cumhachtú an tsaoránaigh i gcroílár fhorbairt na seirbhíse sláinte maidir leis an gcineál seirbhíse sláinte a shainmhíniú agus a chomhdhearadh atá ag teastáil don daonra atá ag dul i méid.
Maria McEnery – Oifigeach Cosc Ailse
Tá an Ailse Chraicinn ar cheann de na hailsí is mó is féidir a chosc, ach tá an ráta ag dul in airde bliain ar bhliain, agus tuairiscíodh 13,000 cás i mbliana. Is Oifigeach Cosc Ailse í Maria McEnery leis an gClár Náisiúnta um Ailse a Smachtú, agus bhí sí linn ar Sheimineár Gréasáin 13 chun insint dúinn faoi Chosc Ailse Chraicinn.
Oibríonn Maria le réimse de chomhpháirtithe chun plean an Chláir Náisiúnta um Ailse a Smachtú a chur i bhfeidhm. Tá sí ag obair le Ranna Rialtais, le Gníomhaireachtaí Rialtais, le Gairmithe Cúraim Sláinte, le NGOanna agus le hionadaithe othar chun minicíocht na hailse craicinn a laghdú. Is í an aidhm atá ag Maria ná feasacht a ardú maidir le cosc ailse craicinn agus iompraíocht a fheabhsú i dtaca le cosc ailse craicinn.
Tá an clár dírithe ar cheithre phríomhghrúpa toisc go bhfuil riosca méadaithe acu ailse chraicinn a fháil.
Díríonn an feachtas bliantúil SunSmart ar an daonra i gcoitinne maidir leis an mbaol ó gathanna UV idir Aibreán agus Deireadh Fómhair gach bliain.
Is cuid lárnach freisin é den obair atá ar siúl ag Maria, monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an phlean, chun a chinntiú go bhfuil sé ag dul i gcion ar an lucht féachana ceart. Cé go dtógann sé tamall fada sula dtarlaíonn Athrú Iompraíochta, rinne an clár measúnú réamhfheachtais agus iarfheachtais i dtaca leis an gclár bliantúil i mbliana. Taispeánann na réamhthorthaí gur mó seans go n-úsáidfidh daoine griansciath agus go seachnóidh siad an ghrian nuair atá sí ag an bpointe is láidre idir 11 agus 3pm. Tá caidrimh an-láidir forbartha acu freisin le mórán dá bpríomhpháirtithe leasmhara.
Cuireann Maria na chéad 5 S's i gcuimhne don lucht féachana.
Maeve McKeon, Comhordaitheoir Tacaíochta Féinbhainistíochta, Limistéar CHO 1
Bhí Maeve McKeon linn ar Sheimineár Gréasáin 13, Comhordaitheoir Tacaíochta Féinbhainistíochta don chlár Saol Sláintiúil do CHO1, chun roinnt eolais chúlra agus nuashonrú a thabhairt dúinn ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo. Is Clár Féinbhainistíochta Galar Ainsealach a mhaireann sé seachtaine é Saol Sláintiúil, a sheachadaíonn piar-éascaitheoirí oilte, a bhfuil riocht ainsealach acu féin agus atá á bainistiú acu féin. Tugadh Cistiú Imeascaidh Sláintecare do sé Eagraíocht Sláinte Phobail chun an clár a sheachadadh ina limistéir féin.
Dearadh é do dhaoine fásta, 18 bliain d’aois nó os a chionn, a bhfuil riocht sláinte fadtéarmach amháin nó níos mó ná ceann amháin acu (e.g. asma, COPD, diaibéiteas, galar croí, stróc, airtríteas, scléaróis iolrach, dúlagar, galar Crohn, etc.) nó do chúrameoirí de dhuine a bhfuil riocht sláinte fadtéarmach acu.
Is í an aidhm atá ag Saol Sláintiúil ná acmhainn an duine aonair a fheabhsú chun tionchar an reachta sláinte atá acu a bhainistiú, agus ar an dóigh sin, caighdeán an tsaoil a fheabhsú.
Díríonn Saol Sláintiúil ar scileanna féinbhainistíochta a fhorbairt, lena n-áirítear pleanáil gníomhaithe, cinnteoireacht, réitiú fadhbanna, athrú in iompraíocht sláinte, chomh maith le plé a dhéanamh ar na gnéithe sóisialta agus mothúchán a bhaineann leis an saol le riocht sláinte fadtéarmach. Tá na bunscileanna seo ríthábhachtach chun go mbeidh duine ábalta féinbhainistíocht a dhéanamh, agus go mbeidh siad ina chomhpháirtí ina gcúram sláinte féin, rud a chuirfidh lena dtorthaí sláinte.
D’éirigh go maith leis an gclár Saol Sláintiúil nuair a bhog sé ar líne de bharr Covid-19. Is aistriú rathúil a bhí san aistriú seo. Ghlac 1225 rannpháirtithe páirt sa chlár ó Lúnasa 2020 agus seachadaíodh os cionn 120 clár ar líne. Is é 92% an ráta críochnaithe de na cúrsaí seo i gcomparáid le 75% do chúrsaí nuair a bhaileann daoine le chéile. Luann Maeve, áfach, nach n-oireann an modh ar líne do gach ranpháirtí, agus déanfar machnamh ar seo do chláir eile amach anseo.
Tá 94% de rannpháirtithe sásta leis an tionscadal, agus bhí dea-eispéireas ag rannpháirtithe leis an gclár, mar a fheictear i roinnt de na tuairimí aiseolais a chuir siad ar fáil:
“Bhí cur chuige an-mheasúil, an-chomhbhách ag ár n-éascaitheoirí. Chuireadar a gcuid taithí saoil agus deacrachtaí sláinte i láthair chun go mbeimís go léir ar an leibhéal céanna, rud a thug inchreidteacht dóibh”.
Is comhpháirtí taighde é Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath sa tionscadal, agus de réir réamhthorthaí measúnachta, tá torthaí an-dearfach bainte amach ag rannpháirtithe an chláir go dtí seo. Tá méadú tagtha ar na nithe a leanas:
Tá comhordaitheoirí an chláir Saol Sláintiúil ag obair anois ar chás gnó cun an clár a uascálú agus a neadú ionas go mbeidh rochtain níos cothroime ann ar an gclár Saol Sláintiúil sna 9 limistéar CHO. Bhí na torthaí eatramhacha an-tábhachtach maidir leis an gcás sin a fhorbairt.
An fholláine a bharrfheabhsú agus daoine a chumasú maireachtáil go neamhspleách nuair atá tinneas aibithe orthu
An tOllamh Karen Ryan, Ollamh Cliniciúil i UCD, Comhairleoir sa Leigheas Maolaitheach
Bhí an tOllamh Karen Ryan linn ar Sheimineár Gréasáin 13, Ollamh Cliniciúil i UCD agus Comhairleoir sa Leigheas Maolaitheach, chun an Cúram Maolaitheach Athshlánúcháin a phlé, seirbhís phíolótach nua de chuid Sláintecare a eagraítear idir Ospís Naomh Proinsias agus Ospidéal an Mater. Soláthraíonn sé cúram a imeascann eilimintí den chúram ospidéil agus den chúram pobail.
Thosaigh an tOllamh Ryan le míniú ar an gcúram maolaitheach ina ndúirt sí nach ndíríonn an cúram maolaitheach ar sheachtainí deiridh an othar amháin, ach go ndíríonn sé ar chaighdeán an tsaoil a bharrfheabhsú ionas gur féidir leo maireachtáil go maith go dtí an deireadh.
Tá sé mar aidhm ag an tseirbhís tionchar dearfach a chruthú ar shaol othar, a gcáilíocht beatha a bharrfheabhsú, agus an t-am a chaitheann siad san ospidéal a laghdú. Tugann sé an deis d’othair i dtimpeallacht ospidéil ghinearálta go scaoilfear amach iad sa phobal le tacaíocht ón dTeiripe Saothair in Ospidéal an Mater agus fisiteiripe sa phobal, rud a chuireann ar a gcumas maireachtáil go maith sa bhaile. Tá dhá thaighdeoir ar fhoireann an tionscadail freisin chun cuidiú leis an measúnú.
Maidir le nádúr chomhtháite na seirbhíse, bhí sé ríthábhachtach an caidreamh oibre idir an pobal agus an t-ospidéal a fhorbairt. Tá feabhas curtha ar chumarsáid agus ar imeascadh seirbhísí, agus táthar tar éis an smaointeoireacht neamhchomhtháite idir an t-ospidéal agus an pobal a bhriseadh síos de thairbhe bheith ag obair thar teorainneacha cúraim. Bhí an-tábhacht ag baint leis an gcumarsáid theicneolaíochta agus dhigiteach freisin.
Chuir sé ar chumas daoine léargas domhain a fháil ar a gcuid othar, agus bhíothas ábalta, dá bharr, eolas a mhalartú go saoráideach idir comhaltaí foirne difriúla. Ba mhór ag othar an méid seo mar thuig siad go raibh a gcás á phlé ag ag bhfoireann chúraim go léir.
Is seirbhís í seo atá dírithe go mór ar an othar mar freagraíonn sí ar riachtanais an othair agus úsáideann sí cur chuige cásbhainistíochta speisialtóra agus pleananna cúraim do dhaoine aonair. Ciallaíonn sé seo nach mór seirbhís a sholáthar san áit cheart ag an am ceart. Is féidir leis an bhfisiteiripeoir cúraim mhaolaoitheach phobalbhunaithe cuairt a thabhairt ar othair sa bhaile, rud a chinntíonn go bhfaigheann siad seirbhísí sa bhaile fiú má tá siad róthinn chun an teach a fhágáil.
Anois tá an tionscadal ag déanamh anailíse ar na thorthaí measúnaithe, agus táthar ag súil aighneacht a dhéanamh maidir le pleanáil seirbhíse chun go leanfar leis an tseirbhís.