Déanann an Garda Síochána iompar freagrach ar ár mbóithre a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú, chun líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha a laghdú agus chun muinín an phobail as sábháilteacht ar bhóithre na hÉireann a mhéadú. Oibríonn an Garda Síochána freisin chun feabhas a chur ar iompar agus ar dhearcthaí thiománaithe trí fheachtais oideachais agus feasachta, agus trí dhiúltú do choirpigh úsáid a bhaint as gréasán bóithre na hÉireann. Oibríonn an Garda Síochána go dlúth leis na gníomhaireachtaí comhpháirtíochta uile chun tacú le Straitéis Rialtas na hÉireann um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030
Beidh comhoibriú leanúnach idir An Garda Síochana agus na húdaráis áitiúla chun a chinntiú go gcuirfear na hathruithe seo i bhfeidhm.
Tá raon de bhearta ann chun luasteorainneacha a fhorfheidhmiú ar na bóithre in Éirinn, lena n-áirítear trealamh luasbhraiteora suite ar fheithicil agus léasair láimhe, mar aon le veaineanna ceamaraí sábháilteachta. Chun comhlíonadh a bhaint amach i measc úsáideoirí bóthair, tá sé riachtanach trealamh luasbhraiteora a úsáid. Tá sé seo níos tábhachtaí ar láithreacha baolacha , ar nós scoileanna, oibreacha bóthair agus ceantair a bhíonn in úsáid ag rothaithe agus coisithe. Féadfaidh ceamaraí luasbhraiteora a úsáid tríd spotseicealácha, veaineanna so-ghluaiste (veaineanna GoSafe faoi láthair) agus níos déanaí fós, ceamaraí meánluas agus ceamaraí statacha.
Tuilleadh eolais ón nGarda Síochana ag Sábháileann Ceamaraí sábháilteachta beatha daoine - Garda