Seirbhísí Poiblí Níos Fearr: Líonraí
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leis na líonraí thíos cuirtear deiseanna ar fáil le heolas a chomhroinnt agus comhoibriú a dhéanamh i measc Státseirbhíseach agus Fostaithe sa tSeirbhís Phoiblí.
Oibríonn Líonra na dTeicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn le glacadh teicneolaíochtaí amhail Uathoibriú Róbatach Próiseas (RPA) agus Intleacht Shaorga (IS) a spreagadh agus seirbhísí poiblí á seachadadh, i gcomhréir le beartais an Rialtais. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin líonra nó páirt a ghlacadh ann, seol ríomhphost chuig rpa@per.gov.ie
Is é is aidhm don Líonra Nuálaíochta tacú le cultúr nuálaíochta a chothú ar fud na Seirbhíse Poiblí. Tá an bhallraíocht fadréimseach agus cuirtear fócas an líonra ar phríomhtheachtaireachtaí nuálaíochta a chur in iúl, eolas a chomhroinnt agus díocas chun nuálaíochta a chothú ar fud na Seirbhíse Poiblí. Is meicníocht atá sa líonra freisin chun scileanna a chothú sa nuálaíocht agus chun uirlisí agus acmhainní a chur ar fáil do na baill.
Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig innovation@per.gov.ie nó déan iarratas chun dul isteach sa líonra tríd an bhfoirm iarratais ar líne.
Tabhair cuairt ar an seinnliosta ábhair Nuálaíochta ar ár gcainéal YouTube chun féachaint ar sheimineáir ghréasáin arna n-eagrú ag an líonra agus tuilleadh a fhoghlaim faoi nuálaíocht sa tSeirbhís Phoiblí.
Cuireann an Líonra Oifigeach Teagmhála Sonraí Oscailte trédhearcacht agus comhoibriú chun cinn ach foilsiú sonraí eagraíochtúla mar Shonraí Oscailte a éascú. Agus tacaíocht á fáil aige ón Aonad Sonraí Oscailte, cumasaíonn an líonra seo na baill le hoiliúint agus tacaíocht theicniúil. Chun tuilleadh a fhoghlaim faoin gcaoi a spreagann sonraí oscailte athruithe dearfacha sa tseirbhís phoiblí, nó le bheith páirteach sa líonra seo, bí i dteagmháil linn ag opendata@per.gov.ie
Tacaíonn an Líonra Bainistíochta Tionscadal (PMN) le glacadh teicnící agus cleachtas Bainistíochta Tionscadal dea-chleachtais agus tionscadail seirbhíse poiblí á seachadadh. Cuireann PMN ardán ar fáil chun cumas na Seirbhíse Poiblí a fhorbairt agus a choinneáil ar bun maidir le tionscnaimh a phleanáil agus a bhainistiú trí imeachtaí oideachais agus líonraithe. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin líonra nó páirt a ghlacadh ann, seol ríomhphost chuig reformoffice@per.gov.ie
Cuid lárnach de chreat an rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí is ea feabhas a chur ar an mbealach a mbíonn an tSeirbhís Phoiblí i dteagmháil lena custaiméirí, agus feabhas a chur ar dhearadh agus seachadadh seirbhíse. Faigh tuilleadh eolais faoi Thionscnamh na Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí nó déan iarratas chun dul isteach sa Líonra Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí ach ríomhphost a sheoladh chuig qcsofficersnetwork@per.gov.ie
Tabhair cuairt ar an seinnliosta ábhair QCSN ar ár gcainéal YouTube chun féachaint ar sheimineáir ghréasáin arna n-eagrú ag an líonra agus tuilleadh a fhoghlaim faoi nuálaíocht sa tSeirbhís Phoiblí.