Scéim Deontais an Gheilleagair Oíche chun Torann a Laghdú (NMGS) 2023 – Próiseas Achomhairc
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Féadfaidh iarratasóir achomharc a dhéanamh má mheasann an t-iarratasóir sin nár cloíodh leis an bpróiseas atá ann i dtaobh athbhreithniú a dhéanamh ar Chéim 1 (Measúnú ar Cháilitheacht) san iarratas. Ní mór don iarratasóir ríomhphost cinnidh a bheith faighte aige ó fhoireann an Gheilleagair Oíche chun achomharc a dhéanamh.
Féadfaidh iarratasóir achomharc a dhéanamh fosta má mheasann an t-iarratasóir nár cloíodh leis an bpróiseas measúnaithe in aon chéim den phróiseas iarratais. Ní mór don iarratasóir ríomhphost cinnidh a bheith faighte aige ó fhoireann an Gheilleagair Oíche chun achomharc a dhéanamh.
Ní mór achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ón dáta ar ríomhphost an chinnidh. Is gá na cúiseanna leis an achomharc a leagan amach go soiléir i ríomhphost agus é sin a chur chuig Oifigeach Achomhairc an Gheilleagair Oíche ar NMGS.APPEALS@tcagsm.gov.ie agus “Achomharc” a lua mar aon le huimhir an iarratais i líne an ábhair ar an ríomhphost.
Agus achomharc á dhéanamh ar chinneadh maidir le hiarratas ar an NMGS is gá na nithe seo a leanas a chur leis an achomharc sin:
• sonraí teagmhála iomlána an iarratasóra agus uimhir an iarratais
• na cúiseanna a gcreideann an t-iarratasóir nár cloíodh leis an bpróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar an iarratas. Ní mór don iarratasóir cúiseanna sonracha nó fianaise a thabhairt chun tacú leis an achomharc
Tá eolas breise faoin scéim ar fáil i dTreoirlínte na Scéime (NMGS) anseo.
Gheobhaidh an t-iarratasóir ríomhphost admhála ó Oifigeach Achomhairc an NMGS nó ó dhaoine atá ag obair thar ceann an oifigigh sin laistigh de 5 lá oibre. Déanfar an t-achomharc a mheas ansin agus eiseofar cinneadh chun an iarratasóra laistigh de 20 lá oibre tar éis na hadmhála. Beidh an cinneadh seo ina cheangal agus ní bheidh sé faoi réir aon achomharc eile. Má mheastar go mbeidh aon mhoill ann, cuirfear fógra scríofa chuig in iarratasóir lena chur ar an eolas faoin tréimhse níos faide.