Saoire Neamhíoctha chun Críocha Cúram Leighis do Mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanas Speisialta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Féadfaidh múinteoir/cúntóir riachtanas speisialta iarratas a dhéanamh ar Shaoire Neamhíoctha chun Críocha Cúram Leighis chun cúram pearsanta nó tacaíocht phearsanta a thabhairt do dhuine incháilithe, mar atá leagtha amach sa chiorclán, ar chúis thromchúiseach leighis. Cuimsíonn Saoire Neamhíoctha chun Críocha Cúram Leighis lá scoile amháin nó níos mó, ach ní mór nach mó í ná cúig lá scoile san iomlán ar a mhéad i dtréimhse 12 mhí as a chéile.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoire Neamhíoctha chun Críocha Cúram Leighis do mhúinteoirí, féach Ciorclán 0050/2023 dar teideal “Saoire Neamhíoctha chun Críocha Cúram Leighis do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoire Neamhíoctha chun Críocha Cúram Leighis do chúntóirí riachtanas speisialta, féach Ciorclán 0051/2023 dar teideal “Saoire Neamhíoctha chun Críocha Cúram Leighis do Chúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.
Ceanglaítear ar mhúinteoir a bhaineann leas as Saoire Neamhíoctha chun Críocha Cúram Leighis an Fhoirm Iarratais in Aguisín A a ghabhann le Ciorclán 0050/2023 a chomhlánú. Ba cheart an Fhoirm Iarratais a chomhlánú agus a chur isteach chuig an bhfostóir a luaithe is indéanta le réasún sula mbainfear leas as saoire den sórt sin nó tar éis leas a bhaint aisti.
Ceanglaítear ar chúntóir riachtanas speisialta a bhaineann leas as Saoire Neamhíoctha chun Críocha Cúram Leighis an Fhoirm Iarratais in Aguisín A a ghabhann le Ciorclán 0051/2023 a chomhlánú. Ba cheart an Fhoirm Iarratais a chomhlánú agus a chur isteach chuig an bhfostóir a luaithe is indéanta le réasún sula mbainfear leas as saoire den sórt sin nó tar éis leas a bhaint aisti.