Leagtar amach i gClár an Rialtais agus sa Phlean Forbartha Náisiúnta athbhreithnithe (2021-2030) leibhéal uaillmhéine atá feabhsaithe go mór mar a bhaineann le hinfheistíocht chomhoibríoch uile-oileáin.
Is é an sprioc atá ann ná oileán a bheadh níos nasctha, níos inbhuanaithe agus níos rathúla do gach pobal. Mar thacaíocht do seo dearbhaítear go mbeidh infheistíochta uile-oileáin iomlán de níos mó ná €3.5 billiún i gceist go dtí 2030, trí Chiste um Oileán Comhroinnte de chuid an Rialtais; Cistí Thionscadal Éireann 2040; acmhainní a chuirfear ar fáil don chomhoibriú Thuaidh/Theas; agus clár PEACEPLUS, a bheidh á sheachadadh i bpáirt leis an Aontas Eorpach, le Rialtas na Ríochta Aontaithe agus le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann.
Is maoiniú imfhálaithe atá á chur ar fáil don Chiste um Oileán Comhroinnte - le gealltanas €1 billiún ar a laghad go dtí 2030 ionas go bhféadfar na gealltanais agus na cuspóirí a bhaineann leis an infheistíocht uile-oileáin a sheachadadh. Tá an Ciste um Oileán Comhroinnte á imscaradh ag an Rialtas, ag obair trí chomhpháirtíochtaí uile-oileáin, leis an bhFeidhmeannas, Rialtas na Ríochta Aontaithe, Údaráis Áitiúla, institiúidí oideachais agus trí chláir mhaoinithe ar fud an oileáin.
Ba í an fhógairt ba dhéanaí a rinne an Rialtas, an 20 Feabhra 2024, go gcuirfí cistiú a mhéid le €800 milliún ar fáil ó thosaíochtaí na hInfheistíochta san Oileán Comhroinnte do roinnt infheistíochtaí móra trasteorann. Rinneadh beagnach €500 milliún a leithdháileadh go sonrach ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte go dtí seo.
Leanfaidh an Rialtas ar aghaidh ag infheistiú ag an leibhéal seo, leibhéal nach bhfacthas riamh cheana, agus léargas á thabhairt ar an tábhacht a bhaineann le comhoibriú uaillmhianach Thuaidh/Theas agus Thoir/Thiar, d'oileán na hÉireann agus an leas is féidir á bhaint as.
Dheimhnigh an Rialtas ceangaltas €600 milliún i bhFeabhra 2024 i dtreo Chonair Iompair Iarthuaisceart an A5.
Dheimhnigh an Roinn Bonneagair i dTuaisceart Éireann le déanaí go bhfuair scéim an A5 tuarascáil deiridh fiosrúcháin phoiblí ón gCoimisiún um Achomhairc Pleanála. Má éiríonn leo na próisis reachtúla a chur i gcrích agus má fhaightear cistiú, d’fhéadfaí cinneadh a dhéanamh leanúint ar aghaidh leis an tógáil a thosú roimh dheireadh 2024.
Nuair a chuirtear tábhacht scéim an A5 – agus uasghráduithe gaolmhara TEN-T Dhún na nGall agus N2 Chluain Tiobrad san áireamh – do réigiún an Iarthuaiscirt agus do nascacht trasteorann ar an oileán; agus an scóip don tionscadal leanúint ar aghaidh i dTuaisceart Éireann, d’aontaigh an Rialtas le ceangaltas a mhéid le €600m a sholáthar do thionscadal uasghrádaithe bhóthar an A5 i dtreo a chostas anuas ar obair phleanála agus dhearaidh a chur chun cinn ar scéimeanna TEN-T gaolmhara N2 Chluain Tiobrad agus Dhún na nGall.
Beartaítear go dtacaíonn deimhniú cheangaltas cistithe an Rialtais le leanúint ar aghaidh leis an tionscadal a luaithe agus is féidir, sa mhullach ar dheimhniú go gcuirfear cistiú ar fáil ó fhoinsí eile ón Roinn Bonneagair i dTuaisceart Éireann.
D’fhaomh an Rialtas ranníocaíocht a mhéid le €50 milliún i dtreo Páirc Mhic Easmainn athfhorbartha i mBéal Feirste a thógáil mar chuid de chomórtas UEFA EURO 2028 a chuirfear ar siúl in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.
Gheall an Rialtas cistiú trí Chiste an Oileáin Chomhroinnte chun cur le Páirc Mhic Easmainn athfhorbartha i mBéal Feirste a thógáil mar phríomhthionscadal bonneagair spóirt agus ina gcuirfear cluichí ar siúl mar chuid de chomórtas EURO 2028.
Óstálfar Craobhchomórtas UEFA EURO 2028 in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe agus cuireann seo deis iontach ar fáil leis an Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn agus ár dtairiscint den chéad scoth turasóireacht agus spórt a thaispeáint don Eoraip agus don domhan níos fairsinge. Tacaíonn na cúig chumann peile agus gach comhpháirtí dá gcuid, an dá Rialtas ina measc, le Páirc Mhic Easmainn a chur san áireamh mar chomhthairiscint bhuaiteach na hÉireann-an RA chun craobhchomórtas UEFA EURO 2028 a chur ar siúl.
Tá an tionscadal athfhorbartha faoi úinéireacht agus á bhainistiú ag Cumann Lúthchleas Gael (CLG) Chomhairle Uladh i gcomhar le húdaráis Thuaisceart Éireann, atá ag obair le pacáiste foriomlán cistithe a thabhairt le chéile chun an staid athfhorbartha a sholáthar.
Déanfaidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán aontú ar ranníocaíocht chistithe an Rialtais agus cuirfear chun cinn í i gcomhar le contrapháirteanna TÉ agus an RA.
Ar aon dul le beartas an Rialtais ar chistiú do bhonneagar spóirt mórscála, aontófar le prionsabail chun an tionscadal a chistiú chun go mbíonn teacht ag cách air agus chun go rachaidh sé chun tairbhe réimse spórt, chun go n-oibrítear é le comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsiú a éascú sa spórt, agus chun go dtacaíonn sé le caidreamh trasphobail i dTuaisceart Éireann agus ar fud an oileáin.
Dheimhnigh an Rialtas go dtabharfar isteach seirbhís iarnróid gach uair an chloig idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath ar chostas breise €12.5 milliún.
Tá an dá Rialtas ar aon intinn go dtugtar tús áite do sheirbhís iarnróid gach uair an chloig ar líne Bhaile Átha Cliath-Bhéal Feirste. Déanfaidh seirbhís gach uair an chloig an mhinicíocht reatha a dhúbailt agus cuirfidh sé feabhas mór ar iompar inbhuanaithe idir an dá chathair is mó ar an oileán agus cuirfidh sé ceangail gheilleagracha agus shóisialta chun cinn ar fud réigiún chonair gheilleagrach Bhaile Átha Cliath-Bhéal Feirste agus ar fud an oileáin.
Tá an cistiú á leithdháileadh ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte, agus cuirfidh an Roinn Iompair cistiú meaitseála ar fáil, chun íoc as an gcostas iomlán ar sheirbhís iarnróid gach uair an chloig a thabhairt isteach idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath i rith tréimhse thosaigh trí bliana.
Cuirfidh na hacmhainní breise a sholáthrófar toilleadh méadaithe ar fáil d’Iarnród Éireann agus Translink NI maidir lena ngréasáin flíteanna faoi seach. Tabharfar an tseirbhís mhéadaithe isteach de réir a chéile agus tá súil leis go mbeidh an tseirbhís gach uair an chloig go hiomlán i bhfeidhm faoi ráithe 1 2025.
Tagann minicíocht mhéadaithe na seirbhíse leis an gcuspóir faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, agus leis an soláthar faoi chlár PEACEPLUS d’infheistíocht i rothstoc nua inbhuanaithe ar líne Bhaile Átha Cliath-Bhéal Feirste, agus le moltaí an dréacht-Athbhreithnithe Straitéisigh Iarnróid Uile-Oileáin.
Leithdháil an rialtas cistiú breise i bhFeabhra 2024 i dtreo Dhroichead Chaol Uisce. Is gealltanas fadmharthanach é an droichead de chuid an Rialtais a léirítear i gClár an Rialtais agus sa Chomhaontú Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua 2020. Ceanglóidh an droichead na Beanna Boirche agus Leithinis Chuaille, agus soláthróidh sé borradh ollmhór ar an turasóireacht agus ar nascacht i réigiún na teorann thoir, agus gníomhóidh sé mar chumasóir d’iompar gníomhach agus gníomhaíochtaí áineasa trasteorann níos fearr, forbairt glasbhealaí, conairí siúil agus conláistí páirce san áireamh.
Tá cead pleanála i bhfeidhm do dhroichead sainiúil 280m staghcháblaí, atá daingnithe ag dhá thúr ag gach bun, agus ag a bhfuil lánaí scartha gluaisteán, rothar agus coisithe. Ceanglóidh an droichead débhealach an A2 idir an tIúr agus an Pointe le R173 Ó Méith agus osclófar é lena cheadú do bháid taisteal tríd agus isteach go Canáil an Iúir.
Thug Comhairle Contae Lú faoi phróiseas tairisceana don phríomhchonradh oibreacha tógála don tionscadal in 2023, i gcomhréir leis an gCód Caiteachais Phoiblí, ar a ndearna an
Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maoirseacht i gcomhairle leis an Roinn Bonneagair i dTuaisceart Éireann.
Leanfaidh Comhairle Contae Lú ar aghaidh leis na céimeanna deiridh sa phróiseas soláthair agus tá súil leis go mbronnfar an conradh ar an tairgeoir rathúil in H1 2024. Déanfaidh Bord Tionscadail, ar a ndéanfaidh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cathaoirleacht, maoirseacht ar sholáthar an tionscadail.
Leithdháil an Rialtas €3m ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte i Meitheamh 2022 leis an tionscadal a thabhairt go céim thairisceana. Rinne an Rialtas an cinneadh i Samhain 2022 leanúint ar aghaidh le próiseas tairisceana, a thosaigh Comhairle Contae Lú in Aibreán agus tá sé le cur i gcrích i nDeireadh Fómhair. Leithdháileadh €2m sa bhreis ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte i Meitheamh 2023 chun íoc as an gcostas ar an gcéim thairisceana a chríochnú.
Déanann an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maoirseacht ar an tionscadal, ag obair le Comhairle Contae Lú agus i gcomhairle leis an Roinn Bonneagair i dTuaisceart Éireann.
Gheall an Rialtas i bhFeabhra 2024 €10 milliún a sholáthar i dtreo infheistíocht mhór in eispéireas cuartaíochta athnuaite do láthair Chath na Bóinne.
Dheimhnigh an Rialtas infheistíocht mhór in eispéireas cuartaíochta athnuaite a fhorbairt do láthair Chath na Bóinne mar thosaíocht le próifíl oidhreachta agus turasóireachta na láithreach a ardú a bhfuil tábhacht uathúil stairiúil agus phobail aige ar an oileán. Rinneadh an gealltanas cistithe seo ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte mar chuid den phacáiste cistithe foriomlán don tionscadal, a luaithe a thabharfar chun críche é. Tabharfaidh Oifig na nOibreacha Poiblí (an OPW) an obair seo chun cinn bunaithe ar Phlean Bainistíochta Caomhantais don láthair agus i gcomhairle le pobail an Tuaiscirt agus an Deiscirt.
Cheannaigh an Stát Eastát an tSeandroichid in 2000, mar gheall ar a thábhacht náisiúnta mar láthair Chath na Bóinne stairiúil. Tar éis athchóiriú agus forbairt fhorleathan, osclaíodh Ionad Cuairteoirí Chath na Bóinne, atá lonnaithe i dTeach an tSeandroichid, don phobal i samhradh 2008.
Choimisiúnaigh an OPW Plean Bainistíochta Caomhantais nuashonraithe in 2022, agus tá sé curtha i gcrích anois. Tá mar chuspóir ag an bplean seo láthair Chath na Bóinne a chur i láthair agus a léirmhíniú go híogair. Treoróidh an Plean forbairt na láithreach amach anseo, an méid seo a leanas ina measc:
Caomhnú agus cosaint fhoriomlán na láithreach a chinntiú;
○ An fhéidearthacht a chur san áireamh chun idirghníomhú pobail Thuaidh-Theas a dhoimhniú agus athmhuintearas a thabhairt chun cinn.
○ Cur leis an gclár turasóireachta agus geilleagrach don Mhí agus do Lú Theas.
D’fháiltigh an tEastát in 2022 roimh nach mór 500,000 cuairteoir, agus fáiltíodh san Ionad Cuairteoirí sa teach roimh 40,000 cuairteoir chuig an taispeántas. Stiúrfaidh an OPW an obair leis an tairiscint do chuairteoirí chuig an Eastát a fhairsingiú fiú níos mó sna blianta amach anseo.
Leithdháil an Rialtas €30 milliún ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte do Scéim Fiontraíochta an Oileáin Chomhroinnte nua.
Forbróidh InterTradeIreland, Fiontraíocht Éireann agus Invest Northern Ireland, i gcomhairle leis an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus an Roinn Geilleagair i dTuaisceart Éireann, scéim comhoibrithe ag na gníomhaireachtaí ar bhonn comhoibritheach trasteorann agus atá comhsheasmhach le sainchúram gach gníomhaireachta.
Rinne an Rialtas leithdháileadh i bprionsabal ar a mhéid le €30m le scéim a fhorbairt chun díriú ar: fiontraíocht i measc ban a chur chun cinn; líonraí agus braislí trasteorann; agus infheistíocht in inbhuanaitheacht agus i nuálaíocht.
Déanfaidh an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, i gcomhairle leis an Roinn Geilleagair (TÉ), maoirseacht ar fhorbairt bhreise a dhéanamh ar an scéim, a thosófar go déanach in 2024, faoi réir aontú na nAirí sa dá Rialtas.
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., agus an tAire Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe, Andrew Muir MLA., oscailt an tionscnaimh nua cistithe seo an 6 Márta 2024 chun tacú leis an mbithgheilleagar uile-oileáin a fhorbairt.
Déanfar an bithgheilleagar i mbun gnímh ar fud oileán na hÉireann a thriail go píolótach agus a thaispeáint in ‘Tionscnamh Taispeána Bithgheilleagair an Oileáin Chomhroinnte’, mar phríomhchuspóir an Phlean Gníomhaíochta Bithgheilleagair 2023-2025.
Cumasaítear an glaoch nua ar chistiú trí €7 milliún a leithdháileadh ó Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte de chuid Rialtas na hÉireann, anuas ar chomhchistiú €1.5 milliún ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus £0.5 milliún ón Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe i dTuaisceart Éireann.
Beidh glaoch ar iarratais ar oscailt go dtí an 7 Meitheamh 2024. Tá téarmaí agus coinníollacha iomlána, Sonraíochtaí an Ghlaoigh agus Treoirlínte an Ghlaoigh san áireamh ar fáil anseo. anseo.
Leithdháil an Rialtas a mhéid le €24 milliún i bhFeabhra 2024 i dtreo clár píolótach comhoibrithe chun dul i ngleic le tearcghnóthachtáil oideachais.
Oibreoidh an Roinn Oideachais agus an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann chun clár píolótach comhoibrithe maidir le tearcghnóthachtáil oideachais a fhorbairt agus a thabhairt isteach.
Beidh an clár píolótach comhoibrithe seo ar siúl ó 2024 agus 2025 agus beidh gnéithe ann maidir le malartú taighde múinteoirí, an chruthaitheacht i scoileanna, agus tacaíochtaí chun dul i ngleic le tearcghnóthachtáil oideachais.
Déanfaidh an Roinn Oideachais in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann an clár comhoibrithe a fhorbairt níos mó, faoi réir chomhaontú na nAirí sa dá Rialtas. Má chomhaontófar, leanfar leis an gclár in 2026 agus 2027 agus cuirfear acmhainní breise ar fáil trí Chiste an Oileáin Chomhroinnte.
Leithdháil an Rialtas €1.5 milliún i dtreo Glasbhealach Chairlinn a chríochnú.
Cuirfidh an cistiú a leithdháileadh ar chumas gné de Ghlasbhealach Chairlinn trasteorann atá le críochnú go fóill a chur i gcrích – struchtúr clárchosáin 1.6km lasmuigh den Iúr. Tá cistiú á sholáthar chomh maith ag an Roinn Bonneagair i dTuaisceart Éireann agus tacaítear le rannóga eile an Ghlasbhealaigh faoi chlár INTERREG VA.
Déanann an Roinn Iompair, ag obair le Comhairle Contae Lú agus Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin maoirseacht ar an tionscadal i gcomhairle leis an Roinn Bonneagair i dTuaisceart Éireann.
Tagann an tionscadal leis an gcuspóir faoin bPlean Forbartha Náisiúnta le gréasán glasbhealaí i réigiún na teorann ar fud an oileáin ó chósta an Atlantaigh go bord farraige an Oirthir, agus tá cur chuige féideartha á fhiosrú go gníomhach ag an Roinn Iompair freisin le bealaí reatha glasbhealaigh i réigiún na teorann a nascadh le sócmhainn chlaochlaitheach bhonneagair ghlais a fhorbairt do chónaitheoirí agus chun turasóireacht inbhuanaithe a fhás.
Leithdháil an Rialtas cistiú i bhFeabhra 2024 i dtreo príomhláithreáin dhomhanda UNESCO faoi Chiste an Oileáin Chomhroinnte.
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta) ag oibriú le Réadlann Réalteolaíoch na hÉireann (AOI) - comhpháirtíocht idir Faireachlann Dhún Sinche, Faireachlann agus Pláinéadlann Ard Mhacha, agus Foras Eolaíochta agus Oidhreachta Bhiorra - chun tacú le cur isteach ar stádas Oidhreacht Dhomhanda UNESCO mar shaothar trasteorann maoine agus indéantachta i dtaobh conas luach uathúil ceangailte oidhreachta eolaíochta agus tógtha na dtrí láithreán a shaothrú sna blianta amach romhainn.
Tá Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta ag leanúint ag tacú freisin leis an gcur isteach ar Mhaoin Oidhreachta Domhanda trasteorann Láithreáin Ríoga na hÉireann (Eamhain Macha in Ard Mhacha san áireamh), a cuireadh san áireamh ar Liosta Sealadach Oidhreachta Domhanda na hÉireann in 2021.
Ar an 10 Meitheamh 2023, gheall an Rialtas suas le €44.5m ón gCiste um Oileán Comhroinnte chun foirgneamh nua teagaisc agus seirbhísí do mhic léinn a thógáil ar champas Ollscoil Uladh i nDoire. Cuireann sé seo i ngníomh an tiomantas a thug an Rialtas faoin gcomhaontú Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua go ndéanfaí infheistíocht chaipitil sa champas ar mhaithe leis an soláthar ardoideachais i réigiún an Iarthuaiscirt a leathnú amach.
Tá an foirgneamh teagaisc mar chuid den phlean forbartha atá ag Ollscoil Uladh campas a chur ar fáil, rud a chuirfidh le líon na mac léinn i nDoire. Cuirfidh sé spásanna breise le haghaidh léachtaí agus seimineár ar fáil, chomh maith le saotharlanna ríomhaireachta agus seirbhísí do mhic léinn ar an gcampas. Tá gné láidir trasteorann ag baint leis an tionscadal, agus é ag tacú go díreach leis an soláthar suntasach breise, atá ann ó thaobh cúrsaí fochéime agus cúrsaí iarchéime agus an comhoibriú ar thaighde idir Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (Dún na nGall) agus Ollscoil Uladh.
Déanfaidh an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus a Roinn ranníocaíocht mhaoinithe an Rialtais a chur chun cinn ag obair le hOllscoil Uladh agus i gcomhairle go leanúnach leis an Roinn Geilleagair i dTuaisceart Éireann.
Tá €2.5m leithdháilte ag an Rialtas ón gCiste um Oileán Comhroinnte i dtreo an chostais a bhaineann le hionad faoisimh agus teiripeach saintógtha a thógáil do leanaí a bhíonn diagnóisithe le ailse agus dá dteaghlaigh, ó gach cearn d'oileán na hÉireann.
Tá pacáiste maoinithe foriomlán á chur le chéile ag an Aire Sláinte agus a Roinn, agus fógrófar é in éineacht le tuilleadh eolais faoin tionscadal. Tá an tionscadal ailínithe leis an Straitéis Náisiúnta Ailse 2017-2026 agus cuirfidh sé leis an gcomhoibriú Thuaidh/Theas atá ann cheana maidir le cúram ailse.
I mí Feabhra 2023, d'fhógair an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, maoiniú €27 Milliún don Chlár Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide, clár a thacaíonn le tionscadail agus tionscnaimh a dhéanann éascaíocht ar an ngníomhú ar son na haeráide sna pobail, trí oideachas a chur, acmhainneacht a fhorbairt agus foghlaim trí bheith ag gníomhú.
Tá maoiniú €3 mhilliún á chur ar fáil chun tacú le tionscnaimh trasteorann agus uile-oileáin a ghníomhaíonn ar son na haeráide faoi stiúir pobail agus ag Údaráis Áitiúla, ionas gur féidir spriocanna comhchoiteanna ar chúrsaí aeráide agus fuinnimh a bhaint amach, ó Thuaidh agus ó Dheas.
Chun tuilleadh eolais a fháil, cliceáil anseo.
I mí Eanáir 2023, d'fhógair an tAire Iompair, Eamon Ryan TD agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, infheistíocht €15 mhilliún do Scéim Luchtaithe EV Chlub Spóirt an Oileáin Chomhroinnte.
Tacóidh an scéim seo le bonneagair luchtaithe EV a bheidh sciobtha agus fáil orthu go héasca a leathadh amach go céimneach, do chlubanna spóirt agus don phobal ar fud oileán na hÉireann, i gcomhréir leis an Straitéis Náisiúnta um Bonneagar Luchtaithe EV a seoladh le déanaí.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh ar an scéim seo, cliceáil anseo.
I mí Eanáir 2023, d'eisigh an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin TD, an ghairm ar iarratais i dtaca le Ciste um Chumann Pobail an Oileáin Chomhroinnte. Cuirfidh an scéim comhoibriú agus rannpháirtíocht phraiticiúil idir an Tuaisceart agus an Deisceart chun cinn, thar raon d’earnálacha agus de théamaí a thagann le cuspóirí agus gealltanais Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Spreagfaidh sé agus tacóidh sé leis an tsochaí shibhialta agus le heagraíochtaí pobail chun na comhpháirtíochtaí atá ann cheana a neartú tuilleadh agus/nó naisc nua trasteorann a fhorbairt, d’fhonn nascacht maidir le fadhbanna atá ina n-ábhar imní d'oileán na hÉireann a fhorbairt.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh ar an scéim seo, cliceáil anseo.
I mí na Nollag 2022, d'fhógair Simon Harris, Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Aire Eolaíochta agus Slándála Infheistíochta na Ríochta Aontaithe, Nusrat Ghani MP agus Aire Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe Thuaisceart Éireann, Edwin Poots CTR, os cionn €74 milliún d'infheistíocht chun comhionaid taighde chomhoibríocha nua a chruthú ar fud na hÉireann, na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.
Beidh an ghairm faoin gClár 'Comhionaid: Comhoibriú le haghaidh Taighde agus Nuálaíocht Bhunathraitheach' oscailte i mí na Samhna agus díreoidh sé ar 2 théama:
- an aeráid
- córais bhia inbhuanaithe atá athléimneach
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh ar an scéim seo, cliceáil anseo.
I mí na Nollag 2022, d'fhógair an tAire Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin, Malcolm Noonan TD, infheistíocht €15 Milliún, le haghaidh comhoibriú trasteorann nua a bhaineann le hathshlánú a dhéanamh ar thailte portaigh agus bainfear úsáid as an maoiniú chun acmhainneacht a fhorbairt ag an leibhéal áitiúil agus ag an leibhéal náisiúnta trí chláir uasoiliúna, oiliúna agus oideachais agus trí obair athchóirithe.
Roghnófar suíomhanna in Éirinn, i dTuaisceart Éireann agus in Albain le go bhféadfar athshlánú praiticiúil a dhéanamh ar thailte portaigh, acmhainneacht a fhorbairt i dtaca le bainistiú fadtéarmach ar thailte portaigh, tabhairt faoi thaighde agus monatóireacht, eolas a mhalartú, agus aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí soch-chultúrtha i suíomhanna éagsúla athshlánaithe. Áirítear orthu sin athshlánú a dhéanamh ar thailte príobháideacha agus ar thailte poiblí, léargas a thabhairt ar thionchar an chreimthe, tailte portaigh a bhí draenáilte a athghníomhachtú, athchóiriú foraoise go portach, speicis choimhthíocha ionracha a rialú, aghaidh a thabhairt ar bhrú ó innilt, rannpháirtíocht an phobail a fheabhsú agus cur leis an oideachas agus leis an bhfeasacht.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin infheistíocht seo anseo.
I mí na Nollag 2022, d'fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers TD, infheistíocht €15 Milliún, do 3 thionscadal faoi Thurasóireacht, Gaeltacht agus Éire Ildánach. Fógraíodh €7.4 milliún breise i mí Iúil 2022 chun tacú le tionscadail infheistíochta Ealaíon de chuid an Oileáin Chomhroinnte a sheachadadh.
Turasóireacht: Bhí €7.6 milliún bronnta ar thionscnaimh chomhoibrithe agus margaíochta chun branda nua turasóireachta uile-oileáin a bhunú agus beidh sé á riar ag na gníomhaireachtaí turasóireachta ar bhonn trasteorann. Is é fís an togra ná Bealach Cósta an Tóchair agus Slí an Atlantaigh Fhiáin san Iarthuaisceart a nascadh.
Gaeltacht: €2 mhilliún do thograí nua trasteorann a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an Ultais, an cultúr agus an oidhreacht, lena n-áirítear maoiniú chun áiseanna pobalbhunaithe agus imeachtaí cultúrtha trasphobail a fhorbairt.
Éire Ildánach: €6 mhilliún don ghné a bhaineann leis an Oileán Comhroinnte atá i gClár Éire Ildánach an rialtais do 2023-2027.
Féachfaidh an tionscnamh leis an gcruthaitheacht a chur in úsáid ar bhonn oileán comhroinnte chun:
• cur leis na deiseanna atá ann le haghaidh tionscnaimh chultúrtha agus chruthaitheacha trasphobail idir leanaí agus daoine óga;
• cabhrú le húdaráis áitiúla feabhas a chur ar líonraí cruthaitheachta d’fhonn tacú le comhpháirtíochtaí bríomhara agus cuimsitheacha idir daoine chomh maith le comhpháirtíochtaí idir pobail;
• Éire a chur chun cinn mar cheannaire domhanda ó thaobh léargas a thabhairt ar an tábhacht atá leis an gcruthaitheacht agus leis an bhfolláine intinne;
• an comhoibriú a neartú ionas go mbeidh an t-oileán níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí de.
I measc na scéimeanna tá:
- Beidh Lá Uile-Oileáin na Cruthaitheachta do Leanaí agus do Dhaoine Óga ar siúl Dé Sathairn, 10 Meitheamh. Beidh Éire Ildánach i mbun áisitheoireachta trí imeachtaí trasphobail a chothóidh muintearas idir leanaí agus daoine óga ó dhá thaobh na teorann. Clár bríomhar d’imeachtaí beo agus d’imeachtaí ar líne a bheidh anseo a thabharfaidh deis do gach duine a gcruthaitheacht a léiriú.
- Cabhróidh an Plean Óige Ildánach le forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh shuaitheanta a fhágfaidh lorg láidir, ar son leanaí agus daoine óga ar fud an Oileáin. Tosóidh sé amach leis an tionscnamh Story Seeds faoi stiúir Fighting Words, tionscnamh ina mbeidh leanaí agus daoine óga páirteach i ngníomhaíochtaí comhoibríocha trasteorann ar an scríbhneoireacht chruthaitheach.
- Cuideoidh an Scéim Maoinithe Trasteorann don Chruthaitheacht sa phobal le Foirne Cultúir agus Cruthaitheachta na nÚdarás Áitiúil tacú le comshaothair a bhaineann úsáid as líonraí trasteorann d’fhonn tacú le deiseanna cultúrtha agus cruthaitheacha idir daoine agus deiseanna idir pobail. Beidh an ciste oscailte d'iarratais i mí na Bealtaine.
- Is clár é Folláine an Lucht Siúil tríd an gCruthaitheacht a thacóidh le tionscadail chruthaitheacha a mbeidh tionchar dearfach acu ar shláinte agus ar fholláine an Lucht Siúil. Anuas ar na tionscnaimh deontais atá ann cheana féin, cuireadh cistí breise ar fáil do thionscnaimh a bhaineann le hoileán comhroinnte. Ba é Dé hAoine 31ú Márta 2023 an dáta deireanach ar glacadh le hiarratais le haghaidh 2023. Tá meastóireacht á déanamh i rith am ama ar na tionscadail.
- Tacóidh An Ciste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide II: Agents of Change (2023-2025) le tionscadail chruthaitheacha shamhlaíocha a chothaíonn feasacht maidir leis an athrú aeráide agus a thugann an cumhacht do shaoránaigh athruithe fiúntacha a dhéanamh ar a n-iompar. Tá maoiniú breise curtha ar fáil do roinnt tionscadal a thacaíonn le tionscnaimh de chuid an oileáin chomhroinnte. Ba é 14ú Márta an dáta deireanach ar glacadh le hiarratais agus tá meastóireacht á déanamh i rith an ama ar na tionscadail.
- Tá sé mar aidhm ag Naisc Chruthaitheacha don Mheabhairshláinte Éire a chur chun cinn mar cheannaire domhanda ó thaobh úsáid a bhaint as cur chuige faoi stiúir saineolaithe sna healaíona agus sa chruthaitheacht d’fhonn cabhrú leis an meabhairshláinte agus leis an bhfolláine, lena n-áirítear i suíomhanna iarchoinbhleachta.
- Leithdháilfear an maoiniú ó Oileán Comhionann a Chruthú trí ghairm oscailte chuig eagraíochtaí san earnáil ag iarraidh orthu cláir chomhshaothair trasteorann bunaithe ar an gcruthaitheacht a mholadh i ndáil le míchumas; inscne; cine, eitneachas agus éagsúlacht chultúrtha; agus LADTI.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na tionscadail seo, cliceáil anseo.
Creative Ireland -Shared Island Initiative 2023 - 2025
Cultúr: €7.4 milliún chun cabhrú le sraith de thionscadail nua infheistíochta caipitil sna healaíona ar an oileán. Tá siad seo á bhforbairt i gcomhairle leis an gComhairle Ealaíon agus le Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bhfógra seo, cliceáil anseo.
I mí Mheán Fómhair 2022, bhronn an Taoiseach, Micheál Martin TD, agus an tAire Darragh O’Brien TD maoiniú ar 23 tionscadal ar éirigh leo faoi Scéim Maoinithe Oileáin Chomhroinnte um Fhorbairt na nÚdarás Áitiúil.
Tá breis is €4.3 milliún leithdháilte ar 15 Údarás Áitiúla ceannais ó Dheas, atá ag obair i gcomhar le 9 Comhairle i dTuaisceart Éireann chun tionscadail infheistíochta chomhoibríocha tras-teorann a fhorbairt i gcaitheamh na 12 mí atá amach romhainn.
Baineann na tionscadail rathúla le réimse earnálacha lena n-áirítear bithéagsúlacht, turasóireacht, dícharbónú, an geilleagar ciorclach, athnuachan tuaithe agus uirbeach, oideachas, nuálaíocht sa ghnó agus tionscail chultúir agus chruthaitheachta.
Leis an scéim, a mhaoinítear ón gCiste um Oileán Comhroinnte agus a bhfuil an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta á bainistiú, cuirtear ar chumas Údaráis Áitiúla, Thuaidh agus Theas, obair indéantachta agus forbartha ar chomhthionscadail nua infheistíochta lena mbaintear amach spriocanna áitiúla agus réigiúnacha a chur chun cinn.
I mí Márta 2022, bhronn an Taoiseach, Micheál Martin TD, agus an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris TD, dhá thionscadal chomhoibríocha taighde is seasca idir lucht acadúil agus institiúidí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann, ar fiú os cionn €37 milliún iad san iomlán, faoin gcéad ghlao maoinithe ón gClár Taighde Thuaidh Theas.
Is scéim chomhoibríoch é an Clár Taighde Thuaidh Theas a mhaoinítear trí Chiste an Rialtais um Oileán Comhroinnte agus a bhfuil an tÚdarás um Ardoideachas á riar thar ceann na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.
Tá réimse luachanna i gceist leis na dámhachtainí, ó €200,000 thar dhá bhliain go dtí €4 milliún thar ceithre bliana.
Bronnadh na comhthionscadail ar éirigh leo faoi thrí shnáithe ar leith:
• Snáithe I: Tionscadail dhéthaobhacha taighdeoir-taighdeoir,
• Snáithe II: Moil bairr feabhais atá ag teacht chun cinn, agus
• Snáithe III: Comhpháirtíochtaí scála
Tá an maoiniú á bhronnadh trí dhá ghlao maidir leis an gclár, fógrófar an dara glao in 2023.
Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.
I mí Aibreáin na bliana 2021, d'fhógair an rialtas maoiniú ar fiú breis agus €12 milliún é le haghaidh Chéim 2 de Chanáil Uladh, arna thacú le €6m ón gCiste um Oileán Comhroinnte. De bharr an fhógra stairiúil, déanfar athchóiriú ar Chanáil Uladh idir Cluain Eois agus Cluain Fada.
Fuarthas maoiniú ón gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe agus ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chomh maith chun an tionscadal a thabhairt chun cinn. Ceadaíodh €1m sa bhreis ón gCiste um Oileán Comhroinnte chun go dtabharfar faoi na céimeanna indéantachta agus réamhthógála de Chéim 3 den tionscadal athchóirithe.
I mí Iúil 2022, cheadaigh an Rialtas ranníocaíocht €40m ón gCiste um Oileán Comhroinnte i leith Céim 3 d’athnuachan Chanáil Uladh a sheachadadh.
Ba iad an tAire Iompair Eamon Ryan TD agus an tAire Bonneagair Thuaisceart Éireann Nichola Mallon MLA a sheol an tAthbhreithniú Straitéiseach Iarnróid i gcomhpháirt a chéile.
Chomh maith le scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann Iarnród Ardluais a fhorbairt, déanfar na ceisteanna ar fad a bhaineann le nascacht iarnróid idiruirbigh agus idir réigiúin a bhreithniú, lena n-áirítear an fhéidearthacht atá ann do lasta iarnróid agus nascacht níos fearr d'Iarthuaisceart an oileáin.
Réitíonn an Ciste um Oileán Comhroinnte an bealach chomh maith d’infheistíocht i dtionscnaimh nua uile-oileánda i réimsí mar thaighde, sláinte, oideachas agus comhshaol, agus chun dul i ngleic le dúshláin faoi leith an Iarthuaiscirt agus phobail na Teorann.
Tacóidh an Ciste chomh maith le tiomantas an rialtais ceangal níos fearr a bhaint amach ar an oileán, leis an ngeilleagar uile-oileánda a fheabhsú agus le comhoibriú Thuaidh/Theas a dhoimhniú.