Plean Gnímh don Aeráid 2021
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide; Roinn an Taoisigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide; Roinn an Taoisigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021, soláthraítear plean mionsonraithe maidir le gníomh cinntitheach a dhéanamh chun laghdú de 51% ar astaíochtaí foriomlána gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030 agus muid a chur ar chosán chun bheith saor ó astaíochtaí tráth nach déanaí ná 2050, mar a ghealltar sa Chlár don Rialtas agus mar atá leagtha amach san Acht um Aeráid 2021.
Cuirfear Éire ar chosán níos inbhuanaithe; gearrfar astaíochtaí; cruthófar geilleagar agus sochaí níos glaine, níos glaise; agus muid a chosaint ó iarmhairtí uafásacha de bharr an athraithe aeráide. Is deis ollmhór é chun poist nua a chruthú agus gnóthaí a fhás i réimsí ar nós gaoth amach ón gcósta; talmhaíocht cheannródaíoch; agus iarfheistiú, chun ár dtithe a dhéanamh níos teo agus níos sábháilte.
Sa Phlean, liostaítear na gníomhartha a theastaíonn chun ár spriocanna aeráide a bhaint amach agus leagtar síos raonta táscacha de laghduithe astuithe do gach earnáil den gheilleagar. Déanfar é a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil, lena n-áirítear in 2022, chun ailíniú leis na buiséid charbóin uile-gheilleagair atá ceangailteach ó thaobh dlí agus leis na huasteorainneacha earnála a chinntiú.
Leis an bPlean seo, tá Éire ar cheann de na tíortha is uaillmhianaí ar domhan ó thaobh na haeráide de.