Baintear úsáid as OLCS na Roinne Oideachais chun scoileanna a chumasú chun
Tá lámhleabhar tagartha tapa an OLCS ar fáil ar Leathanach Lamairne OLCS faoin rogha “Cabhair”.
Ba chóir go mbeadh pearsanra leordhóthanach ag gach scoil le rochtain OLCS chun saoire agus éilimh a thaifeadadh agus a cheadú. Tá líon róil úsáideoirí éagsúla mar chuid den OLCS. Is féidir go mbeidh níos mó ná duine amháin i scoileanna a chuireann agus a cheadaíonn sonraí.
Sonraí a chur isteach | Chun na sonraí a chur isteach .i. sonraí a chur isteach maidir le neamhláithreachtaí ball foirne agus éilimh le haghaidh ionadaithe agus sonraí eile a chur isteach sa chóras. |
Ceadaitheoir Sonraí | Chun a chinntiú go bhfuil na sonraí curtha isteach mar is ceart ag an duine a chuireann na Sonraí isteach agus chun iad a cheadú de réir mar is gá. Ba chóir iarratais ar shocruithe Ceadaitheoir Sonraí a chur ar aghaidh chuig Rannóg an OLCS, An Roinn Oideachais, Cor na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí. Tá an fhoirm iarratais chun Ceadaitheoir a athrú ar fáil ar leathanach lamairne an OLCS faoi na cáipéisí "Íoslódáil". |
Riarthóir Áitiúil | Chun róil Iontrála Sonraí a athshannadh sa scoil agus chun pasfhocail Iontrála Sonraí a athshocrú. (Ní éilíonn an ról seo Aitheantas Úsáideora breise agus tá an ról sannta do ról an Cheadaitheora Shonraí). Tá sé riachtanach go dtugtar fógra i scríbhinn láithreach do Rannóg OLCS na Roinne má fhágann / má éiríonn aon úsáideoir OLCS as do scoil nó mura dteastaíonn rochtain ar OLCS a thuilleadh ionas go bhféadfaí a gcuntas a chur as feidhm. |
Dara Ceadaitheoir | Na héilimh maidir le neamhláithreachtaí an Cheadaitheora Sonraí a cheadú agus is féidir leo sonraí a chuir an duine Iontrála Sonraí isteach a cheadú freisin. |
Sannfar ID Úsáideora ar leith do gach úsáideoir OLCS ar chóir a choinneáil go cúramach agus gan é a nochtadh do dhuine ar bith. Níor chóir go n-iarrfá ar do ríomhaire do shonraí pasfhocail/slándála a choinneáil. Ba chóir comhairle a chur ar an duine Iontrála Sonraí agus an Ceadaitheoir Sonraí a bpasfhocail agus a gcuid faisnéise eile a choinneáil slán i gcónaí agus gan iad a nochtadh do bhaill foirne eile.
1.Lógáil isteach don Esinet agus, mura rinneadh cheana é, den do sheoladh rphoist a iontráil. Ní cóir go mbeadh rochtain ar an seoladh rphoist seo ach ag tú féin amháin.
2.Sábháil a cliceáil
De thoradh sin, déanfar do sheoladh rphoist a shábháil agus ceadóidh sé rochtain don leathanach ursaineach Esinet.
Sa chas go mbeadh 3 nó níos mó de thriallacha neamhchearta ar lógáil isteach déanta ag scoil, déanfar an cuntas a ghlasáil go huathoibríoch agus caithfear eochairchód nua a bhunú.
Chun d’eochairchód a athshocrú, ar mhiste na céimeanna a leanas a chur i bhfeidhm:
1.Comhlíon an scáileán ar a bhfuil na mionsonraí pearsanta.
2.Cliceáil spáráil chun athshocrú do chuntais a thionscnamh. Ansin cliceáil ok.
Taispeánfar an Leathanach Logála ansin.
1.Déanfar rphost i dteannta eochairchód nua a eisiúint chuig do sheoladh rphoist cláraithe. Is féidir go mbeadh cúpla nóiméad i gceist.
2.Déan d’eochairchód nua a fháil ar ais ó do chuntas rphoist.
3.Téigh ar ais don leathanach lógála isteach den Esinet. Déan d’Uimhir Aitheantas Phearsanta, an t-eochairchód agus an cheist phearsanta a iontráil.
4.Cliceáil ar lógáil isteach. Déanfar an scáileán um Athrú Eochairchóid a thaispeáint.
5.Déan d’eochairchód uathoibríoch a iontráil mar d’eochairchód cheana.
6.Déan eochairchód nua a bhunú (caithfear 8 litir ar a laghad mar aon le 1 uimhir a úsáid chuige) agus deimhnigh.
7.Cliceáil ar Athraigh an tEochairchód.
Sa chás nach mbeadh meaitseáil idir mionsonraí Pearsanta an úsáideora scoile agus iad san a cuireadh ar phár ag am an féinchláraithe, cuirfear cuntas an úsáideora faoi ghlas tar éis trí iarracht neamhchearta agus ní mór dul i gcomhairle leis an Roinn chun an cuntas a athshocrú.
Nuair a thagann athrú ar an iontráil mionsonraí de sheoladh rphoist nó d’eochairchód duine, déanfar rphost ar leith a ghiniúint go huathoibríoch don Aontaitheoir adeir “Tá athrú déanta anois ar iontráil sonraí an seoladh rphoist / an eochairchóid ar an OLCS”.
Ritheann gach eisiúint phárolla ar sceideal coicíse i riaráiste. Ba chóir gach éileamh neamhláithreachta agus ionadaíochta a iontráil agus a fhaomhadh faoi 5.30pm gach Aoine chun íocaíocht a chinntiú ar an gcéad eisiúint pá eile. D’fhéadfadh sé go mbeadh difríochtaí idir na socruithe timpeall na Nollag ach taispeánfar iad seo faoi Eolas Párolla ar Leathanach Lamairne an OLCS.
D'fhéadfadh neamhláithreachtaí agus éilimh nach gcuirtear isteach go tráthúil difear a dhéanamh don íocaíocht mar seo a leanas
Don bhall foirne atá as láthair:
Don Ionadaí:
Tá an áis ag an OLCS chun roinnt tuairiscí a ghiniúint atá úsáideach don Úsáideoir OLCS agus don bhall foirne scoile araon. Is féidir tuilleadh eolais ar na tuairiscí seo a fháil ón Lámhleabhar Tagartha an OLCS ar leathanach 21 agus 22.