Eolas folláine d’fhoireann scoile – bunscoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsíodh an Ráiteas Polasaí Folláine agus Creatlach Cleachtais den chéad uair in 2018 agus rinneadh é a athnuachan in 2019. Chuir sé sainmhíniú ar fáil ar an bhfolláine, chomh maith le struchtúr uileghabhálach a chuimsíonn an obair atá ar siúl i réimse na folláine san oideachas cheana féin, an obair atá ag dul ar aghaidh agus an obair atá i mbun forbartha. Iarrtar ar scoileanna díriú ar chur chun cinn na folláine mar sprioc ina bhFéinmheastóireacht Scoile (SSE). Ba cheart go gcuimseodh sin forbairt, cur i bhfeidhm agus athbhreithniú chur chun cinn na folláine ina scoileanna, rianú an tionchair san áireamh.
Smaointe, Mothúcháin, agus Iompraíocht a Normalú Treoir do Bhaill Foirne Scoile
Bunscoil
Strus agus Imní a Bhainistiú: Treoir do Bhaill Foirne Scoile
Bunscoil
Taomanna Scaoill Treoir do Bhaill Foirne Scoile
Bunscoil
Féinrialáil do Daltaí Treoir do bhaill foirne scoile
Bunscoil/lar bhunscoil
Iompraíocht ina Léirítear Freastal Drogallach agus Seachaint Scoile a Bhainistiú: Treoir Dhea¬Chleachtais do Bhunscoileanna
Bunscoil
Ag Fhreagairt do Strus Faisnéis do Bhaill Foirne Scoile
Bunscoil
Soláthraíonn an Chatalóg Acmhainní liosta neamhiomlán doiciméad agus acmhainní a sholáthraíonn an Roinn Oideachais (RO), a gníomhaireachtaí, a seirbhísí tacaíochta, Ranna Rialtais eile agus a ngníomhaireachtaí agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun cuidiú le cur chun cinn na folláine i measc na bpobal scoile.
Catalóg Acmhainní do Bhunscoileanna
Eolaire Folláine FGL do Bhunscoileanna
2022-2023
Bunaíodh an Lárionad Ceannaireachta Scoile (LCS) i mí Mheán Fómhair 2014 ar bhun comhpháirtíochta idir LPBÉ/CNPLP agus an Roinn Oideachais. Tá freagracht ar an LCS trasna chontanam forbartha na ceannaireachta ón oiliúint réamhcheaptha go dtí ionduchtú príomhoidí nuacheaptha go dtí an fhorbairt ghairmiúil leanúnach ar feadh ghairmréim an cheannaire nua. Tugann an Lárionad comhairle don Roinn maidir le beartas sa réimse sin.
Is scátheagraíocht i gcomhair an Ghréasáin Náisiúnta Ionad Múinteoirí/Oideachais (Tacaíocht) atá in Ionaid Tacaíochta Oideachais na hÉireann, ina gcuimsítear 21 Ionad Oideachais lánaimseartha agus 9 nIonad Oideachais pháirtaimseartha. Déanann sí ionadaíocht don Ghréasán ina iomláine, lena n-áirítear Bainistíocht, Stiúrthóirí agus Foireann.
Tugann Foireann Sláinte agus Folláine FSS tacaíocht do mhúinteoirí chun folláine, gníomhaíocht choirp agus beathú folláin sa scoil a chur chun cinn.
Ag Tacú le Folláine Leanaí ón Úcráin i do Scoil
Treoir do Bhunscoileanna