Tuarascáil an tSainchoiste Chomhairligh ar Tháillí Conraitheoirí, AD agus Nithe Eile i RTÉ
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar an 4 Iúil, 2023, i ndiaidh cinnidh Rialtais, d’fhógair an tAire Catherine Martin go gcoimisiúnófar iniúchadh neamhspleách ar RTÉ a bheadh comhdhéanta de dhá athbhreithniú chomhuaineacha ar leith:
• athbhreithniú ar Rialachas agus Cultúr arna dhéanamh ag Sainchoiste Comhairleach ar a mbeadh triúr comhaltaí; agus
• athbhreithniú ar Tháillí Conraitheoirí, Acmhainní Daonna agus Nithe Eile arna dhéanamh ag Sainchoiste Comhairleach ar a mbeadh triúr comhaltaí freisin.
Is é cuspóir an iniúchta ná muinín a thabhairt ar ais trí athbhreithniú leathan neamhspleách ar bhunchúiseanna na dteipeanna in RTÉ agus trí bhearta a mholadh chun nach dtarlóidh siad arís amach anseo.
San Athbhreithniú ar Tháillí Conraitheoirí, AD agus Nithe Eile, rinneadh iniúchadh ar an maoirseacht agus ar na meicníochtaí trína bhfostaíonn RTÉ conraitheoirí agus láithreoirí, ar úsáid conarthaí fostaíochta gearrthéarmacha agus ar théarmaí agus coinníollacha in RTÉ, agus rinneadh moltaí ar aon athchóiriú a bhí de dhíth. Tá Sainchoiste Comhairleach, comhdhéanta de Brendan McGinty (Cathaoirleach), Patricia King, agus Liam Kelly, ag déanamh maoirseacht ar an Athbhreithniú ar Tháillí Conraitheoirí, AD agus Nithe Eile. Breis eolais faoin Sainchoiste Comhairleach anseo .
Féach an tuarascáil thíos
Athbhreithniú Neamhspleách an Choiste Chomhairligh ar Tháillí Conraitheoirí, Acmhainní Daonna agus Cúrsaí Eile in RTÉ
Is iad téarmaí tagartha an athbhreithnithe seo ná:
i) Iniúchadh a dhéanamh ar an maoirseacht agus ar na meicníochtaí trína bhfostaíonn RTÉ láithreoirí agus conraitheoirí, lena n-áirítear táillí, úsáid gníomhairí, an tionchar ar na costais a iompraíonn RTÉ agus an rialachas ar na costais sin;
ii) Iniúchadh a dhéanamh ar cheisteanna a eascraíonn as úsáid conarthaí fostaíochta gearrthéarmacha ag gach leibhéal;
iii) Téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a iniúchadh le béim ar leith ar chomhionannas inscne, éagsúlacht agus ionchuimsiú; agus cibé an bhfuil tionchar ag aon cheann de na cleachtais earcaíochta agus AD atá ann cheana féin, go háirithe iad sin a leagtar amach thuas, ar chomhionannas agus deiseanna;
iv) Moltaí a dhéanamh don Aire maidir leis na nithe thuas.