Teimpléad le haghaidh Páipéir Ballóide i gcás vótálaithe atá dall nó ar a bhfuil lagú radhairc
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Beidh rogha ag vótálaithe atá dall nó faoi lagamharc vótáil go neamhspleách ag an toghchán Eorpach, ag an toghchán áitiúil agus ag toghchán Mhéara Luimnigh a bheidh ar siúl ar an 07 Meitheamh 2024. Beidh siad in ann é sin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as Teimpléad Páipéar Ballóide (TPB). Is féidir leo an teimpléad seo a úsáid chun a bpáipéar ballóide a mharcáil gan chúnamh más mian leo é sin a dhéanamh.
Is gaireas plaisteach trédhearcach é an TPB, a chuirtear anuas ar pháipéar ballóide agus ar a bhfuil roinnt gnéithe tadhlacha chun marcáil neamhspleách ar pháipéir ballóide a éascú i gcás vótálaithe atá dall nó ar a bhfuill lagú radhairc. Is éard atá sa teimpléad ná uimhriú ardaithe agus braille comhfhreagrach chun cabhrú leis an vótálaí na hoscailtí ar an teimpléad a aithint a chomhfhreagraíonn do bhoscaí tosaíochta na n-iarrthóirí ar an bpáipéar ballóide atá thíos faoi.
Oibríonn an TPB i gcomhar le huimhir Shaorghlao - 1800 a chuireann in iúl don éisteoir na hiarrthóirí a chomhfhreagraíonn leis na huimhreacha ar an TPB. Bunaithe ar an idirghníomhaíocht sin idir na gnéithe tadhlacha den TPB agus an t-eolas a thugtar ar an uimhir Shaorghlao, is féidir leis an vótálaí an páipéar ballóide a mharcáil lena dtosaíochtaí vótála (1, 2, 3, etc.). Ar an TPB freisin, tá flapaí a chomhfhreagraíonn do gach rogha vótála agus is féidir na flapaí sin a dhúnadh go daingean nuair a táthar tar éis rogha a dhéanamh. Nuair a bheidh an próiseas curtha i gcrích ag vótálaí, baintear an teimpléad den pháipéar ballóide agus cuirtear sa bhosca ballóide é sa ghnáthbhealach.
Beidh an uimhir Shaorghlao ar fáil do vótálaithe a bhfuil sé beartaithe acu an teimpléad a úsáid ag an toghchán áitiúil, ag an toghchán Eorpach nó ag toghchán Mhéara Luimnigh.
Beidh na huimhreacha Saorghlao ábhartha ar fáil ó na daoine seo a leanas an:
Beidh an uimhir Shaorghlao ar fáil suas go dtí agus lena n-áirítear an lá vótaíochta. Is féidir le vótálaithe éisteacht le liosta na n-iarrthóirí sa bhaile chomh minic agus is mian leo roimh an lá vótaíochta. Más mian leo, is féidir leo éisteacht leis freisin ar a bhfóin phóca ag an ionad vótaíochta.
Mura bhfuil uimhir shaorghlao d’udarás áitiúil le fáil anseo, déan teagmháil le d’údarás áitiúil.
Lá na vótála, beidh TPBanna ar fáil i ngach stáisiún vótaíochta ar leith. Má chuireann duine atá dall nó a bhfuil lagú radhairc orthu in iúl don Oifigeach Ceannais gur mhaith leo úsáid a bhaint as rogha an TPB, tabharfar a bpáipéir bhallóide dóibh leis an TPB iomchuí curtha leo cheana féin. Beidh an rogha fós ar fáil, áfach, cabhair a fháil ó chompánach nó ón Oifigeach Ceannais ag an stáisiún vótála i gcás vótálaithe atá dall nó a bhfuil lagú radhairc orthu, más fearr leo a vóta a chaitheamh ar an mbealach seo.
Rogha eile atá oscailte do vótálaithe leis an teicneolaíocht ábhartha um léamh scáileáin (m.sh. ar a gcuid fóin, táibléad nó ríomhairí glúine) is ea iad féin a chur ar an eolas faoi na hiarrthóirí trí rochtain a fháil ar an gcuid ábhartha ‘Fógra Vótaíochta’ nó ‘sonraí iarrthóra’ ar shuíomh gréasáin cuí. Is fógra reachtúil é Fógra Vótaíochta arna fhoilsiú ag oifigeach tuairisceáin a leagann amach sonraí na vótaíochta, lena n-áirítear liostú de na hiarrthóirí san ord ina ndéanfaidh siad liostaithe ar an bpáipéar ballóide.