An Roinn Oideachais, Ráiteas Straitéise 2023-2025
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ráiteas Straitéise 2023-2025
Tá córas oideachais ar ardchaighdeán, ina mothaíonn gach ball dár bpobail oideachais, lena n-áirítear ár leanaí agus ár ndaoine óga, a dteaghlaigh agus na baill foirne go léir a bhíonn i dteagmháil leo go bhfuil siad luachmhar agus go bhfuil tacaíocht á fáil acu, mar fhís againn. Nuair atáimid ag cabhrú le gach leanbh agus duine óg forbairt a dhéanamh agus barr a gcumais a bhaint amach, táimid ag cur le dul chun cinn sóisialta agus le forbairt eacnamaíochagus le haontú agus folláine na sochaí, ar sochaí í atá ionchuimsitheach agus inbhuanaithe.
Táimid tiomantado chur lenár n-iarrachtaí chun dul i ngleic le neamhionannas san oideachas, lena n-áirítear iad siúd a bhí faoi mhíbhuntáiste breise le linn phaindéim Covid-19 agus iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Tá ár gcur chuige maidir le feabhas a chur ar an gcóras oideachais faoi thionchar ag an saineolas, an taithí agus an díograis atá i bpobail scoile. Aithnímid an ról fíorthábhachtach atá ag scoileanna i saol ár leanaí agus ár ndaoine óga. Leanfaimid orainn ag tacú lenár bpobail scoile chun cur chuige iomlánaíoch a chothú i dtaca le hoideachas ár leanaí agus ár ndaoine óga i dtimpeallacht shábháilte, áit ar féidir leo a bheith cruthaitheach agus nuálach agus eispéireas foghlama atá dearfach a bhrath. Tacóimid le forbairt a dhéanamh ar thimpeallacht ina ndéantar barr feabhais agus gnóthachtáil de gach cineál a aithint agus a cheiliúradh, timpeallacht inar féidir le leanaí sult a bhaintas a gcuid foghlama agus ina dtugtar tacaíocht do gach ball dár bpobail scoile agus ina bhfoghlaimíonn siad óna chéile.
Tá dearbhú cáilíochta mar bhonn lenár gcuid oibre. Oibríonn Cigireacht na Roinne Oideachais chun feabhas a chur ar chaighdeán an teagaisc agus na foghlama do na leanaí agus do na daoine óga go léir i suíomhanna oideachais na hÉireann agus chun tacú le forbairt chóras oideachais na hÉireann.
Tá an t-oideachas mar bhunchloch na sochaí agus cuireann sé comhionannas sóisialta chun cinn. Tá an timpeallacht ina bhfeidhmíonn an t-oideachas casta. Tá cuid de na príomhthosca nach mór a chur san áireamh nuair atá treonna straitéiseacha don earnáil á gcur in iúl leagtha amach thíos.
An timpeallacht pholaitiúil
Leag an Rialtasamach mianta tábhachtacha sa Chlár Rialtais:Ár dTodhchaí Roinnte, ina ndéantar iarracht na dúshláin atá tagtha chun cinn i ndiaidh phaindéim Covid-19 agus de bharr na géarchéime aeráide agus bithéagsúlachta a shárú. Tugtar breac-chuntas sa Chlár ar an tiomantas maidir le córas oideachais a thógáil atá bunaithe ar na prionsabail a bhaineann le barr feabhais, ionchuimsitheacht agus inbhuanaitheacht agus an gealltanas maidir le sáriarracht leanúnach a dhéanamh barr feabhais a bhaint amach.
De bharr an chogaidh atá ar siúl go fóill san Úcráin agus breis imirce go hidirnáisiúnta bhí ar an gcóras oideachais freisin é féin a chur in oiriúint agus freagairt go héifeachtach. Tá an Roinn tiomanta do riachtanais na scoláirí go léir a shásamh, lena n-áirítear leanaí agus daoine óga imirceacha a tháinig anseo le gairid agus atá bunaithe anseo.
An Timpeallacht Eacnamaíoch
Mothaíodh an tionchar a bhí ag ionradh na Rúise ar an Úcráin i réimse na heacnamaíochta freisin agus dúshlán suntasach ag baint leis an mboilsciú in 2022 agus go luath in 2023. Cuidíonn an rath leanúnach atá ar gheilleagar na hÉireann go mór leis an Roinn chun oibriú i dtreo na físe atá aici don chóras oideachais.
Leanann an Roinn uirthi ag obair lena chinntiú go bhfuil fáil ag na scoláirí go léir ar an oideachas, iad siúd atá gan dídean nó atá ag cur fúthu in áiseanna sealadacha ina measc. Sampla amháin den tacaíocht nuacheaptha a rachaidh chun sochair do na pobail scoile go léir is ea an scéim nua a fógraíodh i mí an Mhárta 2023, chun deireadh a chur le costas leabhar scoile i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta.
Brúnna Déimeagrafacha atá ag Athrú
Mar atá léirithe inár Réamh-mheastacháin ar Rollú Lánaimseartha (2021), measadh go dtiocfadh méadú 8% ar rolluithe iar-bhunscoile sa ghearrthéarma agus go sroichfidís a mbuaicleibhéal in 2024 agus 408, 794 rollaithe. Ar leibhéal na bunscoile, réamh-mheastar go leanfaidh rolluithe ag titim agus go sroichfidh siad íosphointe in 2033. Mar gheall go bhfuil scoláirí ón Úcráin tagtha agus go bhfuil an imirceníos airde ná mar a bhí tuartha i ndiaidh Covid, tá na rolluithe ag an dá leibhéal níos airde ná na réamh-mheastacháin don scoilbhliain 2022/2023. Imí na Bealtaine 2023, bhí 15, 589 dalta ón Úcráin rollaithe i scoileanna ar fud na hÉireann agus táthar ag freastal ar 10, 105 díobh sin i mbunscoileanna agus ar 5, 484 in iar-bhunscoileanna. Beidh cothromaíocht a aimsiú idir an gá atá le freastal ar éilimh reatha agus pleanáil go cuí don todhchaí mar cheist thábhachtach don Roinn le linn shaolré na Straitéise seo.
An tionchar i ndiaidh Covid-19
Chuir Covid-19 isteach go mór ar ár gcóras oideachais. Ar cheann de na tionchair a bhí aige, bhí an tionchar ar fholláine leanaí agus daoine óga agus tá an roinn tiomanta do leanúint ar aghaidh ag soláthar réimse beart chun dul i ngleic leis sin. Agus muid ag bogadh chun cinn, tá an Roinn ag leanúint ar aghaidh ag baint tairbhe as an bhfoghlaim ón eispéireas a bhí aici ag freagairt don phaindéim, lena n-áirítear an cumas agus an tábhacht a bhaineann leis an teicneolaíocht dhigiteach san oideachas. Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag forbairt acmhainn dhigiteach agus scileanna digiteacha ár scoláirí agus phobail na scoileanna i gcoitinne.
Scileanna agus acmhainn
Tá scoláirí a ullmhú le bheith rannpháirteach mar shaoránaigh gníomhacha agus freastal ar riachtanais na todhchaí mar chuid lárnach de chóras oideachais atá ina eiseamláir idirnáisiúnta a sholáthar. Caithfidh ár gcóras oideachais na scileanna chun a bheith rathúil i sochaí ísealcharbóin agus dhigitithe a sholáthar agus ag an am céanna a chinntiú go gcuirtear cultúr nuálaíochta chun cinn.
Gníomhú ar son na hAeráide
Chun geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoin mbliain 2050, tá cur chuige Rialtais uile ríthábhachtach. Tacóimid leis na gealltanais i bPlean an Rialtais um Ghníomhú ar son na hAeráide, a chuidíonn le hearnáil na scoileanna spriocanna um ghníomhú ar son na haeráide do 2030 agus 2050 a bhaint amach, agus cuirfimid i gcrích iad.
Comhoibriú
Leanfaidh an Roinn de bheith ag obairleis na comhpháirtithe oideachais lena chinntiú go bhfuil an t-eolas agus na hacmhainní atá de dhíth orthu ag tuismitheoirí, caomhnóirí, príomhoidí, múinteoirí agus daoine eile atá ag obair inár scoileanna chun folláine agus foghlaim do leanaí agus do dhaoine óga a chur chun cinn agus tacú leo. Beidh an comhoibriú sin ar siúl sa chomhthéacs a bhaineann le straitéisí trasrialtais níos forleithne agus gealltanais idirnáisiúnta, lena n-áirítear, inter alia:
Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine
Is eol don Roinn Oideachais an ról lárnach atá aici maidir le cearta an duine oideachas a fháil a chur chun cinn, a chosaint agus a shuíomh. Tá an ceart chun oideachas a fháil luaite i roinnt coinbhinsiún idirnáisiúnta um chearta an duine ar páirtí iontu Éire, mar atá•
Tá ról lárnach ag misean na Roinne, is é sin leanaí agus daoine óga a éascú tríd an bhfoghlaim chun barr a gcumais a bhaint amach agus cur le forbairt shóisialta, eacnamaíoch agus chultúrtha na hÉireann, maidir lena chinntiú go gcomhlíonfaidh Éire a cuid oibleagáidí faoi na coinbhinsiúin sin. Cinntíonn sé freisin go n-aithníonn córas oideachais na hÉireann na cearta atá ag leanaí agus daoine óga oideachas a fháil, beag beann ar a gcuid cúinsí. Cuireann cur chun cinn an chomhionannais agus chearta anduine agus rochtain ar chóras cothrom a chinntiú, bonn faoinár misean agus spreagann sé ár gcuid oibre ó lá go lá.
Leanfaidh an Roinn ar aghaidh ag freastal ar láithreas na hÉireann os comhair chomhlachtaí monatóireachta conarthaí na Náisiún Aontaithe chun cuntas a thabhairt ar chur i bhfeidhm an chirt chun oideachas a fháil faoi na conarthaí sin.
Tá an Roinn tiomanta freisin do thimpeallacht oibre níos fearr a chruthú go leanúnach don fhoireann ina gcuirfear an rannpháirtíocht dhearfach, an chumarsáid oscailte, an chothroime, an comhionannas agus an meas chun cinn.
Agus sinn ag tabhairt faoinár misean, tá an Roinn ag obair don tréimhse 2023 go 2025 chun na Spriocanna Straitéiseacha seo a leanas a bhaint amach, ar spriocanna iad a léiríonn réimse leathan na ndúshlán atá le sárú laistigh de thimpeallacht dhinimiciúil an oideachais.
Sprioc
Sprioc 1. Soláthar oideachais ar ardchaighdeán a éascú agus an t-eispéireas oideachais a fheabhsú chun riachtanais na leanaí agus na ndaoine óga go léir a shásamh, i scoileanna agus i suíomhanna foghlama agus cúraim na luath-óige. Eispéireas foghlama a sholáthar do gach leanbh agus duine óg, ar eispéireas é a cheadaíonn dóibh barr a gcumais a bhaint amach agus forbairt a dhéanamh ar na scileanna agus ar an eolas atá de dhíth orthu chun a mbealach a dhéanamh i saol casta an lae inniu.
Sprioc 2
Cothromas deiseanna san oideachas a chinntiú agus go mbeadh tacaíocht á fáil ag na leanaí agus ag na daoine óga go léir chun barr a gcumais a bhaint amach. Córas oideachais a fhorbairt a fháiltíonn roimh gach leanbh agus duine óg agus a shásaíonn a riachtanais oideachais beag beann ar a gcúlra ná ar a gcumas.
Sprioc 3
In éineacht lenár gcomhpháirtithe, ceannaireachtstraitéiseach agus tacaíocht a thabhairt do sholáthar na gcóras agus an bhonneagair atá ceart don earnáilAg obair lenár ngníomhaireachtaí, cuirfidh an Roinn ceannaireacht straitéiseach ar fáil d’earnáil an oideachais, neartóidh sí na comhpháirtíochtaíatá ann cheana féin agus oibreoidh sí i gcomhar le páirtithe leasmhara san earnáil, státseirbhísagus seirbhís phoiblí na Éireann, an tAontas Eorpach agus fóraim idirnáisiúnta. Mar thoradh ar an gcomhoibriú sin, déanaimid oideachas ar ardchaighdeán a sholáthar do gach leanbh agus duine óg agus sinn ag tacú le soláthar réimse leathan de straitéisí trasrialtais ag an am céanna.
Sprioc 4
Barr Feabhais Eagraíochtúil agus Nuálaíocht
Agus sinn ag obair chun freastal go héifeachtach ar an bpobal agus ar a n-ionadaithe tofa, táimid tiomanta i gcónaí don nuálaíocht i gcomhar le comhlachtaí coimirce agus le páirtithe leasmhara chun cabhrú le leanaí agus ledaoine óga barr a gcumais a bhaint amach.
Féachfar lenár spriocanna straitéiseacha a sholáthar trí shraith de ghníomhaíochtaí straitéiseacha atá ag gabháil le gach sprioc. Foilseoidh an RoinnForbairt, plean bliantúil ina leagtar amach ár dtosaíochtaí ardleibhéil don bhliain. Ar an mbealach sin, cuirfimid dlús leis an dul chun cinn maidir le gach ceann dár spriocanna.
Foilsíonn an Roinn réimse de thuairiscí staitisticiúla ina soláthraítear forléargas ar earnálacha éagsúla an oideachais. Cuirtear sraith chuimsitheach de tháscairí oideachais don chóras oideachais in Éirinn i láthair sa tuarascáil bhliantúil Táscairí Oideachais d’Éirinntrí fhorléargas staitistiúil ar obair na Roinne Oideachais agus na ngníomhaireachtaí oideachais.
Sprioc 1: Soláthar oideachais ar ardchaighdeán a éascú agus an t-eispéireas oideachais a fheabhsú chun riachtanais na leanaí agus na ndaoine óga go léir a shásamh, i scoileanna agus i suíomhanna foghlama agus cúraim na luath-óig
1. Tacú le pobail scoile chun dul i ngleic le tionchar Covid-19, go háirithe i gcás na leanaí agus na ndaoine óga is mó atá i mbaol ó mhíbhuntáiste oideachais agus iad siúd a bhfuil fadhbanna folláine acu, le tacaíocht ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) agus trí thacaíocht ón gCigireacht atá bunaithe ar fhianaise.
2. Tógáil ar ghníomhaíochtaí leanúnacha chun tacú le soláthar múinteoirí agus oibrithe oideachais eile agus ag an am céanna na hoibrithe oideachais reatha a fhorbairt agus tacú leochun a n-inniúlachtaí a neartú trí fhoghlaim ghairmiúil.
3. Tacú lenár bpobail scoile maidir le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú, go háirithe sa chomhthéacs a bhaineann le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, an intleacht shaorga ina measc.
4. Forbairt a dhéanamh ar an gcuraclam agus ar an measúnú chun an t-eispéireas foghlama a neartú, lena n-áirítear soláthar curaclaim d'fhoghlaim agus cúram na luath-óige, curaclam na bunscoile agus na Sraithe Sóisearaí a leabú agus leasú ar an tSraith Shinsearach a chur chun cinn trí chomhairle, tacaíocht agus measúnú na Cigireachta.
5. Na príomhphointí aistrithe a bhainistiú chun an tacaíocht is fearr is féidir a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga agus iad ag aistriú ón mbunscoil chuig an iar-bhunscoil agus ón iar-bhunscoil chuig an mbreisoideachas agus oiliúint, chuig an ardoideachas agus chuig saol na hoibre.
6. Tacú le foghlaim na Gaeilge, lena n-áirítear feidhmiú an pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus forbairt a dhéanamh ar pholasaí don oideachas trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
7. Cuir chuige maidir le húsáid dearbhaithe cáilíochta a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt dóibh agus iad sin ag spreagadh ardchaighdeáin maidir le soláthar oideachais do leanaí agus do dhaoine óga, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, i scoileanna agus i suíomhanna foghlama agus cúraim na luath-óige. I measc na gcur chuige sin tá féinmheastóireacht scoile (FMS), rannpháirtíocht le measúnú seachtrach agus taighde, chomh maith le cleachtas machnamhach ag an leibhéal aonair agus ag an leibhéal comhoibríoch.
8. Na buntáistí a bhaineann le gníomhaíocht choirp inár scoileanna a chur chun cinn, lena n-áirítear trí churaclam an chorpoideachasagus trí pholasaithe ábhartha na Roinne agus polasaithe trasrialtais a fheidhmiú. Ag an am céanna, eispéireas foghlama na litearthachta coirp a neartú agus na huirlisí is gá chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht Sláinte agus Folláinechoirp a thabhairt dodhaoine óga chun tacú le sláinte, folláine agus gnóthachtáil oideachais.
Sprioc 2Cothromas deiseanna san oideachas a chinntiú agus go mbeadh tacaíocht á fáil ag na leanaí agus ag na daoine óga go léir chun barr a gcumais a bhaint amach
1. Tacú le meabhairshláinte agus le folláine leanaí agus daoine óga tríd an Ráiteas Polasaí Folláine agus Creat CleachtaisagusCineáltas:Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht, a chinntíonn, i measc riachtanais eile, go n-aithnítear tionchar Covid-19 ar leanaí agus ar dhaoine óga sna tacaíochtaí folláine.
2. Tacú le rannpháirtíocht agus le dul chun cinn leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, go háirithe an Roinn Oideachais ag obair i gcomhar leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) agus le FSS, ag comhoibriú maidir le sraith chomhtháite de thacaíochtaí oideachais a phleanáil, a dhearadh agus a sholáthar do scoileanna agus dá leanaí agus dá ndaoine óga.
3. Leanúint de bheith ag soláthar do chontanam oideachais a chlúdaíonn an réimse iomlán riachtanas ar fud ranganna príomhshrutha agus ar aghaidh chomh fada le socrúcháin níos speisialaithe i rang speisialta nó i scoil speisialta.
4. Cabhrú le leanaí agus le daoine óga atá i mbaol ó mhíbhuntáiste oideachasúil chun rochtain a fháil ar acmhainní oideachais oiriúnacha a léiríonn na riachtanais éagsúla atá acu, lena n-áirítear tacaíochtaí a chuireann Seirbhísí Tacaíochtaí Oideachais Tusla (TESS) ar fáil agus clár freagrúil cigireachta.
5. A chinntiú go bhfuil an polasaí i réimse an oideachaisspeisialta go hiomlán cothrom le dáta in ndiaidh an athbhreithnithe ar Acht EPSEN.
6. Tríd an gclár um Chomhionannas Deiseanna a Sholáthar i Scoileanna (DEIS) agus tacú le scoláirí atá i mbaol ó mhíbhuntáiste oideachasúil ar fud bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, an bhearna choinneála agus ghnóthachtála idir na scoileanna atá i gclár DEIS agus na scoileanna nach bhfuil i gclár DEIS a laghdú.
7. Leanúint de bheith ag soláthar rochtana ar oideachas ardchaighdeáin agus ionchuimsitheach do leanaí agus daoine óga atá ag teacht go hÉirinn, lena n-áirítear iad siúd atá ag teacht ón Úcráin agus trí phróisis um chosaint idirnáisiúnta.
8. Leanúint den phróiseas chun scoileanna a athchumrú chun cur leis an éagsúlacht agus an caidreamh idir scoileanna agus a bpobail áitiúla a neartú.
9. Rannpháirtíocht agus gníomhaíocht leanaí agus daoine óga sa chinnteoireacht, sa chigireacht agus sa mheasúnú maidir leis an gcóras oideachais a neartú, trí fhorbairt bhreise a dhéanamh ar straitéisí agus ar chleachtais chumarsáide agus rannpháirtíochta.
10. Tacú le teaghlaigh agus go háirithe iad siúd atá i mbaol ó bhochtaineacht leanaí, le tionscaimh maidir leis an gcostas maireachtála amhail an scéim nua chun leabhair scoile saor in aisce a sholáthar do leanaí i mbunscoileanna aitheanta agus iscoileanna speisialta agus pleananna chun an Clár um Béilí Scoile Teo a chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach i ngach bunscoil in Éirinn.
**Sprioc 3: In éineacht lenár gcomhpháirtithe, ceannaireachtstraitéiseach agus tacaíocht a thabhairt do sholáthar na gcóras agus an bhonneagair atá ceart don earnáil*
1. Tacú le clár forleathan bonneagair scoileanna a sholáthar ina gcuimsítear an dea-chleachtas i dtaca le bearta um ghníomhú ar son na haeráide agus a chinntíonn áit oiriúnach do na leanaí agus na daoine óga go léir.
2. A chinntiú go sásaíonn an Scéim Iompair Scoile na riachtanais atá ag leanaí agus daoine óga go héifeachtach, lena n-áirítear leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus a chuireann inbhuanaitheacht i gcúrsaí iompair chun cinn, lena n-áirítear spriocanna maidir le gníomhú ar son nahaeráide a bhaint amach.
3. Struchtúir oiriúnacha a fhorbairt agus acmhainn a thógáil chun na naisc idir taighde, polasaí agus cleachtas a fheabhsú, ag cinntiú go dtacaíonn sonraí iontaofa agus tráthúla le dearadh, feidhmiú agus measúnú polasaí oideachais, go bhfuil sé dírithe ar thorthaí agus go gcuireann an dea-chleachtas idirnáisiúnta bonn eolais faoi.
4. Seirbhísí comhroinnte agus córais faisnéise ar ardchaighdeán a fhorbairt agus a sholáthar don Roinn agus don earnáil.
5. Comhoibriú go dlúth le gníomhaireachtaí agus le comhlachtaí coimirce chun seirbhísí a ailíniú le cuspóirí straitéiseacha don chóras.
6. An caidreamh leis na príomh-chomhpháirtithe amhail leanaí agus daoine óga, tuismitheoirí, múinteoirí, comhlachtaí ionadaíochta agus bainistíochta agus grúpaí abhcóideachta a neartú agus a n-ionchur i bhforbairtí polasaí agus seirbhíse a éascú.
7. Oibriú i gcomhar le comhghleacaithe ar fud státseirbhís agus sheirbhís phoiblí na hÉireann, an AE agus fóraim idirnáisiúnta chun tacú le cur chuige Rialtais uile atá saoráideach maidir le seirbhísí oideachais in Éirinn.
Sprioc 4: Barr Feabhais Eagraíochtúil agus Nuálaíocht
1. Cleachtais éifeachtúla agus éifeachtacha atá dírithe ar an gcustaiméir agus a fhreastalaíonn ar an bpobal, ar an Rialtas agus ar an Oireachtas ar an mbealach is fearr is féidira sholáthar.
2. Úsáid a bhaint as dearadh córas, smaointeoireacht chruthaitheach agus cultúr nuálach chun feabhas a chur ar chaighdeán na seirbhísí a sholáthraímid agus an úsáid is mó is féidir a bhaint as an teicneolaíocht dhigiteach.
3. Leanúint ar aghaidh ag forbairt acmhainnna Roinne, ag cinntiú go bhfuil daoine againn leis na scileanna, an t-eolas, na huirlisí agus an trealamh chun ár misean a chur i gcrích.
4. Leanúint de bheith ag feabhsú ár gcumais maidir le pleanáil straitéiseach, lena n-áirítear faire na fáistine agus fadbhreathnaitheacht straitéiseach chun tacú le dearadh agus le soláthar chóras oideachais na todhchaí.
5. Leanúint ar aghaidh ag déanamh monatóireachtaar ár bhfeidhmíocht, aitheantas a thabhairt don rathúlacht nuair a bhaintear amach í, foghlaim nuair a d'fhéadfaí rudaí a fheabhsú agus a bheith tiomanta don fheabhsú leanúnach ar cháilíocht.
Comhlachtaí Neamhthráchtála faoi choimirce na Roinne ]
[external-link http://www.erc.ie/ | An Foras Taighde ar Oideachas (FTO)