Comhfhís: Beartas Meabhairshláinte do Chách
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Comhfhís: Beartas Meabhairshláinte do Chách ina bheartas meabhairshláinte náisiúnta uaillmhianach, ilghnéitheach na hÉireann chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí agus tacaíochtaí meabhairshláinte ar fud contanaim leathan ó chur chun cinn na meabhairshláinte go seachadadh speisialaithe meabhairshláinte le linn na tréimhse 2020-2030.
Comhfhís: Beartas Meabhairshláinte do Chách
Leagtar amach sa Phlean Forfheidhmithe um Chomhfhís 2022 – 2024, an chéad cheann de thrí phlean forfheidhmithe atá beartaithe, clár oibre chun na 100 moladh beartais a chur chun cinn go dtí deireadh 2024.
Beidh a sheachadadh á thiomáint ag fócas ar thorthaí agus tiomantas comhroinnte oibriú i gcomhpháirtíocht leis an bhfoireann, le húsáideoirí seirbhíse agus teaghlaigh, agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha go léir chun ár sprioc a bhaint amach maidir le seirbhís mheabhairshláinte nua-aimseartha agus fheabhsaithe a fhreastalaíonn ar riachtanais na ndaoine sin a dteastaíonn ár seirbhísí uathu.
Sharing the Vision Implementation Plan 2022 - 2024
A Vision for Change Evidence Review
Final Report of the Joint Committee on the Future of Mental Health Care
International Mental Health Patient reported outcome measures
[document 78510 ]#
Coiste Náisiúnta Feidhmithe agus Monatóireachta
Tá an Coiste Náisiúnta Feidhmithe agus Monatóireachta (NIMC) freagrach i dteannta a chéile as cur i bhfeidhm fadtéarmach Comhfhís, chomh maith le maoirseacht a dhéanamh air. Tá an NIMC comhdhéanta de Choiste Stiúrtha, faoi chathaoirleacht Catherine Brogan, Grúpa Forfheidhmithe FSS, an Grúpa Tagartha, agus Sainghrúpaí gaolmhara.