An Straitéis Náisiúnta um Aer Glan
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bunriachtanas le haghaidh ár gcáilíochta beatha is ea aer glan. Cé go bhfuil feabhsuithe suntasacha tagtha ar aercháilíocht in Éirinn le blianta móra anuas, bíonn aerthruailliú ag déanamh damáiste dár sláinte agus dár gcomhshaol araon fós. Teastaíonn gealltanas uile-Rialtais chun an cuspóir sin a bhaint amach toisc nach mbeifear in ann é a réadú ach amháin trínár n-iarrachtaí comhchoiteanna. Beidh dea-chomhthairbhí eacnamaíocha agus sochaíocha ag gabháil leis na hathruithe a theastaíonn. Áirítear leo sin aer níos glaine, tithe níos teo, sláinte níos fearr agus carbón níos ísle, de réir mar a aistrítear i dtreo geilleagar níos inbhuanaithe don fhadtéarma.
Is é an Straitéis um Aer Glan an creat beartais straitéiseach ardleibhéil a theastaíonn chun na bearta comhtháite a shainaithint agus a chur chun feidhme ar fud bheartais an rialtais, ar bearta iad a theastaíonn chun aerthruailliú a laghdú agus aer comhthimpeallach níos glaine a chur chun cinn, agus mórchuspóirí náisiúnta á gcomhlíonadh ag an am céanna. Tugtar breac-chuntas inti ar conas a dhéanfaimid cáilíocht an aeir a análaímid isteach a bhreisiú agus a chosaint agus conas a bhainfimid amach na tairbhí iomlána comhshaoil agus sláinte a ghabhann le haer níos glaine.
Is iad seo aidhmeanna na bpríomhchreataí straitéiseacha sin:
Tá foilsiú na Straitéise ag teacht sna sála ar phróiseas cuimsitheach comhairliúcháin phoiblí a cuireadh ar siúl sa bhliain 2022, agus cuireadh ar áireamh sa doiciméad deiridh roinnt moltaí a rinneadh in aighneachtaí a fuarthas le linn an chomhairliúcháin.
Cuirfear tús lom láithreach leis an Straitéis a chur chun feidhme, agus foilseofar tuarascálacha gach bliain ar an dul chun cinn ar an Straitéis a sholáthar.