Tabhair do d’aire go bhfuil an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí do Ghlao ar Aighneachtaí 2023 an Choiste Chomhairligh Náisiúnta um Scagadh (NSAC) istigh.
Ba mhaith leis an NSAC buíochas a ghabháil leo siúd a chuir an dua orthu féin aighneacht a dhéanamh agus cur le hobair thábhachtach an Choiste.
Tabharfar Clár Oibre NSAC cothrom le dáta maidir le Glao 2023 ar Aighneachtaí de réir mar a bhreithneoidh an Coiste na moltaí
D’fhógair an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Scagadh a thríú Glao ar Aighneachtaí an 16 Nollaig 2023.
Fáiltíodh roimh mholtaí maidir le cláir nua scagthástála daonra-bhunaithe nó maidir le hathruithe ar chlár scagthástála daonra-bhunaithe atá ann cheana féin. Fáiltíodh roimh mholtaí le haghaidh athruithe ar na 6 chlár scagthástála daonra-bhunaithe atá liostaithe thíos:
Ba é 5pm, Dé hAoine 1 Márta 2024 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí don Ghlao. Más mian leat fiosrú a dhéanamh faoi stádas d’aighneachta nó má tá aon cheist eile agat maidir leis an nGlao ar Aighneachtaí, seol ríomhphost chugainn : NSAC_Annual_Call@health.gov.ie
Rachaidh an Rúnaíocht i dteagmháil leis na hiarratasóirí ar leithligh maidir le stádas a n-aighneachta.
Tá stádas reatha na n-aighneachtaí a fuarthas trí na Glaonna roimhe seo in 2021 agus in 2022 ar fáil anseo.