Glao ar Mhaoiniú d'Íospartaigh na Coireachta 2024
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn Dlí agus Cirt ag lorg iarratais ar mhaoiniú ó eagraíochtaí nua agus reatha a thacaíonn le hÍospartaigh na Coireachta.
Cuireann an Roinn Dlí agus Cirt tacaíocht ar fáil gach bliain d'eagraíochtaí a oibríonn i réimse Íospartaigh na Coireachta ("VOC") lena n-áirítear tacaíocht, faisnéis agus comhairle a sholáthar maidir le cearta íospartach, tionlacan cúirte agus seirbhísí tacaíochta agus comhairle eile.
Faoi ghlao 2024 ar mhaoiniú, féadfar iarratais ó eagraíochtaí ábhartha a dhéanamh freisin chun
• Na hamanna feithimh do riachtanais tacaíochta íospartaigh na coireachta a laghdú agus línte cabhrach d'íospartaigh na coireachta a leathnú.
Tá iarratais ar mhaoiniú do 2024 á lorg ó eagraíochtaí nua agus reatha atá ag obair le hÍospartaigh na Coireachta.
Féadfaidh eagraíochtaí aonair, nó cuibhreannas a bhfuil dhá eagraíocht nó níos mó páirteach ann, iarratais a chur isteach i gcás gur eagraíocht phobail, fiontar sóisialta neamhbhrabúis, an príomhpháirtí.
Victims of Crime Funding Call 2024 Assessment Criteria and Compliance Framework
Ní mór Foirmeacha Iarratais Comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas tráth nach déanaí ná 5pm Dé Luain an 2 Deireadh Fómhair, 2023.