Scéim phíolótach Ioncam Bunúsach do na hEalaíona - Ceisteanna Coitianta
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
LÉIGH NA TREOIRLÍNTE SEO A LEANAS GO CÚRAMACH LE DO THOIL SULA GCOMHLÁNAÍONN TÚ AN FHOIRM IARRATAIS.
Ba cheart go mbeadh a fhios ag iarratasóirí gur scéim phíolótach taighde é an Scéim um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona, mar sin beidh ar rannpháirtithe sonraí a thabhairt go leanúnach mar chuid den scéim.
Seo a leanas liosta samplaí de na cineálacha ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon cruthaitheach atá incháilithe. Is ar mhaithe le samplaí a thabhairt atá an liosta seo agus ní liosta iomlán é de na healaíontóirí agus oibrithe atá incháilithe.
Foirm Ealaíne | Gairm/Cleachtas |
Amharc-ealaíona | Amharc-Ealaíontóir – gach meán, Coimeádaí Amharc-Ealaíon, Maisitheoir. |
Amharclannaíocht | Aisteoir, Stiúrthóir Ealaíne, Fuirseoir, Dearthóir Feisteas, Stiúrthóir, Dearthóir Gruaige, Leabhrógaí, Dearthóir/Innealtóir Soilse, Dearthóir Smididh, Ealaíontóir Míme, Dearthóir Seit, Dearthóir Stáitse, Dearthóir/Innealtóir Fuaime, Drámadóir, Dearthóir Teilgean, Dearthóir Prapa, Puipéadóir |
Litríocht | Scríbhneoir – Páistí/Aosaigh Óga, Úrscéalaí, Gearrscéalaí, File, Úrscéalaí, Maisitheoir |
Ceol | Cumadóir, Stiúrthóir, Amhránaí/Ceoltóir – gach seánra, Dearthóir/Innealtóir Soilse, Liriceoir, Dearthóir/Innealtóir Fuaime, Stiúrthóir Ceoil, Scríbhneoir |
Rince | Stiúrthóir Ealaíne, Córagrafaí, Rinceoir, Répétiteur |
Ceoldrámaíocht | Aisteoir, Stiúrthóir Ealaíne, Dearthóir Feisteas, Leabhrógaí, Innealtóir/Dearthóir Soilse, Liriceoir, Stiúrthóir, Amhránaí, Dearthóir/Innealtóir Fuaime, Dearthóir Stáitse, Répétiteur |
Scannánaíocht | Aisteoir, Beochantóir, Stiúrthóir Ealaíne, Cineamatagrafaí, Dearthóir Feisteas, Stiúrthóir, Eagarthóir, Scríbhneoir Scripte, Dearthóir Scannán, Scannánóir, Eagarthóir Scannán, Dearthóir/Innealtóir Soilse, Dearthóir Gruaige, Dearthóir smididh, Dearthóir Prapa, Dearthóir Léiriúcháin, Dearthóir/Innealtóir Fuaime, Dearthóir Seit, Dearthóir Éifeachtaí Speisialta, Ealaíontóir Radhairc, Dearthóir Radhairc, Ealaíontóir Guthaithe, Scríbhneoir |
Sorcas | Ealaíontóir Sorcais - traidisiúnta agus comhaimseartha araon, Gleacaí, Ealaíontóir Sráide agus Seó |
Ailtireacht | Ailtire |
Caithfidh gach iarratasóir a bheith:
Tugtar samplaí de dhaoine nach bhfuil incháilithe don Scéim sna Treoirlínte. Is ar mhaithe le samplaí a thabhairt atá an liosta seo agus ní liosta iomlán é de na healaíontóirí agus oibrithe nach bhfuil incháilithe.
Is éard is oibrí ealaíon cruthaitheach ann ná duine a bhfuil cleachtas cruthaitheach aige a gcuireann a saothar cruthaitheach ar bhealach tábhachtach le léiriú nó le taispeáint na n-ealaíon. Ciallaíonn “ealaíona” aon léiriú cruthaitheach nó léirmhínithe (cibé acu traidisiúnta nó comhaimseartha) i cibé foirm, agus cuimsíonn sé, go háirithe, na hamharc-ealaíona, an amharclannaíocht, an litríocht, an ceol, an rince, an ceoldrámaíocht, an scannánaíocht, an sorcas agus an ailtireacht, agus cuimsíonn sé aon mheán a úsáidtear chun na gcríoch sin”.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bunioncam uilíoch é bunioncam do na healaíona. Is idirghabháil earnála é seo chun tacú le healaíontóirí atá ag cleachtadh agus le hoibrithe sna healaíona cruthaitheacha díriú ar a gcleachtas cruthaitheach. Tá an polasaí seo ar leithligh ón mbunioncam uilíoch a leagtar amach sa Chlár Rialtais.
Tá an clár píolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona le haghaidh ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon atá ag cleachtadh a bhfuil a saothar cruthaitheach ann féin agus ní mór d’iarratasóirí a bheith in ann a léiriú go n-oibríonn siad i bhfoirm ealaíne agus go bhfuil cleachtas cruthaitheach acu san fhoirm ealaíne sin. Beidh incháilitheacht bunaithe ar an sainmhíniú ar na healaíona atá san Acht Ealaíon 2003;
ciallaíonn “ealaíona” aon léiriú cruthaitheach nó léirmhínithe (cibé acu traidisiúnta nó comhaimseartha) i cibé foirm, agus cuimsíonn sé, go háirithe, na hamharc-ealaíona, an amharclannaíocht, an litríocht, an ceol, an rince, an ceoldrámaíocht, an scannánaíocht, an sorcas agus an ailtireacht, agus cuimsíonn sé aon mheán a úsáidtear chun na gcríoch sin”.
Níl cead ag daoine cur isteach ar an Scéim atá i bhfostaíocht lánaimseartha ÍMAT le heagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ón gComhairle Ealaíon, eagraíochtaí tráchtála ealaíon nó eagraíochtaí ealaíon nó cultúrtha eile atá maoinithe ag an stát.
Is féidir leo siúd atá ag obair in earnálacha eile de bharr riachtanas eacnamaíoch agus atá in ann a chruthú go bhfuil cleachtas cruthaitheach acu iarratas a dhéanamh.
Is féidir, má tá oiliúint curtha i gcrích agat nó má tá printíseach nó céim bainte amach agat i do réimse agus mura bhfuil obair déanta agat go fóill i do réimse mar oibrí ealaíon cruthaitheach is féidir leat iarratas a dhéanamh faoi Iarratasóirí a cuireadh oiliúint orthu le déanaí.
Is éard is oibrí ealaíon cruthaitheach ann ná duine a bhfuil cleachtas cruthaitheach aige a gcuireann a saothar cruthaitheach ar bhealach tábhachtach le léiriú nó le taispeáint na n-ealaíon. Ciallaíonn “ealaíona” aon léiriú cruthaitheach nó léirmhínithe (cibé acu traidisiúnta nó comhaimseartha) i cibé foirm, agus cuimsíonn sé, go háirithe, na hamharc-ealaíona, an amharclannaíocht, an litríocht, an ceol, an rince, an ceoldrámaíocht, an scannánaíocht, an sorcas agus an ailtireacht, agus cuimsíonn sé aon mheán a úsáidtear chun na gcríoch sin”.
Ní mór d’iarratasóirí a cuireadh oiliúint orthu le déanaí fianaise tacaíochta a sholáthar go bhfuil oiliúint faighte acu ina bhfoirm(eacha) ealaíne roghnaithe, mar shampla trí fhianaise ar cháilíocht nó oiliúint a sholáthar. Tuigeann an Roinn go bhféadfadh go mbeadh ealaíontóirí agus oibrithe sna healaíona cruthaitheacha ann a bhfuil oiliúint ealaíon curtha i gcrích acu, lena n-áirítear printíseacht, ach nach bhfuil, b’fhéidir, i mbun léirithe ealaíne, obair ealaíon nó obair chruthaitheach go fóill.
Toisc gur clár taighde píolótach é seo, tá sé tábhachtach é a chur i bhfeidhm ar an sruth is fearr a léiríonn do chleachtas faoi láthair.
Tuigeann an Roinn go bhféadfadh go mbeadh ealaíontóirí agus oibrithe sna healaíona cruthaitheacha ann a bhfuil oiliúint ealaíon curtha i gcrích acu, lena n-áirítear printíseacht, ach nach bhfuil, b’fhéidir, i mbun léirithe ealaíne, obair ealaíon nó obair chruthaitheach go fóill.
Tá spéis ag an Roinn taighde sonrach a dhéanamh ar an éifeacht a bheadh ag íocaíocht Ioncam Bunúsach ar na daoine a fhaigheann é ó thús a ngairme. Tá sé mar aidhm ag an Scéim chomh maith leas a bhaint as infheistíocht i scileanna agus saineolas earnála a fhorbraítear tríd an oideachas laistigh den earnáil.
Ní féidir. Is do dhaoine aonair amháin an Scéim um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona.
Ba cheart. Is scéim phíolótach í seo agus ní mhaoineofar gach iarratasóir incháilithe.
Is ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon cruthaitheacha amháin atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar an Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona. Tá an clár píolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona le haghaidh ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon atá ag cleachtadh a bhfuil a saothar cruthaitheach ann féin agus ní mór d’iarratasóirí a bheith in ann a léiriú go n-oibríonn siad i bhfoirm ealaíne agus go bhfuil cleachtas cruthaitheach acu san fhoirm ealaíne sin.
Déanann sé seo idirdhealú idir oibrithe ealaíon cruthaitheach agus oibrithe tacaíochta eile, ar fearr a n-ionchur a chatagóiriú mar obair riaracháin, eagraíochta, slándála, fáilteachais agus mar sin de.
Tá an Roinn ag súil le líon mór iarratas agus ní bheidh sé indéanta maoiniú a sholáthar do gach iarratasóir incháilithe.
Beidh an próiseas roghnúcháin neamhiomaíoch. Nuair a shásaíonn iarratasóir na critéir incháilitheachta cuirfear san áireamh é i bpróiseas randamach roghnúcháin a chinnfidh na rannpháirtithe sa Scéim Phíolótach.
Ceadóidh maoiniú don scéim do thart ar 2,000 iarratasóir incháilithe páirt a ghlacadh sa scéim phíolótach.
Más ealaíontóir nó oibrí ealaíon cruthaitheach thú a bhfuil cleachtas cruthaitheach gníomhach agat agus gur féidir leat an riachtanas incháilitheachta a chomhlíonadh is féidir leat iarratas a dhéanamh. Níl aon teorainn aoise d’iarratasóirí. Mar sin féin, braithfidh tionchar an bhunioncaim do na healaíona ar íocaíochtaí cosanta sóisialta e.g. pinsin ar do chúinsí féin. Ioncam ináirithe a bheidh sna híocaíochtaí seo chun críocha íocaíochtaí cosanta sóisialta agus déileálfar leo mar thuilleamh ó fhéinfhostaíocht. Mar sin i gcás scéimeanna áirithe, cosúil le Liúntas Míchumais, cuirfear an t-ioncam san áireamh sa neamhaird ioncaim don scéim sin. Moltar go láidir d’iarratasóirí imscrúdú a dhéanamh ar a gcás cánach ar leith féin dá bhfaighidís íocaíocht.
Ba chóir dóibh siúd a fhaigheann íocaíocht leasa shóisialaigh a fhaigheann íocaíochtaí ón scéim phíolótach an t-athrú seo ina gcúinsí a chur in iúl don Roinn Coimirce Sóisialaí.
Tá an Roinn ag súil le líon mór iarratas agus ní bheidh sé indéanta maoiniú a sholáthar do gach iarratasóir incháilithe.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach íocaíocht leasa shóisialaigh í an scéim um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona, is íocaíocht deontais í agus is scéim phíolótach í chun taighde a dhéanamh ar an tionchar atá ag bunioncam ar na healaíona. Ba chóir dóibh siúd a fhaigheann íocaíocht leasa shóisialaigh a fhaigheann íocaíochtaí ón scéim phíolótach an t-athrú seo ina gcúinsí a chur in iúl don Roinn Coimirce Sóisialaí.
Is féidir linn a dheimhniú go ndéileálfar le híocaíocht faoin Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona mar mhaoin. Beidh cúrsaí cánach agus teidlíochtaí gach iarratasóra ar leith difriúil. Ioncam ináirithe a bheidh sna híocaíochtaí seo chun críocha íocaíochtaí cosanta sóisialta agus déileálfar leo mar thuilleamh ó fhéinfhostaíocht. Mar sin i gcás scéimeanna áirithe, cosúil le Liúntas Míchumais, cuirfear an t-ioncam san áireamh sa neamhaird ioncaim don scéim sin.
Moltar go láidir d’iarratasóirí imscrúdú a dhéanamh ar a gcás cánach ar leith féin má fhaigheann siad íocaíocht.
Ba chóir dóibh siúd a fhaigheann íocaíocht leasa shóisialaigh a fhaigheann íocaíochtaí ón scéim phíolótach an t-athrú seo ina gcúinsí a chur in iúl don Roinn Coimirce Sóisialaí.
Ba cheart. Toisc gur tionscadal taighde é seo moltar do gach iarratasóir incháilithe a bheith rannpháirteach sa chlár píolótach trí pháirt a ghlacadh mar chuid de ghrúpa cóimheasa don scéim mura maoineofar iad. Tabhair faoi deara le do thoil go n-iarrfar ar roinnt iarratasóirí incháilithe nár roghnaíodh chun an íocaíocht a fháil a bheith rannpháirteach i ngrúpa cóimheasa chun meastóireacht ar an scéim a éascú. Freagróidh rannpháirtithe an ghrúpa cóimheasa na hiarratais suirbhé agus sonraí céanna leo siúd a fhaigheann an íocaíocht. . Íocfar bunioncam coicíse le baill an ghrúpa cóimheasa le haghaidh gach ceann de na trí bliana den scéim phíolótach (i.e. coibhéiseach le sé seachtaine d’íocaíocht deontais na Scéime chun iad a chúiteamh as an am is gá chun gabháil leis an bpróiseas bailithe sonraí.
Go raibh maith agat as an spéis a chuir tú sa Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona agus as cé chomh tábhachtach agus a bheidh an scéim do d’earnáil a aithint. Déan iarratas le do thoil agus cuir in iúl nuair a iarrtar ort ar an bhfoirm iarratais gur mhian leat páirt a ghlacadh sa ghrúpa cóimheasa. Má roghnaítear thú mar fhaighteoir don íocaíocht beidh deis agat a rá nár mhaith leat an íocaíocht a fháil.
Próiseas Iarratais agus Roghnúcháin
Is féidir iarratais a dhéanamh tríd an nasc chuig an tairseach iarratais ar líne. Tá an tairseach agus an fhoirm iarratais ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge.
Osclófar an scéim d’iarratais ar 1 i.n. Dé Máirt, an 12 Aibreán agus glacfar le hiarratais go dtí 1 i.n. Déardaoin, an 12 Bealtaine.
NÍ GHLACFAR LE HIARRATAIS DHÉANACHA. NÍ GHLACFAR LE DRÉACHT-IARRATAIS.
Caithfidh seoladh gníomhach bailí ríomhphoist a bheith ag gach iarratasóir chun iarratas a dhéanamh.
Ní ghlacfar ach le hiarratais a dhéantar trí an Tairseach ar Líne.
Tá Treoir Úsáideora don tairseach iarratais ar fáil ag nasc an tairsigh.
Is iad seo a leanas na céimeanna a bheadh i gceist i bpróiseas den sórt sin:
An ndéanfar iarratais a mheas ó thaobh luacha / fiúntais?
Nuair a shásaíonn iarratasóir na critéir incháilitheachta cuirfear san áireamh é i bpróiseas randamach roghnúcháin a chinnfidh na rannpháirtithe sa Scéim Phíolótach.
Ní dhéanfar tástáil acmhainne ar iarratasóirí na Scéime seo. Cuirfear gach iarratas incháilithe san áireamh sa phróiseas randamach roghnúcháin. Ní bheidh teorainn leis an méid airgid gur féidir le duine a thuilleamh agus iad páirteach sa Scéim seo.
Beidh an próiseas roghnúcháin neamhiomaíoch. Nuair a shásaíonn iarratasóir na critéir incháilitheachta cuirfear san áireamh é i bpróiseas randamach roghnúcháin a chinnfidh na rannpháirtithe sa Scéim Phíolótach.
Ceadóidh maoiniú don scéim do thart ar 2,000 iarratasóir incháilithe páirt a ghlacadh sa scéim phíolótach.
Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara go bhfuil an tuairisciú a theastaíonn ó rannpháirtithe chun eolas a dhéanamh don ghné taighde den scéim. Ní bheidh íocaíocht ag brath ar chríochnú na hoibre nó na dtascanna ach ar sholáthar an tuairiscithe seo.
Iarrfar ar roinnt iarratasóirí incháilithe nach n-éiríonn leo a bheith rannpháirteach i ngrúpa cóimheasa chun meastóireacht ar an gclár píolótach a éascú. Freagróidh rannpháirtithe an ghrúpa cóimheasa na hiarratais suirbhé agus sonraí céanna leo siúd a fhaigheann an íocaíocht. Mar chuid den phróiseas iarratais iarrfar ar iarratasóirí an bhfuil siad toilteanach a bheith rannpháirteach sa ghrúpa cóimheasa. Íocfar bunioncam coicíse le baill an ghrúpa cóimheasa le haghaidh gach ceann de na trí bliana den scéim phíolótach (i.e. coibhéiseach le sé seachtaine d’íocaíocht deontais na Scéime) chun iad a chúiteamh as an am is gá chun gabháil leis an bpróiseas bailithe sonraí.
Dearadh an scéim sa chaoi is go mbeadh go leor fianaise cleachtais ag formhór na n-iarratasóirí chun iarratas a dhéanamh mar Ealaíontóir / Oibrí ealaíon cruthaitheach. Tuigeann an Roinn go bhféadfadh go mbeadh ealaíontóirí agus oibrithe sna healaíona cruthaitheacha ann a bhfuil oiliúint ealaíon curtha i gcrích acu, lena n-áirítear printíseacht, ach nach bhfuil, b’fhéidir, i mbun léirithe ealaíne, obair ealaíon nó obair chruthaitheach go fóill.
Iarrfar orthu siúd a dhéanann iarratas mar iarratasóirí ar cuireadh oiliúint orthu le déanaí a dhearbhú nach bhfuil dóthain fianaise acu chun iarratas a dhéanamh mar Ealaíontóir / Oibrí Ealaíon Cruthaitheach.
Toisc gur clár taighde píolótach é seo, tá sé tábhachtach cur itseach ar an sruth is fearr a léiríonn do chleachtas faoi láthair.
Má tá tú i dteideal Ioncam Bunúsach do na hEalaíona beidh ort dhá cheann de na riachtanais incháilitheachta seo a leanas a léiriú.
Moltar d’iarratasóirí an liosta seo a choinneáil leo (ar fáil sna Treoirlínte freisin) agus a n-iarratas á chomhlánú acu mar go bhfuil leaganacha giorraithe de na míreanna seo san Fhoirm Iarratais.
Ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon cruthaitheach Iarrtar ar iarratasóirí fianaise a thabhairt ar a n-incháilitheacht mar ealaíontóir nó oibrí ealaíon cruthaitheach trí dhá phíosa fianaise a uaslódáil. Tá trí chatagóir ann trína bhféadfadh iarratasóirí a n-incháilitheacht a léiriú agus ní mór d’iarratasóirí a bheith in ann dhá cheann díobh seo a leanas a léiriú:
**Fianaise ar bhallraíocht i gceann de na comhlachtaí ionadaíocha nó acmhainne seo a leanas
Níl cead agat ach CEANN AMHÁIN díobh seo a roghnú mar fhianaise.**
(Tabhair faoi deara nach riachtanas é seo, ní gá duit a bheith i do bhall de cheann de na heagraíochtaí seo, féach ar bhealaí eile chun d’incháilitheacht a léiriú thíos.
Cruthúnas ar ioncam as obair a rinne tú mar ealaíontóir nó oibrí ealaíon cruthaitheach le 5 bliana anuas
Fianaise ar / go raibh agat:
Cruthúnas ar rannpháirtíocht ghníomhach i d’fhoirm ealaíne/chleachtas cruthaitheach le 5 bliana anuas
Cruthúnas ar na rudaí seo a leanas:
Iarratasóirí a cuireadh oiliúint orthu le déanaí: Ní mór d’iarratasóirí a cuireadh oiliúint orthu le déanaí fianaise tacaíochta a sholáthar go bhfuil oiliúint faighte acu ina bhfoirm(eacha) ealaíne roghnaithe, mar shampla trí fhianaise ar cháilíocht nó oiliúint a sholáthar.
Má tá Foirm 11 á cur isteach ní mór di láimhdeachas a thaispeáint (gan íostairseach nó uastairseach) ó shaothar ealaíonta nó cruthaitheach faoi chás I nó II de Sceideal D. Caithfidh an doiciméad a uaslódálann tú a bheith curtha ar ais agus admhálaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim. Is féidir leat faisnéis eile ar Fhoirm 11 a leasú.
Roghnaíodh eagraíochtaí le hardriachtanais iontrála i.e. cruthúnas ar ghníomhaíocht sa chleachtas cruthaitheach. (Ní gá duit a bheith i do bhall de cheann de na heagraíochtaí seo, áfach, tá bealaí eile chun d’incháilitheacht a léiriú.
Baileofar agus déanfar anailís ar shonraí ó na faighteoirí agus ón ngrúpa cóimheasa le linn an scéim phíolótach chun tionchar an bhunioncaim ar ealaíontóirí agus oibrithe sna healaíona cruthaitheacha a mheas.
Beidh ar iarratasóirí a roghnófar (“faighteoirí”) páirt a ghlacadh i gclár píolótach taighde. Ba cheart d’iarratasóirí na nithe seo a leanas a thabhairt faoi deara:
o Sonraí agus am a chaitear ar ghníomhaíochtaí éagsúla lena n-áirítear cleachtas cruthaitheach, obair sna healaíona, obair in earnálacha eile forbairt ghairmiúil, am fóillíochta srl.
o Ioncam a thuilltear ó na healaíona agus ó earnálacha eile lena n-áirítear ioncam teaghlaigh;
o Sonraí déimeagrafacha e.g. aois, inscne, eitneachas, stádas míchumais, foirm ealaíne, suíomh geografach srl.;
o Táscairí folláine
D'fhéadfadh tréimhse fada go leor a bheith i gceist d'fhaighteoirí na Scéime um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona sula gcuirfear tús le híocaíochtaí a thabhairt. Toisc gur tionscadal píolótach taighde í an Scéim um Bhun-Ioncam do na hEalaíona ní mór céimeanna éagsúla , a chur i gcrích sula dtosófar ar na híocaíochtaí. Beidh tionchar ag líon na n-iarratas ar gach ceann de na céimeanna seo. Ina measc seo tá: