Ráiteas ón Aire Catherine Martin tar éis do RTÉ tuarascáil Grant Thornton a fhoilsiú
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fáiltím roimh fhoilsiú thuarascáil Grant Thornton ó RTÉ ar an nganniontráil a rinne RTÉ ar na táillí a íocadh leis an láithreoir Ryan Tubridy do na blianta 2017 go 2019.
Leagtar béim sa tuarascáil ar easnaimh bhreise sa rialachas agus teip ar rialuithe agus próisis inmheánacha chuí laistigh de RTÉ, rud is cúis mhór imní.
Labhair mé leis an gCathaoirleach agus leag mé béim ar an ngá atá le RTÉ gníomhú go práinneach chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin agus a chinntiú go gcuirtear próisis láidre i bhfeidhm gan mhoill. Tá sé seo riachtanach chun muinín a mbítear ag súil leis ó chraoltóir seirbhíse poiblí a athbhunú. Tá sé ríthábhachtach freisin go gcomhoibríonn RTÉ go hiomlán leis na Coistí Oireachtais atá ag scrúdú na gcúrsaí seo.
Tá an Cathaoirleach tiomanta do chlár athchóirithe laistigh de RTÉ agus ina theannta sin, leanfaidh na Coistí Comhairleacha Saineolaithe a bhunaigh mé an mhí seo caite lena gcuid oibre tábhachtaí. Cuirfear cóip de thuarascáil seo Grant Thornton ar fáil don Choiste Comhairleach Saineolaithe ar Rialachas agus Cultúr ionas gur féidir leo a torthaí a mheas mar chuid dá scrúdú ar na struchtúir rialachais agus cultúr níos leithne laistigh de RTÉ, agus moltaí a thabhairt chun a chinntiú go nglacfar le dea-chleachtas.
Cheap mo Roinnse Crowe Advisory Ireland freisin chun seirbhísí gairmiúla a sholáthar chun tacú le gach ceann de na Coistí Comhairleacha Saineolaithe. Leanann m’oifigigh de bheith ag tacú le hobair na gCoistí freisin.