An bhfuil tú buartha faoi leanbh? Imní a thuairisciú
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an fhreagracht ar gach duine leanaí a choinneáil slán ó mhí-úsáid agus ó fhaillí.
Má tá tú buartha faoi leanbh ach níl tú cinnte ar chóir duit é sin a thuairisciú do Tusla, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach duit teagmháil a dhéanamh le hobair shóisialta de chuid Tusla chun an cheist a phlé go neamhfhoirmiúil.
Má tá cúis imní agat a bhaineann le cosaint nó le leas linbh, ba chóir duit é sin a thuairisciú go foirmiúil do Tusla.
I gcás éigeandála, má dhealraíonn sé go bhfuil contúirt láithreach agus thromaí ann do leanbh nó do dhuine óg, téigh i dteagmháil leis an nGarda Síochána.
Sa mhír seo tá eolas faoi conas tuairisc a dhéanamh le Tusla mar Dhuine faoi Shainordú, nó mar dhuine aonair atá ag obair le leanaí agus le daoine óga, agus conas is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí, le daoine óga agus leis an bpobal i gcoitinne ábhar imní a thuairisciú.
Má tá imní ort, nó más mian leat ceist a phlé a bhaineann le cosaint agus leas linbh, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hoibrí sóisialta i do cheantar trí chliceáil anseo. (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).
Más Duine faoi Shainordú thú, tá sé de dhualgas ort tuairisc a dhéanamh má mheasann tú go réasúnta go ndearnadh mí-úsáid ar leanbh nó ar dhuine óg, nó go bhfuil mí-úsáid á déanamh orthu faoi láthair nó má chreideann tú go bhfuil siad i mbaol.
Tá tuilleadh eolais faoi conas tuairisc faoi shainordú a dhéanamh ar fáil anseo. (ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).
Ar an Tairseach Tusla ligtear do ghairmithe Foirmeacha Tuairisce ar Chosaint agus Leas Leanaí (Child Protection and Welfare Report Forms , CPWRF), mar aon le Foirmeacha Tuairisce ar Mhí-Úsáid Chúlghabhálach (Retrospective Abuse Report Forms, RARF) a chur isteach chuig Tusla ar líne ar bhealach slán.
Tá tuilleadh eolais faoin Tairseach Tusla ar fáil anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).
Má tá cabhair nó comhairle ag teastáil ó leanbh nó ó dhuine óg, is féidir leo dul i dteagmháil le Tusla trí úsáid a bhaint as an bhFoirm Theagmhála ar Changing Futures (Todhchaí a Athrú), suíomh gréasáin arna chruthú ag daoine óga do dhaoine óga.
Is féidir le leanaí agus le daoine óga teagmháil a dhéanamh le Tusla trí chuairt a thabhairt ar Changing Futures. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).