Mar aon le bheith ina stát is páirtí le Reacht Chomhdháil na Háige, is stát is páirtí í Éire freisin sna sé Choinbhinsiún seo a leanas a formhíníodh faoi scáth Chomhdháil na Háige:
Hague Convention on the Conflicts of Laws relating to the Form of Testamentary Dispositions done on 5 October 1961
Rinneadh foráil sa dlí maidir leis na dualgais ar ghlac an Stát leo de bhun Coinbhinsiúin 1961 i gCuid VII den Acht Comharbais, 1965. D'aontaigh Éire leis an gCoinbhinsiún an 3 Lúnasa 1967 agus tugadh feidhm dó i leith an Stáit an 2 Deireadh Fómhair 1967.
Hague Convention Abolishing the Requirement of Legalisation for Foreign Public Documents done on 5 October 1961
Síníodh an Coinbhinsiún thar ceann na hÉireann an 29 Deireadh Fómhair 1996. Rinneadh foráil sa dlí maidir leis na dualgais ar ghlac an Stát leo de bhun an Choinbhinsiúin le Rialacha na nUaschúirteanna Leasú Uimh. 3 - Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 1) (Cruthúnas ar Dhoiciméid Thaidhleoireachta, Chonsalachta agus Phoiblí Choigríche) 1999. Daingníodh é an 8 Eanáir 1999 agus tháinig feidhm leis sa Stát an 9 Márta 1999. Arna dhaingniú agus de bhun mír 1 d'Alt 6 den Choinbhinsiún, d'ainmnigh Éire Rannóg Consalachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha mar an t-údarás inniúil chun teastas ar a dtugtar an "apastaile" a eisiúint. Díobhadh an riachtanas a bhíodh ann maidir le doiciméid phoiblí choigríche áirithe a fhíorú i gcás na dtíortha seo a leanas: Éire, an Danmhairg, an Iodáil, an Fhrainc, an Bheilg, an Chipir agus an Laitvia agus é sin de bhun Coinbhinsiún lena gcuirtear deireadh leis an gCeangal Fíoraithe i gcás Doiciméad i mBallstáit na gComhphobal Eorpacha arna dhéanamh sa Bhruiséil an 25 Bealtaine 1987.
Hague Convention on the Service Abroad of Judicial and Extrajudicial Documents in Civil or Commercial Matters done on 15 November 1965
Síníodh an Coinbhinsiún thar ceann na hÉireann an 20 Deireadh Fómhair 1989. Rinneadh foráil sa dlí maidir leis na dualgais a ghlac an Stát leo de bhun an Choinbhinsiúin le Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 3) 1994. Daingníodh é an 5 Aibreán 1994 agus tugadh feidhm dó sa Stát an 4 Meitheamh 1994. Ainmníodh Máistir na hArd-Chúirte, (seoladh: Na Ceithre Chúirt, Cé na gCúirteanna, Baile Átha Cliath 7) mar an Údarás Lárnach i gcás na hÉireann faoi réir Alt 2 an Coinbhinsiúin agus, de bhun Alt 6, is é sin an t-údarás cuí chun teastais a chríochnú i gcló an mhúnla atá leis an gCoinbhinsiún. Rinne Éire na dearbhuithe agus na hagóidí seo a leanas arna dhaingniú:
Airteagal 3: "Is é an t-údarás nó an t-oifigeach breithiúnach inniúil faoi dhlíthe na hÉireann chun críche Alt 3 an Choinbhinsiúin ná an tÚdarás Lárnach, Aturnae cleachtais, Cláraitheoir Contae nó Cléireach Cúirte Dúiche.
Airteagal 15: "De bhun na dara míre d'Alt 15 féadfaidh Breitheamh in Éireann breith a thabhairt, fiú mura bhfuarthas aon teastas seirbheála nó seachadta, má tá na coinníollacha sin comhlíonta atá leagtha amach sa dara mhír d'Alt 15 an Choinbhinsiúin.”
Airteagal 10: De réir forálacha Alt 10 den Choinbhinsiún déanann Rialtas na hÉireann agóid faoi (i) an tsaoirse atá ag oifigigh bhreithiúnacha nó daoine inniúla de chuid an Stáit tionscnaimh faoi Alt 10(b) doiciméid breithiúnacha a sheirbheáil go díreach trí oifigigh bhreithiúnacha, oifigigh nó daoine inniúla eile agus (ii) an tsaoirse faoi Alt 10(c) atá ag aon duine ar spéis leis/léi imeacht breithiúnach doiciméid breithiúnacha a sheirbheáil go díreach in Éirinn trí oifigigh bhreithiúnacha, oifigigh nó daoine inniúla eile, ach níl sé d'aidhm aige seo cosc a chur ar aon duine i Stát Conartha ar spéis leis/léi imeacht breithiúnach (lena n-áirítear a d(h)líodóir) doiciméid breithiúnacha a sheirbheáil go díreach in Éirinn trí aturnae.”
Faoi mar bhí le tuiscint in Alt 11, rinneadh socruithe idir Bhallstáit an Chomhphobail Eorpaigh chun iarratais ar dhoiciméid a sheirbheáil go díreach chuig údaráis Lárnacha. Cuireadh Rialachán na Comhairle (CE) Uimh. 1393/2007 de 13 Samhain 2007 faoi dhoiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil i gcásanna sibhialta nó tráchtála, agus ar tugadh feidhm dó an 30 Nollaig 2007, in áit na socruithe a bhfuil foráil fúthu i gCoinbhinsiún na Háige 1965 i gcás Bhallstáit an Chomhphobail.
Hague Convention on the Civil Aspects of International Child Abduction done on 25 October 1980
Síníodh an Coinbhinsiún thar ceann na hÉireann an 23 Bealtaine 1990 agus tugadh feidhm dlí sa Stát d'fhorálacha an Achta um Fhuadach Leanaí agus Forghníomhú Orduithe Coimeádta,1991. Daingníodh é an 16 Iúil 1991 agus tháinig sé i bhfeidhm in Éirinn an 1 Deireadh Fómhair 1991. De bhun Alt 4 d'Acht 1991 tá sé de chumhacht ag an Aire Gnóthaí Eachtracha ordú a thabhairt ag dearbhú cé hiad Stáit chonartha an Choinbhinsiúin. De réir mír 1 d'Alt 6 an Choinbhinsiúin, ainmníodh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí mar Údarás Lárnach na hÉireann.
Hague Convention on Jurisdiction, Applicable Law, Recognition, Enforcement and Co-operation in respect of Parental Responsibility and Measures for the Protection of Children, done on 19 October 1996
Hague Convention on Protection of Children and Co-operation in Respect of Intercountry Adoption, done on 29 May 1993
Daingníodh an Coinbhinsiún an 28 Iúil 2010 agus tháinig sé i bhfeidhm in Éirinn an 1 Samhain 2010. Tugadh feidhm dlí i nDlí na hÉireann dó le hAlt 9 den Acht Uchtála 2010 ar cuireadh tús leis an 1 Samhain 2010. Is é an tÚdarás Uchtála (www.aai.gov.ie) an t-údarás inniúil náisiúnta chun críche an Choinbhinsiúin.
Hague Convention on Jurisdiction, Applicable Law, Recognition, Enforcement and Co-operation in respect of Parental Responsibility and Measures for the Protection of Children, done on 19 October 1996
Daingníodh an Coinbhinsiún in Éirinn an 30 Meán Fómhair 2010 agus tháinig sé i bhfeidhm in Éirinn an 1 Eanáir 2011. Tugadh feidhm dlí i nDlí na hÉireann dó le alt 2 den Acht um Chosaint Leanaí (Coinbhinsiún na Háige) 2000, ar cuireadh tús leis an 1 Eanáir 2011. Tá scóip leathan ag an gCoinbhinsiún, a chlúdaíonn raon leathan de bhearta cosanta sibhialta a bhaineann le leanaí, ó orduithe a bhaineann le freagracht tuismitheoirí agus teagmháil le bearta poiblí cosanta agus cúraim, agus ó ábhair a bhaineann le ionadaíocht go cosaint maoine leanaí.
Tá treoir chuimsitheach faoi fheidhmiú an Choinbhinsiúin agus rudaí a bhaineann leis le fáil i gComhdháil na Háige um an Dlí Príobháideach Idirnáisiúnta.
Tá roinnt tuarascálacha faoi Choinbhinsiúin na Háige curtha ar fáil ag Coimisiúin na hÉireann um Athchóiriú an Dlí agus is féidir iad a fháil mar aon lena thuarascálacha faoi Easaontachtaí Dlíthe a fháil ar a shuíomh gréasáin.